Leo Varadkar agus an Ghaeilge – na boiscíní ticeáilte ach sin an méid

Agus é ina Thaoiseach léirigh Leo Varadkar tuiscint ar thábhacht shiombalach na Gaeilge, ach cén oidhreacht a bheidh aige ó thaobh na teanga?

Leo Varadkar agus an Ghaeilge – na boiscíní ticeáilte ach sin an méid

Ar an 17 Bealtaine 2017, an lá ar fhógair Enda Kenny go raibh sé ag éirí as oifig an Taoisigh, dhein Leo Varadkar scrúdú cainte Gaeilge mar chuid de chúrsa a bhí á dhéanamh aige le Gaelchultúr.

Nuair a bhí sé ina pholaiteoir óg, patuar go maith a bhí Varadkar faoin nGaeilge an lá is fearr a bhí sé.

Bhíodh sé ag trácht ar airgead a bheith á chur amú ar reachtaíocht teanga, mar shampla. Go deimhin, níor thug sé aon óráid shubstaintiúil faoin nGaeilge sa Dáil le linn a chéad deich mbliana ann.

Ach ar feadh cúpla bliain roimh éirí as do Kenny, chonacthas maolú beag ag teacht de réir a chéile ar dhearcadh Varadkar i leith chéad teanga oifigiúil an stáit.

Nuair a bhí sé ina aire iompair d’ordaigh sé don Údarás um Bóithre Náisiúnta comharthaí nua a chur in airde a mbeadh an stádas céanna ag an nGaeilge agus an Béarla orthu. Nuair a deineadh aire coimirce sóisialaí de in 2016, ba é an t-aon aire a shínigh i nGaeilge Clár na nAirí i dTithe an Oireachtais.

An léamh a bhí ag lucht magaidh Ar Son na Cúise ar an athrú poirt seo ná go raibh ‘Varadkar ‘tagtha amach’ mar dhuine ‘a bhfuil dúil aige sa Ghaeilge’.

B’fhéidir gurbh fhíor nach raibh ann ach gothaí Gaelacha an pholaiteora uaillmhianaigh a ghéilleann don tuiscint go mbíonn buntáiste siombalach ag an ábhar Taoisigh a bhfuil an cúpla focal aige, ach ba léir go raibh a phort athraithe ag Varadkar.

Le linn thoghchán na ceannaireachta i bhFine Gael in 2017, chuir sé cáipéis polasaí amach ina raibh mír faoin nGaeilge.

Gheall sé dá mbeadh sé ina Thaoiseach go dtabharfadh sé faoi líon na gcainteoirí Gaeilge sa tír a mhéadú. Chinnteodh sé chomh maith “go mbeadh an teanga le feiceáil agus le cluinstin ar fud na tíre”.

Bhí geallúint amháin eile ann a tharraingeodh d’aird.

Leo Varadkar an t-aon Aire a shínigh Clár na nAirí i nGaeilge

“Má thoghtar mise i mo Thaoiseach beidh mé ag úsáid na Gaeilge go laethúil i mo chuid oibre,” arsa Varadkar.

Trí seachtaine ina dhiaidh sin, ar an 14 Meitheamh 2017, toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach, an duine ab óige riamh sa phost sin. Bhí béim mhór aige ar an nGaeilge ina chéad óráid mar Thaoiseach sa Dáil.

Má gheall sé go mbainfeadh sé úsáid gach lá as an nGaeilge dá dtoghfaí ina Thaoiseach é, bhí beart de réir a bhriathair déanta aige ar a chéad lá.

Dúirt sé go raibh iarracht mhór á déanamh aige an Ghaeilge a fhoghlaim agus go raibh súil aige go spreagfadh a chuid iarrachtaí féin “níos mó daoine” chun Gaeilge a labhairt.

Údar uchtaigh do lucht na teanga a bhí anseo gan aon agó, ach an té a bhí géarchúiseach ní raibh sé ag rith le brothall ar fad.

D’fhógair an Taoiseach nua sa Dáil gurbh í an Roinn Cultúir a thabharfaí feasta ar an roinn a mbeadh cúram na Gaeltachta uirthi.

Ba é seo an chéad uair nach mbeadh ‘an Ghaeltacht’ luaite i dteideal aon roinn rialtais ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956.

Chomh maith leis sin, in ainneoin a chuid cainte go léir, níor thapaigh an Taoiseach nua an deis is mó a bhí aige teachtaireacht tacaíochta shoiléir a thabhairt don teanga trí bhriseadh leis an nós nua gur ar aire stáit nár ghá Gaeilge a bheith aige a leagtaí príomhchúram na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Cén Ghaeilge atá ar Varadkar? Tá a leagan féin cumtha ag an Taoiseach…

Cuireadh ina luí ar Varadkar a intinn a athrú faoi ainm na roinne, ach b’éachtaint luath í ar mheon a d’éireodh níos láidre ina dhiaidh sin, an tuiscint nach raibh sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht dáiríre ach comhábhar eile le beagáinín blas a chur i stobhach an chultúir náisiúnta.

I bhfómhar na bliana 2017 bronnadh a theastas Gaeilge ar Leo Varadkar as an gcúrsa Gaeilge a dhein sé sular ceapadh ina Thaoiseach é.

Dúirt Éamonn Ó Dónaill, stiúrthóir Oideachais Gaelchultúr ag an am, gur chaith Varadkar ‘an-dua’ leis an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil. ‘Ní cur i gcéill a bhí i gceist – bhí sé an-dáiríre faoin chúrsa,’ a dúirt sé.

Bhí amhras ag teacht ar dhaoine, áfach, an raibh aon pholasaí dáiríre ag an Taoiseach ó thaobh na Gaeilge, seachas na gnáthghothaí Gaelacha gan aon chur leo.

I mí na Nollag, agus sé mhí caite ina Thaoiseach aige, phreab Varadkar aníos ag Pop-Up Gaeltacht an lá céanna gur cheap sé duine eile nach raibh aon Ghaeilge aige ina aire sinsearach sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Chuir Varadkar fáilte mhór roimh Bhliain na Gaeilge 2018, ceiliúradh bliana leamh lán plámáis ar an 125 bliain a bhí caite ‘ó thús na hathbheochana’.

I bhfianaise staid na teanga ‘Bliain na hÉigeandála’ seachas ‘Bliain na Gaeilge’ a theastaigh, dar le tráchtaire amháin.

Faraor, faoin tráth sin, níor dheacair cás a dhéanamh go raibh an eilifint bhán ‘Bliain na Gaeilge’ ina léiriú maith ar chur chuige Varadkar féin i leith na teanga. Seachas moladh go smaoineofaí ar ainm Gaeilge a thabhairt ar ospidéal nua na leanaí, is ar éigean go raibh aon ní le rá ag Varadkar faoin teanga le linn na tréimhse seo.

Faoi 2020, ba léir nach raibh an mealladh céanna ag baint leis an nGaeilge do Varadkar is a bhí nuair a bhuail splanc an ghrá an chéad uair é tamall de bhlianta roimhe sin. Le linn fheachtas olltoghcháin 2020, cuireadh ceist air cérbh iad na teangacha a bhí aige. ‘English’, un petit peu Français agus Deutsch na scoile, ar sé.

In 2021 dúirt sé cúpla babhta go gcaithfí machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú mar chuid d’aon iarracht Éire a athaontú, ach seachas sin ba bheag a bhí le rá aige faoi chás na teanga.

Ar an bpaindéim ba mhó a bhí aird an rialtais sa chuid dheireanach dá chéad théarma mar Thaoiseach. Thug sin deis dó cuma an státaire a chur air féin sna hóráidí móra a thugadh sé ar mhaithe leis an bpobal a chur ar an eolas faoi na rialacha is déanaí agus iad a spreagadh chun cloí leo. Is ar éigean gur labhair sé aon fhocal Gaeilge sna hóráidí tábhachtacha céanna.

Sa dara téarma aige mar Thaoiseach, is baolach nár éirigh le Varadkar athmhúscailt a dhéanamh ar pé dóchas a bhíodh ag eagraíochtaí teanga lá den saol go ndéanfadh sé gaisce mór ar son na teanga.

Anuraidh d’fhiafraigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív de an mbunódh sé fochoiste comh-aireachta le plé le cás na teanga agus lena chinntiú go bhfaigheadh lucht a labhartha cothrom na Féinne.

Dúirt Varadkar gur gnách go mbíonn fochoistí comh-aireachta ag plé le nithe tras-rialtais seachas le cúram a bheadh ar fho-rannóg de Roinn amháin.

Ní mó ná sásta a bhí an t-iar-aire Gaeltachta leis an bhfreagra sin.

“Sin dearcadh atá á fheiceáil níos minice agus níos minice againn – sin faraor an méid atá sa Ghaeilge, rud le cur isteach i mboiscín atá le ticeáil nuair atá cúpla rud fánach déanta di agus cúpla pingin fhánach caite uirthi.”

Arb in le fírinne an méid a shamhlaigh Leo Varadkar leis an nGaeilge fad is a bhí sé ina Thaoiseach?

Bíodh na boiscíní ticeáilte, ach ní fiú aon ghníomh mór a dhéanamh ó thaobh polasaí nó maoinithe.

Sa cháipéis a chuir sé amach i mBealtaine 2017, roinnt seachtainí sular toghadh ina Thaoiseach den chéad uair é, dhein sé cúpla geallúint shoiléir.

Dúirt sé go gcuirfeadh sé le líon na gcainteoirí Gaeilge sa stát, ach a mhalairt a tharla. Gheall sé go mbeadh polasaí ‘réamhghníomhach’ aige maidir le bunú scoileanna lán-Ghaeilge, ach ag dul i laghad atá céatadán na ndaltaí a fhaigheann oideachas lán-Ghaeilge. Gheall sé chomh maith go dtabharfadh sé isteach reachtaíocht nua chun cosaint a thabhairt do chearta teanga. Tharla sin faoi dheireadh, ach ní le linn dó féin a bheith ina Thaoiseach é.

Agus cad faoin maíomh go mbainfeadh sé leas as an nGaeilge gach lá ina chuid oibre?

De réir taighde a dhein Tuairisc ar thaifead oifigiúil na Dála ag tús na bliana seo caite, bhí sé ar an gcúigiú Teachta Dála is mó a labhair Gaeilge. Ba leor, áfach, 813 focal Gaeilge chun an gradam sin a thuilleamh.

Dé Céadaoin seo caite ní raibh oiread is focal Gaeilge amháin aige san óráid inar fhógair sé go raibh sé ag éirí as. B’údar bróid ar leith dó, a dúirt sé, gur éirigh leis an maoiniú do chúrsaí cultúir a dhúbailt, ach níor dhein sé aon tagairt don Ghaeilge ná don Ghaeltacht.

Simon Harris, de réir cosúlachta a thiocfaidh i gcomharbacht ar Leo Varadkar in oifig an Taoisigh. Ó toghadh ina Theachta Dála é in 2011, níl spéis dá laghad léirithe ag Harris i gcás na Gaeilge ná na Gaeltachta agus is fada an cháil air as a bheith doicheallach, nó naimhdeach fiú, faoin teanga.

In 2022 dúirt sé go raibh tús á chur aige le ranganna Gaeilge.

Fág freagra ar 'Leo Varadkar agus an Ghaeilge – na boiscíní ticeáilte ach sin an méid'

  • Siob

    An-phíosa go deo.

  • JP

    Ara ní bheifeá ag súil lena mhalairt ó Fhine Gael. Seoiníní ‘galánta’ a mbíodh/a mbíonn de nós acu fuaim an Bhéarla a bhualadh anuas ar chéad fhocal a bpáirtí féin le seanbhlas.