LÉIRMHEAS: Cad is fiú saothair a aistriú go Gaeilge? Tá freagra na ceiste san úrscéal seo.. 

Tá aistriúchán Gaeilge seolta slachtmhar déanta ar úrscéal tábhachtach ó údar de bhunadh na Túinéise 

LÉIRMHEAS: Cad is fiú saothair a aistriú go Gaeilge? Tá freagra na ceiste san úrscéal seo.. 

Khalil le Yasmina Khadra
Máirín Nic Con Iomaire a d’aistrigh go Gaeilge
Barzaz 2021

Dar liom, bíonn léargas san úrscéal nach mbíonn le fáil i saothar neamhfhicsin, dá fheabhas é. Ní bhíonn ball ar bith de shícé an duine ceilte ar úrscéalaithe, ach iad ag caitheamh solas ar na cúinní is uaigní i gcroí a gcuid carachtar. Ní hamháin sin, ach músclaíonn an scéalaíocht dáimh sa léitheoir nach músclódh an tráchtas taighde is géarchúisí ar fad. D’fhoilsigh Alexander Solzhenitsyn sraith fhada imleabhar ina ndearna sé anailís fhóiréinseach ar shárú chearta an duine san Aontas Sóivéadach, ach ba é Ivan Denisovich bocht a léirigh uafás an gulag dúinn ina steillbheatha.

Níor spáráladh dúch ná páipéar ag iarraidh ciall a bhaint as ceist phráinneach de chuid ár n-aimsire féin: an caidreamh corrach idir an t-iarthar agus Ioslam agus an borradh atá tagtha faoin antoisceachas Ioslamach. Más ag lorg freagraí atá tú, shílfeá go mbeadh cuidiú le fáil ó lucht éigse na Fraincise. Nach sa Fhrainc atá an pobal Moslamach is líonmhaire in iarthar na hEorpa? Nach sa tír sin a tharla cuid de na hionsaithe sceimhlitheoireachta ba bhrúidiúla le deich mbliana anuas?

Mo léan, is iomaí úrscéal Fraincise nach dtéann a dhath níos doimhne ná eagarfhocal ar nuachtán tablóideach. Leithéidí Les Fanatiques le Max Gallo (tá teagasc iomlán an leabhair le fáil ina theideal) nó an fronsa úd Soumission le Michel Houellebecq. Chuir Barzaz comaoin orainn nuair a roghnaigh siad úrscéal ó pheann Mohammed Moulessehoul (ainm cleite is ea Yasmina Khadra). Seo údar de bhunadh na Túinéise. Ní cúrsaí teibíochta dósan iarsmaí an choilíneachais sa Mhagraib ná an leatrom a dhéantar ar shliocht na n-imirceach a d’imigh ó thuaisceart na hAfraice chun na Fraince is chun na Beilge. Ná níl drogall air an fhírinne a insint: gur fágadh an pobal sin ar imeall na mbailte móra agus ar imeall na sochaí ar fad.

Duine den phobal sin atá i bpríomhcharachtar an scéil seo, Khalil. Coimhthíos uilig atá ann, é go huile is go hiomlán scoite amach ó shaol na Beilge, óna athair agus ón saol fiáin éidreorach a chaith sé sular cheangail sé cumann le heagraíocht rúnda Ioslamach a dtugann sé ‘na bráithre’ orthu. Ón uair sin i leith, tá treoir chinnte faoi. Cuireadh ar an saol seo é le scrios a dhéanamh ar naimhde Dé, arb ionann iad agus naimhde na mbráithre. Is iad na bráithre a dhearbhaíonn a fhiúntas mar dhuine. Iadsan a ruaig gach blúire amhrais as a intinn, sa dóigh is nár leasc leis crios buamála a fháisceadh timpeall air féin agus strainséirí ‘a shéideadh in aer’. Níl ciall aige feasta do nathanna mar ‘sibhialtaigh neamhurchóideacha’ nó is duine urchóideach gach duine nach ngéilleann do theagasc na mbráithre.

Ní athrú atá imithe i gcion ar Khalil, ach claochlú. Léirítear an claochlú sin go sochreidte scanrúil. Seo Khalil féin ag caint ar an uair a gheall sé a dhílseacht do na bráithre:

Cé mé roimhe sin? Bhí mé mar a bheadh bileog ar foluain sa ghaoth, á séideadh soir agus siar. Ar an mbileog bhán seo, gheall na bráithre go scríobhfaí eipic agus gur mise an laoch a bheadh ann.

Tá bearna fhairsing i ndiaidh oscailt amach idir tuiscintí Khalil agus an réaltacht. Airíonn sé é féin mar ‘saighdiúir in arm na Síor-Thrócaire’ agus ní léir dó aon chodarsnacht idir ‘trócaire’ agus ionsaí buamála gan rabhadh ar shráid phlódaithe. Tagann an bhréag chuige chomh réidh lena ainm féin. Faigheann cairde leis bás go héadairbheach agus ní bhíonn de fhreagra aige ach ‘Bíonn scrios comhthaobhach ann i ngach cogadh. Ná tabhair cead don bhriseadh croí d’anam a thruailliú.’ Ní bhíonn moill air an t-uafás is measa ar bith a mhíniú ar shlí nach ndéanann lagú ar a chreideamh.

Tá Khalil imithe chomh fada ar chosán an kamikaze go séanann a mhuintir féin é. ‘Brúid’ atá ann, dar lena dheirfiúr. Is ‘cladhaire’, ‘amadán’ agus ‘bastard’ é, de réir seanchomrádaí dá chuid. Is ea, ach ná tugtar ‘diabhal’ air, mar is duine daonna é Khalil. Ródhaonna ar fad. Tá sleachta sa leabhar seo a chuirfidh alltacht ar léitheoirí agus tuilleadh a bhainfidh osna astu. Ach ní deacair an gníomh samhlaíochta riachtanach a dhéanamh agus na fórsaí a chruthaigh Khalil a aithint. An saol beag cúng a chaitear faoi tharcaisne. An fonn díoltais. An díograis idé-eolaíochta a mhúchann an daonnacht.

I ndiaidh gur dúnmharaíodh a bhean chéile sna hionsaithe i bPáras in 2015, scríobh Antoine Leiris teachtaireacht chlúiteach, atá aistrithe ag Colm Ó Lorcáin sa leabhar Ní Bheidh Fuath Agam Oraibh. Bhí an méid seo le rá ag Leiris leis na daoine a rinne an sléacht: ‘Níl a fhios agam cé sibhse agus ní theastaíonn uaim fios a bheith agam.’ Ní tógtha ar Leiris sin a scríobh sna laethanta beaga i ndiaidh na n-ionsaithe. Inniu, déanaim amach go gcaithfidh muid aithne a chur ar na daoine a mhealltar le teagasc na nIoslamaithe, ar lucht jiohád, ar leithéidí Khalil.

Aistriúchán seolta slachtmhar atá curtha ar fáil ag Máirín Nic Con Iomaire. Féadaim a rá gur athraigh sé dearcadh an aistritheora seo maidir le gnéithe den aistriúchán liteartha. Fiafraigh de dhaoine cad is fiú saothair a aistriú go Gaeilge agus seans go ndéarfaidh siad a leithéid seo: ‘Is mar sin a shaibhrítear an teanga, nuair a chuirtear iallach uirthi dul ag plé le cultúir na coigríche.’ Más fíor don leagan amach seo, cuirtear le stór focal na Gaeilge de thoradh na teagmhála. Déantar comhréir na teanga a aclú. Chuala mé an freagra sin go minic cheana ach tá amhras ag teacht orm ina thaobh. Le fada riamh, tá claonadh láidir ag aistritheoirí Gaeilge (mé féin ina measc) i leith cora cainte agus tagairtí cultúrtha a ‘dhúchasú’, is é sin culaith Ghaelach a chur orthu le nach mbainfidh siad preab as léitheoirí a oileadh leis na clasaicí Gaeltachta.

Páirt de bhua an aistriúcháin seo ar Khalil gur tugadh cuid d’úire na Fraincise slán gan an Ghaeilge a chur as a riocht.

Fiú amháin focail aonair mar ‘eofóiria’, ‘neamhláithreacht’ agus, go deimhin, ‘scrios comhthaobhach’, bheinnse lá den saol ag doicheall rompu. Rótheibí, tá a fhios agat. Ródheoranta. Ró-úrnua. Beidh mé níos dána as seo amach, tá súil agam, ag cuimhneamh dom ar an tslí ealaíonta ar tugadh bheith istigh dóibh in Khalil.

Leabhar tábhachtach é seo, ach ní dhéanann sin leabhar trom de. Tá teannas millteanach ann ó thús deireadh, agus casadh nach millfidh mé ort. Beidh mo sháith ráite agam má thug mé ort Khalil a léamh.

Fág freagra ar 'LÉIRMHEAS: Cad is fiú saothair a aistriú go Gaeilge? Tá freagra na ceiste san úrscéal seo.. '

  • Pádraig

    Saothar iontach curtha os ár gcomhair ag Máirín Nic an Iomaire – comhghairdeas ó chroí léi