Cén Ghaeilge atá ar Varadkar? Tá a leagan féin cumtha ag an Taoiseach…

Tuigtear do Tuairisc.ie gurb é an Taoiseach féin a chum an leagan nua dá shloinne agus gurb é a theastaigh uaidh ar an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil de chuid Ghaelchultúr a bronnadh aréir air

Cén Ghaeilge atá ar Varadkar? Tá a leagan féin cumtha ag an Taoiseach…

Bronnadh Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ar an Taoiseach i mBaile Átha Cliath aréir. Is cosúil gurb é ‘Leo de Varad’ an leagan Gaeilge dá shloinne atá cumtha ag an Taoiseach.

Roimhe seo, chloígh an Taoiseach le ‘Leo Varadkar’ nuair a bhí gnó oifigiúil aige i nGaeilge. Mar shampla, nuair ba é an t-aon duine a shínigh Clár na nAirí i nGaeilge anuraidh, ba Leo Varadkar a thug sé air féin.

Ach is é ‘Leo de Varad’ atá anois in úsáid ag an Taoiseach agus ba é an sloinne sin a roghnaigh sé le cur ar an teastas Gaeilge a bhronn an Coimisinéir Teanga air i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath aréir.

Tuigtear do Tuairisc.ie gurb é an Taoiseach féin a chum an leagan nua dá shloinne agus gurb é a theastaigh uaidh ar an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil de chuid Ghaelchultúr a bronnadh aréir air.

Nuair a phléigh sé an scéal le hÉamonn Ó Dónaill, stiúrthóir oideachais Ghaelchultúr, dúirt an Dálach le de Varad, “Is tusa Taoiseach na tíre, thig leat cibé rud is mian leat a dhéanamh!”.

An teastas a bronnadh ar an Taoiseach Leo de Varad aréir

Is cosúil gurb í an réasúnaíocht taobh thiar den sloinne go gciallaíonn Varadkar ‘as Varad’, an baile beag san India arbh as muintir athair an Taoisigh, Ashok, ó thús.

Bheartaigh an Taoiseach, dá bharr, Varadkar (as Varad) a aistriú mar ‘de Varad’. Ciallaíonn ‘de’ ‘as’ i sloinnte Normannacha na hÉireann.

Fágann an leagan nua oifigiúil seo de shloinne Leo Varadkar gurb é an dara taoiseach a bhfuil ‘de’ na Fraincise ina shloinne aige. Ar ndóigh, ba é an chéad duine Éamon de Valera, ach beidh le feiceáil an dtosófar ag tabhairt ‘Dev’ ar Leo Varadkar.

Fág freagra ar 'Cén Ghaeilge atá ar Varadkar? Tá a leagan féin cumtha ag an Taoiseach…'

  • Liam

    Comhghairdeas le Leo agus le Gaelchultúr as seo uilig a bhaint amach. Moladh dul go Éamonn agus an fhoireann.

  • Iasán Ó Riabhaigh

    Tuigim go bhfuil a rogha féin i gceist anseo.Ach dá mba mise eisean,bheadh “de Bharad” agam, mar níl an litir “V” ann sa Ghaeilge.