LÉAMH AGUS SCRÍOBH: ‘Riail an phéinis bhig’ agus cleasanna scríbhneoireachta eile

Bíonn scríbhneoirí ficsin buartha go minic go gcothóidh a saothair achrann le cairde, le gaolta, nó fiú amháin sa chúirt. Ní call dóibh – go dtí an dréacht deireanach

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: ‘Riail an phéinis bhig’ agus cleasanna scríbhneoireachta eile

Ceann de na rudaí is mó a choinníonn siar mé agus mé i mbun scríbhneoireachta ná an faitíos go ngoillfidh mo chuid scríbhneoireachta ar chairde nó gaolta.

Tá cúis leis sin.

Gadaithe iad sinne scríbhneoirí ficsin. Bímid de shíor ag faire ar ár gcairde agus ar ár ngaolta, féachaint an féidir leagan cainte, gotha gnúise nó gluaiseacht láimhe éigin a ghoid. 

Uaireanta, déanaimid creach ar scéal a mbeatha. 

Sa chás sin go háirithe, tá dualgas morálta agus go deimhin dlí ar scríbhneoir daoine san fhíorshaol a spreagfadh carachtair fhicseanúla a chosaint. Is é sin le rá, a chinntiú nach n-aithneofaí iad. 

Tá iliomad bealaí ag scríbhneoirí agus ag foilsitheoirí chun iad féin a chosaint ar chásanna leabhail nó clúmhillte, ‘riail an phéinis bhig’ ina measc. 

Céard? 

Má dhéantar tagairt do bhod beag sa chur síos ar charachtar ficseanúil a bheadh bunaithe ar dhuine san fhíorshaol, beidh an iomarca náire ar úinéir an bhoid bhig sin cás cúirte a thabhairt in aghaidh an scríbhneora – sin í an teoiric.

Níor mhaith liom féin, go pearsanta, máchail áiféiseach a chur ar charachtar ficseanúil chun cás cúirte nó go deimhin argóint le cara nó gaol liom a sheachaint. Lena chois sin, dá mbainfí úsáid as an ‘riail’ thuas go forleathan, bheadh saothair fhicsin ag cur thar maoil le boid bheaga agus a leathbhreac baineann.

Tá bealaí níos deise ann, dar liom, lena chinntiú nach n-aithneofaí éinne nár mhaith leat go n-aithneofaí iad. 

Is féidir inscne, aois, dath craicinn nó náisiúntacht duine a athrú. Nó dá dteastódh uait a bheith dílis do shaintréithe an duine san fhíorshaol, d’fhéadfá an scéal féin a athlonnú in áit nó go deimhin i dtréimhse éigin eile. An aithneodh do mháthair í féin dá ndéanfá banríon Lochlannach di?

Ach is é an bealach is éifeachtaí chun na daoine a spreagfadh do chuid carachtar a chosaint, dar liom, ná a chinntiú go mbunófaí chuile charachtar ficseanúil ar níos mó ná duine amháin san fhíorshaol. Sa chás sin, ní aithneoidh daoine san fhíorshaol ar bunaíodh carachtar ficseanúil orthu ach cuid áirithe den charachtar sin. Beidh an chuid eile coimhthíoch dóibh.

‘Tá rudaí i gcoitinne agam leis an gcarachtar sin,’ a déarfaidh siad, seachas ‘bunaíodh an carachtar sin ormsa!’ Lena chois sin, is mó an seans, nuair a mheascann tú tréithe daoine éagsúla ón fhíorshaol le chéile, go gcruthóidh tú carachtar ficseanúil a mbeidh doimhneacht ann agus a fhorbróidh a ghlór sainiúil féin. Agus ag deireadh an lae, sin é atá uait.

Moladh amháin eile mar fhocal scoir. Cuimhnigh nach mbeidh éinne maslaithe go dtí go mbeidh pé rud a scríobhfá i gcló. Tabhair an tsaoirse duit féin do rogha rud a scríobh sa chéad, sa dara agus sa tríú dréacht, nó fiú amháin sna dréachtaí ina dhiaidh sin, chomh fada agus nach mbeidh aon rud a spreagfadh achrann sa dréacht deireanach.

Fág freagra ar 'LÉAMH AGUS SCRÍOBH: ‘Riail an phéinis bhig’ agus cleasanna scríbhneoireachta eile'

  • Fearn

    Sin pleist de smaoineamh!!

  • An Cúl Báire

    Téama na dírbheathaisnéise seo atá idir lámha: ‘Copulo ergo sum’.