Léiríonn an urraim ar fad do ríshliocht Shasana gur chóir dúinn níos mó measa bheith againn orainn féin…

Is ceart dúinn fáilte a chur roimh chuairteoirí chun na tíre seo, lucht an tí mhóir ina measc, ach ba cheart dúinn é a dhéanamh, ar bhonn cothrom, uasal-íseal, neamhspleách

Léiríonn an urraim ar fad do ríshliocht Shasana gur chóir dúinn níos mó measa bheith againn orainn féin…

Pictiúr: Eamonn Farrell / RollingNews.ie

Táimid leighte anuas ar fad ar ríshliocht Shasana anois, tabhair fé ndeara. Bhí Charles Mountbatten-Windsor agus a bhean ar a gcamchuairt ar Chiarraí agus ar Chorcaigh an tseachtain seo a d’imigh tharainn, agus cuireadh cad é fáilte rompu. Bhí puirtís beaga deasa á mbronnadh orthu, bratacha beaga Briotanacha á gcroitheadh os a gcomhair, agus buíon polaiteoirí agus iriseoirí ag bolaithíl timpeall orthu fé mar a bheadh scata faoileán os cionn bairille baoití.

Go deimhin dhuit a dhuine, dealraíonn sé go bhfuilimid i ngrá leo. Ar shuíomh idirlín cheann de na stáisiúin raidió áitiúla an lá tar éis chuairt na beirte, ní haon scéal nuachta amháin a bhí acu féna gcamchuairt ach cúig cinn. Ní mór ná gur fhliuch lucht an chraoltóra náisiúnta iad féin le gliondar agus le sceitimíní nuair a phós duine den ríshliocht le déanaí, agus an lá eile bhriseadar scéal eile nuachta, atá ríthábhachtach dúinne in Éirinn, ní foláir, go raibh bean éigin, deirfiúr mná eile atá pósta le prionsa éigin, tar éis éirí as an jagáil toisc í a bheith ag súil. Bhíos im’ gheolamán ar fad in éagmais an scéil sin.

Deirtear linn go léiríonn an fháilte a cuireadh roimh lánúin na corónach, agus roimh an seana-cháitín Beití rompu, go bhfuilimid tagtha chun coinlíochta mar náisiún, agus go raibh sé thar am dúinn amhlaidh a dhéanamh. Ach an gá dhúinn bheith ag sodar ina ndiaidh, ag déanamh déithe beaga díobh? An mbeimíst ár n-iompar féin ar an gcuma chéanna dá mba iad ríshliocht na Sualainne a bhí ag bothántaíocht abhus?

Bhí an-droch chuma air mar fheic. Bhí teidil mhonarcaíocha ar nós ‘Prionsa’ agus ‘Bandiúc’ agus ‘Mórgachtaí Ríoga’ á spalpadh ag ionadaithe tofa poiblí, agus ag iriseoirí atá ina saoránaigh i bpoblacht neamhspleách, agus iad nach mór ar leathghlúin rompu agus a gcaipíní ina nglac agus a gcinn fúthu. Dar liom, léiríonn úsáid na dtéarmaí seo easpa féinmheasa, agus tugann sé le fios go bhfuilid san ar chéim níos airde ná sin.

Nuair a ghabh sean-Bheití chugainn, thug an craoltóir Olivia O’Leary an-óráid uaithi, agus chuir sí i gcuimhne dhúinn nár ghá dúinne, saoránaigh Éireannacha, curtsy a dhéanamh os comhair na banríona, mar nár ghá ach dá géillsinigh féin a leithéid a dhéanamh.

Is ceart dúinn fáilte a chur roimh chuairteoirí chun na tíre seo, lucht an tí mhóir ina measc, ach ba cheart dúinn é a dhéanamh, ar bhonn cothrom, uasal-íseal, neamhspleách – ní fé mar a dhéanfadh gaimbíní, scuibhéiríní agus prócadóirí roimh a dtiarna talún. Ba chóir dúinn níos mó measa bheith againn orainn féin.

(Nó, an glam cú i ndiaidh a sháraithe atá agam, ós rud é go gcailleamar-ne Caisleán a’ Mhórdhaigh a sé nó a seacht de chéadta bliain ó shin agus nár thug éinne Tiarnaí ar na Mórdhaigh le fada?!)

Fág freagra ar 'Léiríonn an urraim ar fad do ríshliocht Shasana gur chóir dúinn níos mó measa bheith againn orainn féin…'

  • Píotar

    Á mhuise a Mhórdhaigh, a Mhórgacht, b’fhéidir go seolfá breac éigin éisc chucu dála mar a dhéanann an lúdramán sin ó Mhargadh na Sacsan i gCorcaigh go tráthrialta!

  • wtf

    Pictiúr thuas den gheolbhach t’tréis dó teacht amach as bothán a’ ghorta agus clab go cluasa air. ‘Struchtúr’ agus ‘déanamh’ an bhotha ar thagair sé dóibh. An mbeadh sé sàsta a mhadra a chur isteach ann?

  • Eoin Ó Murchú

    Ráite go maith agat. Aontaím go hiomlán. Is náiriúil an chaoi í go n-íslíonn muid muid fein roimh a leithéid.

  • An Teanga Bheo

    Cearta Eorpaigh do na Gaeil ar fád ar fud na cruinne is gá agus céad votáil acu freisin mar atá ag pobal na h Eorpa ina dtír fhéin cén fáth indirdhealú a bheith idir daoine sa lá atá inniu ann!

    Nach saint uilig is cúis leis an maorgacht Gallda mar a bhi ariamh scaip an impireacht is mian leo ?

  • wtf

    Beirt eile den ríshliocht chugainn mí Lúnasa seo chugainn, de réir deallraimh. Tuilleadh den uirísliú, den gceann faoi, den ngob i gcac. Beidh na lútálaithe sna meáin ag lútáil agus ag priosláil agus á bhfliuchadh féin aríst eile. An gcanfar ‘God shave the Queen’ in ómós don lánúin óg?

  • John Dunlea

    A Dháithí, bainim taitneamh as do chuid scríbhneorachta agus gabham buíochas díot aisti, ach dar liom cuireadh fáilte mar ba chóir roimis oidhre bhanríon na RA/ na hAstráile/ na Nua Shéalainne/ Ceanada srl. Ceannaire de chuid dár gcairde, de chuid dár gcomharsan, de chuid dár muintire ó thuaidh ambaist. B’fhéidir nach gcuirfí a leithéid d’fháilte roimis bhall ríshliocht na Sualainne ach déarfainn go bhfuil baint i bhfad níos treise idir muintir na hÉireann agus muintir na Breataine agus léiríonn an fháilte go bhfuil meas againn inár gcairde agus ionainn féinig araon.

  • John Dunlea

    *orainn*

  • John Dunlea

    *ar ár*

  • wtf

    Tá sé ráite gur ‘scoláire’ is ea an prionsa seo. An bhfuil fhios aige faic mar gheall ar an nGorta Mór nó an mbeadh aoibh an gháire air t’réis blaiseadh d’ainnise phobal na linne sin dá mbeadh fhiosa? An eol dó gur cine-dhíothú a bhí sa Ghorta sin, go raibh tolmas bídh sa tír ach go raibh gach uile bhlas de á sheoladh thar sáile amach? Gurbh í a shin-sin-sin-seanmháthair siúd (Victoria) a bhì i gceannas ag an am? Gur dheonaigh sí ‘£2000’ mar fhóirithint, gur tharraing Sultan Abdulmecid na Tuirce £10000 ach gur thathantaigh na Sasanaigh air go gcaithfeadh sé níos lú ná suim na Bainríona a thabhairt, rud is a rinne? ‘Is é Dia a chuir an dubh ar na prátaí ach is iad na Sasanaigh a chruthaigh an Gorta’. Ní ceadmhach neamhshuim don bprionsa seo, do lucht na meán ná do na mairbh. Cén chúis gáire atá aige? Muna bhfuil fhios aige bíodh a fhios aige. An gcuirfidh Emeritus John A. ar an eolas é? ‘Scoláire’ eile!!

  • wtf

    ‘in ómós do na mairbh’

  • Beo gaelach

    Nach deas an caisleán/pálás é ……….gar do Bhéal na Bláth….. is docha a bhi sé ag trial meastú!

  • Sinéad

    Tá an ceart ar fad agat a Dháithí. Náireach.