Léarscáil Ghaeilge de Thuaisceart Éireann le teacht go luath ar logainm.ie

Ba é an moladh ba mhó ó úsáideoirí an tsuímh go gcuirfí an léarscáil ar fáil

Northern Ireland Tuaisceart Éireann

Tá súil ag logainm.ie léarscáil Ghaeilge de Thuaisceart Éireann a chur ar fáil ar an suíomh go luath. Scaip riarthóirí logainm.ie ceistneoir ar lucht úsáide an tsuímh tamall ó shin agus ba é an moladh ba mhó a bhí ag an bpobal ná go gcuirfí an léarscáil ar fáil.

Dúirt logainm.ie i ráiteas faoi thorthaí an cheistneora sin inniu go bhfuil moill ar an togra toisc go bhfuiltear ag brath ar “pháirtithe seachtracha” chun cuid den obair a dhéanamh.

“Tuigeann muid go bhfuil géarghá le réiteach ar an gceist seo agus táimid ag obair i dtreo a leithéid le tamall de mhíonna anuas. Táimid ag brath ar pháirtithe seachtracha obair a dhéanamh i bpáirt linn leis an gceist seo a bhogadh ar aghaidh agus níl smacht iomlán againn ar an sceideal dá bhrí sin,” a dúradh sa ráiteas.

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil lámh ag Ordnáis Suirbhéireachta Thuaisceart Éireann san obair seo.

Moladh freisin go méadófaí an léarscáil idirghníomhach atá ar an suíomh. Cuireadh léarscáil nua ar fáil nuair a rinne an leagan amach ar logainm.ie a athnuachan anuraidh. Luaigh úsáideoirí freisin nach bhfuil comhordanáidí na léarscáile nua seo iomlán cruinn.

Dúradh i ráiteas logainm.ie gur laghdaíodh an léarscáil ar an suíomh nua de bharr aiseolais a tháinig ó úsáideoirí an tsuímh roimh an athnuachan ag gearán go raibh an léarscáil rómhór.

Ceartófar fadhbanna le comhordanáidí léarscáile de réir mar a thagann riarthóirí an tsuímh orthu.

Dúradh go bhfuil ceisteanna maidir le logainmneacha Gaeltachta a bheith míchruinn ar bharr liosta oibre na foirne faoi láthair freisin.

Fág freagra ar 'Léarscáil Ghaeilge de Thuaisceart Éireann le teacht go luath ar logainm.ie'