‘Léiriú lom duairc soiléir’ ar ghéarchéim teanga na Gaeltachta

Labhair Tuairisc.ie le daoine éagsúla lena dtuairimí a fháil faoi thuarascáil nua a deir nach bhfuil ach 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge

‘Léiriú lom duairc soiléir’ ar ghéarchéim teanga na Gaeltachta

Deir idir pholaiteoirí, eagraíochtaí Gaeilge agus lucht pleanála teanga gur rabhadh eile faoi dhroch-chás na Gaeltachta atá i dtuarascáil nua faoi labhairt na Gaeilge.

De réir an taighde a foilsíodh inné níl ach 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge.

Fianaise eile atá sa tuarascáil, dar le húdair an taighde, ar ghéarchéim teanga na Gaeltachta.

Ag labhairt di faoin tuarascáil nua, dúirt Catherine Connolly, Leas-Cheann Chomhairle na Dála agus Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar, gur cheart don rialtas aitheantas a thabhairt don tuarascáil a deir go “neamhbhalbh” go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

“Níor ghlac an tAire Stáit riamh leis go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht. Tá agus bhí drogall orthu i gcónaí sin a aithint ach tá a fhios againn le fada an lá go bhfuil géarchéim teanga ann.

“Tá an cheist ardaithe go mion minic agamsa le linn na díospóireachta uilig a bhain leis an mbille teanga. Tá an ghéarchéim teanga i gcroílár na ceiste agus ní féidir feabhas a chur ar chúrsaí go dtí go dtugtar aitheantas di.”

De réir na tuarascála, a rinne taighdeoirí i gColáiste Mhuire Gan Smál do Thuismitheoirí na Gaeltachta, níl an Ghaeilge á labhairt go laethúil ach ag 2,889 den 12,586 teaghlach sa Ghaeltacht ina bhfuil páistí 18 bliain nó níos óige.

Nuair a chuir Tuairisc ceist inné ar an Aire Stáit Jack Chambers ar ghlac sé leis an tuairim sin go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht, dúirt sé gur léir ón taighde go bhfuil “dúshlán mór” ann.

Dúirt an tAire Stáit go mbeadh an tuarascáil “an-úsáideach” do Thuismitheoirí na Gaeltachta agus eagraíochtaí eile atá ag tacú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge.

D’aontaigh Regina Uí Chollatáin, Cathaoirleach Bhord Fhoras na Gaeilge agus Ceann Scoil na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, gur léirigh an tuarascáil “na dúshláin” atá roimh mhuintir na Gaeltachta. Dúirt Cathaoirleach nua an Fhorais gur léir go gcaithfear tús áite a thabhairt do chás na Gaeltachta.

“Is léir nach tuairisc dhearfach í seo, tuairisc í a léiríonn na dúshláin atá romhainn sa Ghaeltacht, agus a chuireann fianaise láidir faoinár mbráid i leith na ceiste a bhí tuigthe againn ón daonáireamh agus ó thuairiscí éagsúla eile.

“Beidh an tuairisc agus na moltaí atá déanta le plé go mion againn i bhForas na Gaeilge sna seachtainí beaga atá romhainn. Ach is léir go gcaithfimid, idir ranna rialtais, eagraíochtaí stáit agus eagraíochtaí pobail tús áite a thabhairt don cheist seo in aicearracht.”

Dúirt Dónall Ó Cnáimhsí, Oifigeach Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair agus urlabhraí de chuid na heagraíochta nua, Gaeltacht Bheo, gur léiriú “lom soiléir duairc” atá sa tuarascáil faoi chás na Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Tá sé soiléir, de réir na tuarascála seo go bhfuil teipthe a bheag nó a mhór ar an stát dul i bhfeidhm ar theaghlaigh na Gaeltachta maidir lena gcuspóirí agus a mianta do thodhchaí na Gaeilge agus todhchaí na Gaeltachta.

“Níl an fhís don Ghaeltacht á fíorú mar nach bhfuil gach áisíneacht agus eagrais sa Ghaeltacht tiomanta ina taobh.

“Caithfear an cheist a chur, cén éifeacht nó tionchar atá ag na heagraíochtaí agus na hinstitiúidí Gaeltachta atá ag plé le teaghlaigh ar chleachtas teanga na dteaghlach sin?”

Dúirt Ó Cnáimhsí gur gá don stát “dul i ngleic” leis an “creimeadh” atá tagtha ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht.

“Is deacair aon rath a bheith ar phróiseas na pleanála teanga, mura mbíonn rannpháirtíocht iomlán ann ón gcóras oideachais, ón réamhscolaíocht, bhunscolaíocht agus iarbhunscolaíocht, clubanna óige agus cumainn spórt agus caitheamh aimseartha,” a dúirt Dónall Ó Cnáimhsí.

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív gur taighde “úsáideach” a bhí ann a léirigh na dúshláin mhóra atá sa Ghaeltacht ó thaobh seachadadh na Gaeilge chuig an chéad ghlúin eile.

“Is léiriú atá sa tuarascáil ar rudaí mar atá siad. Is é an sprioc ó thaobh na Gaeltachta de go ndéanfaí an Ghaeilge a sheachadadh ó ghlúin go glúin. An rud is mó go gcaithfear breathnú air sa taighde ná cé mhéad cainteoirí laethúla Gaeilge atá ann agus cén céatadán díobh sin atá á dtógáil le Gaeilge.

“Sin an eochairfhigiúr. In áiteanna ina bhfuil go leor cainteoirí laethúla Gaeilge agus céatadán íseal ag tógáil a gclann le Gaeilge, is léir go bhfuil daoine le Gaeilge nach bhfuil ag labhairt Gaeilge lena gclann nó go bhfuil drochstruchtúr ann nó go bhfuil bánú na Gaeltachta i gceist.”

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, gur taighde tábhachtach a bhí ann agus go mbeadh an eagraíocht ag tarraingt air “chun breis maoinithe a fháil don Ghaeltacht”.

“Léiríonn sé in athuair an éagsúlacht úsáide teanga i ngach ceantar pleanála teanga, gan trácht ar an éagsúlacht idir na ceantair láidre Ghaeltachta agus na ceantair ina bhfuil úsáid laethúil na Gaeilge mar theanga phobail an-íseal.

“Tá an taighde seo tábhachtach freisin mar go bhfuil sé ag tarraingt ar na chéad torthaí atá le feiceáil ón bPolasaí um Oideachas Ghaeltachta agus an Próiseas Pleanála Teanga Gaeltachta. Cé go bhfuil sé róluath tátal iomlán, nó cruinn, a tharraingt ón bpolasaí oideachais agus an phleanáil teanga, is léir go bhfuil sé le feiceáil go bhfuil treochtaí áirithe ag teacht chun cinn.

“Léiríonn na treochtaí seo an gá le mionscrúdú a dhéanamh ar na bealaí chun tacaíocht spriocdhírithe a chur ar fáil do theaghlaigh Ghaeltachta agus go bhfuil sé riachtanach go mbeadh an tacaíocht seo dírithe ar chumas agus leibhéal úsáide teanga an teaghlaigh. Ní leor cur chuige comónta do gach teaghlach Gaeltachta” a dúirt Peadar Mac Fhlannchadha.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin nach bhféadfaí  “ach a bheith croíbhriste” ag léamh na bhfigiúirí sa tuarascáil nua.

Dúirt Ó Snodaigh gur “cur chuige an stáit” is mó is cúis leis an meath, “idir neamhaird agus ciorruithe thar na blianta”.

Gan athruithe móra suntasacha, tiocfaidh deireadh leis an nGaeilge mar theanga theaghlaigh. Ní áibhéil é seo ach oiread – tá sé ag tarlú cheana féin agus cinneadh déanta ag móramh na dteaghlach sa Ghaeltacht nach fiú a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge.

“Ní mór don rialtas glacadh le gach uile moladh anseo… Ní féidir a bheith ag brath ar eagraíochtaí deonacha agus pleanálaithe teanga amháin, tá a ndóthain le déanamh acu cheana féin gan a bheith ag streachailt leis na heasnaimh bhunúsacha seo.”

 

Fág freagra ar '‘Léiriú lom duairc soiléir’ ar ghéarchéim teanga na Gaeltachta'

  • Caitríona

    Toradh=Teip ar an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta. Tugtar ar ais Scéim Labhairt na Gaeilge. Bheadh sé níos saoire ná an ráiméis a bheith ag cur airgead ar fáil do thaighdeoirí chun tabhairt faoi MA & iad fèin in ann íoc as…Óige na Gaeltachta fágtha ar làr agus gan faic sa Pholasaí don Oid. Gaeltachta dóibh.

  • Síle

    Tá scoileanna ag teipeadh ar óige na Gaeltachta. Tá sin le feiscint go soiléir.

  • Brendan Keane

    Níl aon áiseanna, sráidbhailte nó ceantracha Gaelacha san cathracha. Níl aon áit a chloisteáil an teanga nó cleachtadh í. Faic ag tharla san Áras na nGael i rith fiche blianta. Níl aon suim leis an phobal tuaithe a bheith na Gaeil nuair tabhair suas na Éirinnigh an athbheochan in iomlán. Cuir chun chinn an Ghaeilge in Éirinn agus leanfaidh na Gaeltachta.

  • Brendan Keane

    Níl aon áiseanna, sráidbhailte Ghaeltachta nó ceantracha Gaelacha san cathracha. Níl aon áit a chloisteáil an teanga nó cleachtadh í. Faic ag tharla san Áras na nGael i rith fiche blianta. Níl aon suim leis an phobal tuaithe a bheith na Gaeil nuair tabhair suas na Éirinnigh an athbheochan in iomlán. Cuir chun chinn an Ghaeilge in Éirinn agus leanfaidh na Gaeltachta.

  • Máire Ní C

    Céard atá ar siúl ag na hOifigigh Pleanála Teanga? De réir mar a fheicim is in olcas agus níos lú Gaeilge atá á úsáid sna pobail ó cuireadh tús lena gcuid seafóide faoi dhúshláin aclaíochta. Agus anois tá feachtas ar bun chun béarlóirí a mhealladh go Carna, i gcroílár na Gaeltachta. Cén dóchas atá ann nuair atá eagrais ag obair chun líon na gcainteoirí Gaeilge i gceann de na ceantair is láidre a laghdú?

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá na figiúir as riocht toisc an oiread ceantar Béarla bheith san áíreamh mar Ghaeltacht Oifigiúil:
    An tEachréidh, Oirthear Chathair na Gaillimhe, Bearna agus Cnoc na Cathrach, An Clochán Liath, Béal a’ Mhuirthead srl.

  • Pól Ó Braoin

    Tugtar luach saothair dóibh siúd atá in ann taispeáint go bhfuil siad ag tógáil a gclann le Gaeilge… fud fad na tíre. Níl sé deacair fáil amach an bhfuil Gaeilge ag na gasúir. Caithfear Scéim Labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais agus rudaí nach é freisin…
    Ná cuirtear amú airgead ar phleanáil teanga agus a leithéid de sheafóid. ach déantar an obair phraiticiúil atá luaite agam. Déantar an ghéirchéim ghaeltachta a aithint sula mbíonn sé ródheireanach, ar son Dé…

  • Uinseann

    Sin é go díreach é a Chaitríona. Neart airgid á shaothrú ag na heagraisí Ghaeilge ar fad – Conradh na Gaeilge mar shampla. Cur amú airgid agus an cainteoir dúchais fágtha ar lár mar a duirt tú.

  • Uinseann

    Tagaim go hiomlán leat a Chaitríona.

  • Meitheal Pleanála Teanga an Iarthuaiscirt MPTIT

    Tá muintir na B
    reataine bige chun cinn orainn, http://www.mentrauiaith.cymru/amdanom-ni/?lang=en