Ní sé i gceist aon spriocdháta a chur le geallúint an Rialtais go mbeidh Gaeilge ag 20% d’oibrithe nua na státseirbhís

Deirtear i gceannteidil an Bhille Teanga a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go gcinnteofaí go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí, ach níl sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta go luafaí aon spriocdháta leis an aidhm sin, mar atá á éileamh ag Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí an fhreasúra

Ní sé i gceist aon spriocdháta a chur le geallúint an Rialtais go mbeidh Gaeilge ag 20% d’oibrithe nua na státseirbhís

Thug Stiúrthóir na Gaeilge Roinn na Gaeltachta le fios i dTithe an Oireachtais tráthnóna inné nach bhfuil sé i gceist spriocdháta a chur leis an moladh sa reachtaíocht teanga nua go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí.

Deirtear i gceannteidil an Bhille Teanga a bhfuil faoi leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla go gcinnteofaí go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí amach anseo.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn cheana gur “teip eile” a bheidh san iarracht is déanaí cur le líon na ndaoine a bhfuil Gaeilge acu sa státchóras mura gcuirtear spriocdháta leis an moladh maidir le 20% d’earcaigh nua.

Ag labhairt dó ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán a bhí ar siúl tráthnóna inné, dúirt Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge i Roinn na Gaeltachta, gur “próiseas fadthréimhseach” a bheadh ann an sprioc 20% a bhaint amach, sprioc ar thug sé “aidhm ginearálta” agus “overarching aim” uirthi.

Thug Stiúrthóir na Gaeilge Roinn na Gaeltachta le fios chomh maith nach gcuirfí spriocdháta leis an moladh i dtaobh an 20%. Dúirt sé go dtiocfaidh an aidhm i bhfeidhm a luaithe is a achtaítear an bille nua agus go mbunódh Aire na Gaeltachta coiste ansin a chuirfeadh comhairle ar ranna stáit agus eagrais phoiblí maidir leis na riachtanais a bheadh ann ó thaobh daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú.

Cur chuige nua a bheadh ansin, a dúirt Mac Cormaic, a d’fhágfadh  go mbeadh Roinn na Gaeltachta “den chéad uair” i “lár an phróisis” maidir le daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú.  Dúirt sé gur “aineolas” ar na riachtanais a bhaineann le daoine a bhfuil Gaeilge acu a earcú ba chúis cuid mhaith le fadhb na hearcaíochta ach go bhféadfadh an coiste nua dul i ngleic le go leor den aineolas sin.

Dúirt Mac Cormaic, áfach, nach bhféadfaí spriocdháta a chur leis an moladh go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa státseirbhís ina nGaeilgeoirí mar nach raibh “smacht” ag an Roinn “ar líon na ndaoine le Gaeilge” a chuirfeadh isteach ar phoist sa státseirbhís. D’fhéadfaí, a dúirt sé, daoine a “spreagadh chun déanamh amhlaidh” agus an córas atá faoi láthair “a leasú”, ach chaithfí chomh maith reachtaíocht a thabhairt isteach a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm.

Dúirt urlabhraí Shinn Féin Peadar Tóibín go raibh an chuma ar an scéal gur “féin-rialú” a bheidh ar bun sa státseirbhís maidir le hearcú Gaeilgeoirí cheal spriocdháta agus dúirt sé gur ar éigean a ghlacfadh “an Coiste ná an tOireachtas” le reachtaíocht dá leithéid.

Maidir leis an gcoiste comhairleach atá molta chun tabhairt faoi chás na Gaeilge sa chóras earcaíochta, dúirt Tóibín go raibh an Ghaeilge “tinn” cheana féin toisc an “an iomarca comhairle” a bheith á fáil aici.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Catherine Connolly, nárbh údar dóchais ar bith é nach raibh sé i gceist spriocdháta a chur sa dréachtreachtaíocht maidir leis an sprioc go mbeadh 20% d’earcaigh nua ina nGaeilgeoirí.

“Níl spriocam i gceist agus sin bun agus barr an scéil,” a dúirt Connolly.

Dúirt sí nach raibh “fianaise ar bith ann go dtuigeann an Roinn go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge de”.

Dúirt Aodhán Mac Cormaic, go rabhthas “an-dóchasach” go bhfoilseofaí an Bille Teanga nua roimh shos an tsamhraidh.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn an mhí seo caite gur gá go mbeadh spriocbhliain luaite sa reachtaíocht féin leis an bplean sin agus mhol sé gurbh í an sprioc a bheadh ann ná go mbainfí an 20% amach faoi 2020.

“Teip a bhí ag gach Rialtas ó na 1970í ar aghaidh, nuair a athraíodh rialacha earcaíochta na hearnála poiblí, maidir le cinntiú go mbeadh seirbhís shásúil as Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ligeadh síos muid thar na blianta agus le muinín an phobail a chinntiú don Acht leasaithe is gá, in ár dtuairim, spriocbhliain a lua leis an gceannteideal seo,” a dúirt Julian de Spáinn.

As an 18,775 post státseirbhíse a bhí ag 15 roinn Rialtais ag deireadh na bliana seo caite, ní raibh ach 15 post aitheanta mar phoist a raibh líofacht sa Ghaeilge ag teastáil lena n-aghaidh.

Agus nach mór dhá bhliain caite ó tugadh treoir do gach Roinn na poist a mbeadh daoine le Gaeilge ag teastáil iontu a liostú, ní raibh ach 0.08% de na poist i 15 Roinn aitheanta mar phoist do dhaoine a raibh líofacht sa Ghaeilge acu.  D’fhág sé sin gur leor Béarla do 99.92% de na poist.

Léirigh taighde a d’fhoilsigh an Coimisinéir Teanga níos túisce i mbliana nach raibh “socruithe cinnte d’earcú comhaltaí foirne le Gaeilge” luaite ach i gcás 7.5% de na scéimeanna teanga a aontaíodh le linn na mblianta 2015 agus 2016.

Tá molta ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go dtabharfaí córas isteach a chinnteodh “go mbíonn íoschéatadán foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sna ranna stáit ar fad agus sna heagraíochtaí stáit is mó a mbíonn plé acu leis an bpobal”. Ba cheart an measúnú a dhéantar ar inniúlacht sa Ghaeilge a bheith bunaithe ar leithéid Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha, dar leis.

Molann sé freisin go dtabharfaí córas monatóireachta neamhspleách isteach chun a chinntiú go mbeadh an córas nua ag obair agus go gcuirfí tuairisc maidir le feidhmiú an chórais faoi bhráid Thithe an Oireachtais uair sa bhliain.

Fág freagra ar 'Ní sé i gceist aon spriocdháta a chur le geallúint an Rialtais go mbeidh Gaeilge ag 20% d’oibrithe nua na státseirbhís'

  • Mánus

    Nï mór díriù ar rudaí mar seo nuair a thagann an MP ón Anglophone Assembly of Ireland a bhaineann le hOurselves nó le Soldiers of Destiny nach bhfuil Gaeilge aige / aici ag an doras agus do vóta a lorg Acu.

  • Máiread

    Gan spriocdhada ní bheidh tada deanta.

  • Seán Mac Gearailt

    Fiú le spriocdháta ní dhéanfar mórán. Béal ghrá arís.