LÉIRMHEAS: Ceistíonn Jenkinson forlámhas na bhfear le greann agus liriciúlacht neamhghnách

Tá lón machnaimh i ndráma nua Biddy Jenkinson, ach ní dhéantar sinn a bhodhrú le teachtaireacht

LÉIRMHEAS: Ceistíonn Jenkinson forlámhas na bhfear le greann agus liriciúlacht neamhghnách

Dúirt an t-iarpholaiteoir Sasanach, Ann Widdecombe, le déanaí, nach bhfuil na feiminigh ach ag cnáimhseáil gan údar agus iad ag lorg pribhléidí speisialta. ‘Women have never had it so good’ dar léi, agus í ag déanamh beag is fiú de ghluaiseacht #MeToo.

Tá daoine sa tír seo, idir fhir agus mhná, a bheadh ar aon intinn léi, b’fhéidir. Tá go leor eile, idir fhir agus mhná, atá míshásta nach raibh bean ina Taoiseach ar an tír go fóill, agus nach raibh bean ina huachtarán ollscoile, fiú. 

Ceistítear an córas patrarcach sa dráma nua-scríofa seo le Biddy Jenkinson agus an greim daingean (greim an fhir bháite?) atá ag fir ar an gcumhacht san Eaglais Chaitliceach. Ábhar tromchúiseach go maith, a déarfá, ach iompraíonn an greann ualach na tráchtaireachta gan aon dua.

Tá liriciúlacht neamhghnách sa dráma seo agus tá moladh ag dul do Guthanna Binne Síoraí as saibhreas an fhriotail a bheith ag teacht le háilleacht an léirithe. Ba mhaith mar a bhí an stáitsiú curtha in oiriúint do Scoil na mBuachaillí, Smock Alley, agus chuir Cór Duibhlinne agus rogha na n-amhrán go mór leis an léiriú.

Bhí caighdeán ard na haisteoireachta suaithinseach sa dráma seo, fiú má sciorr focal anseo is ansiúd. Bhí Dairíne Ní Dhonnchú iontach i bpáirt Mhíde, bean a bhí ag iarraidh an córas a athrú le go bhféadfaí mná – nó aon bhean amháin, fiú – a oirniú ina sagart. D’éirigh le Bríd Ní Ghruagáin beocht a chur in Benedicta, cailín stuama a lean rialacha, nár theastaigh uaithi aon achrann a tharrac orthu.

Bhí rúndiamhair ag baint leis an máthair-ab, Aloysius (Áine Ní Mhuirí) sa mhéid is nár léir i gcónaí cad a bhí á tiomáint. Níor chuir sí i gcoinne Mhíde nuair a bhunaigh sí malartán sean-éadaí i mbothán sa ghairdín. Agus níor chuir sí bac ar Mhíde freastal ar chruinniú de chuid an MLS (Mná le Sagartóireacht), fiú agus timire ag teacht ag triall orthu.  Ach tá sí ina cuid den gcliarlathas, mar sin féin, agus ní miste léi a cumhacht a léiriú in amanna.

Ba mhaith mar a d’éirigh le Cillian O’Dee sotal an Mhonseigneur Berger a chur in iúl trína chóta a bhronnadh ar Benedicta. Ba dheacair gan suntas a thabhairt don snas lonrach ar a chuid bróg, rud a thug leid bheag i dtaobh phostúlacht an charachtair. I ról easpaig a bhí ag saothrú an bháis a bhí Cathal Quinn agus tá a gheáitsíocht fhisiciúil le moladh. (An bhféadfaí bás mall pianmhar an easpaig a léamh mar ráiteas ar staid reatha na hEaglaise?) Ba dheas é an cameo cluaise a bhí ag Cormac Ó hEadhra ar an raidió.

Léirítear sa dráma seo na héachtaí is féidir a bhaint amach ach an fód a sheasamh. Is gá, chomh maith, go mbeadh fir agus mná ag obair as lámha a chéile. Tá lón machnaimh ann faoina bhfuil i gceist le do shaol a chaitheamh mar Chríostaí, laistigh nó lasmuigh d’ Eaglais. Bhí Míde ag iarraidh cabhrú le bochtáin agus le daoine a bhí imeallaithe sa phobal, ach ní fhacamar aon rian den mhianach Críostaí sa Mhonseigneur, cuir i gcás, ach fear nach raibh ag iarraidh bheith istigh a thabhairt d’éinne eile, ar eagla go lagófaí a chumhacht féin. Ní léir aon chúis eile a bheith ann nach ndéanfaí mná a oirniú.   

Ní nós le Biddy Jenkinson tú a bhodhrú le teachtaireacht; tá sí i bhfad níos cliste ná sin. Tarraingítear aird ar ghnéithe ceilte den saol. Bítear ag spochadh as údarás. Caitear go séimh le créatúirí an domhain. Nochtar an daonnacht in ár dtimpeall. Tá Guthanna Binne Síoraí le moladh as Jenkinson a chur i mbun pinn agus an sárdhráma seo a chur ar stáitse. Ní heol dom an bhfuil camchuairt beartaithe acu, ach is cinnte go bhfaigheadh lucht freastail drámaí sásamh as an Beannaithe fud fad na tíre.

Dála an scéil, d’iompaigh Widdecombe ina Caitliceach tamall de bhlianta ó shin. Ar na cúiseanna dá hathrú creidimh bhí oirniú ban in Eaglais Shasana.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Ceistíonn Jenkinson forlámhas na bhfear le greann agus liriciúlacht neamhghnách'