Maith don scríbhneoir seo é, ach gach seans go mbeidh tú ina chéad úrscéal Gaeilge eile…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Bíonn scríbhneoirí de shíor ag faire ar a gcairde agus ar a ngaolta, féachaint an féidir leagan cainte, gotha gnúise nó gluaiseacht láimhe éigin a ghoid do charachtar ficseanúil a bheadh ina ngátar

Maith don scríbhneoir seo é, ach gach seans go mbeidh tú ina chéad úrscéal Gaeilge eile…

Tá gearrscéal den scoth ag an scríbhneoir ildánach Sualainnise as an bhFionlainn, Tove Jansson dar teideal A Leading Role

Sa scéal sin, tá aisteoir amharclainne, Maria Mickelson, i ndeireadh na feide ag iarraidh a cuid féin a dhéanamh den ról atá aici i ndráma nua. An phríomhpháirt atá i gceist, ach ní thaitníonn an carachtar, bean darb ainm Ellen, le Maria a bheag nó a mhór: ‘An insignificant, anxious, middle-aged woman, an obliterated creature without any personality whatsoever!’

Ach ag deireadh an lae, ritheann réiteach na faidhbe le Maria.

‘Cousin Frida. Cousin Frida was the consummate model for the role of Ellen. She was Ellen. Her gestures, her voice, the way she held her head, her voice, all of it!’

Tugann Maria cuireadh dá col ceathrar teacht amach chuig an teach samhraidh cois cósta a bhfuil Maria ag fanacht ann. Frida bhocht. I ngan fhios di féin, tá sí ina hábhar staidéir ag Maria ar feadh seachtaine. Lá agus oíche, cuireann Maria le heaspa féinmhuiníne Frida ionas go mbeidh deis níos fearr aici a cuid féin a dhéanamh de na nósanna beaga neirbhíseacha ar fad atá ag a col ceathrar.

Bhí olc agam do Maria – go dtí gur rith sé liom go mbímse féin (agus chuile scríbhneoir dár mhair riamh) ar an ealaín chéanna. Dála aisteoirí a bheadh ag réiteach do ról nua, bíonn scríbhneoirí de shíor ag faire ar a gcairde agus ar a ngaolta, féachaint an féidir leagan cainte, gotha gnúise nó gluaiseacht láimhe éigin a ghoid do charachtar ficseanúil a bheadh ina ngátar.

Aréir féin, bhí cara de mo chuid ina ábhar taighde agam agus é ar cuairt ag mo theach. Soiscéalach cráifeach é an fear seo agus tarlaíonn gur soiscéalach cráifeach é duine de na príomhcharachtair san úrscéal atá idir lámha agam faoi láthair. 

Tá an ghráin shíoraí agam ar cheol soiscéalach, ach aréir, lig mé do mo chara úsáid a bhaint as mo chuntas Spotify agus a rogha cheoil shoiscéalaigh a chur ar siúl ar an gcóras fuaime. Stiúraigh mé an comhrá i dtreo chúrsaí creidimh agus roimh i bhfad léirigh mo chara roinnt nósmhaireachtaí a bheidh ina sméara mullaigh ar an gcur síos a dhéanfaidh mé amach anseo ar an gcarachtar soiscéalaíoch i m’úrscéal.

Bíodh olc agat dom, a léitheoir, mar a bhí agam féin do Maria. Ach murach an t-iompar seo ag scríbhneoirí ní bheadh leabhair le léamh agatsa. Sin é an chaoi a n-oibríonn scríbhneoireacht ficsin.

Ach ní drochdhuine amach is amach í Maria, ná ní drochdhaoine amach is amach sinne scríbhneoirí. Ag deireadh ghearrscéal Jansson, tagann Maria ar thuiscint dhearfach faoina col ceathrar Frida a chabhróidh léi go mór agus í ag tabhairt faoi ról Ellen – agus a threiseoidh an cairdeas idir an bheirt chol ceathrar lena chois. Ar an gcaoi chéanna, tháinig mise ar thuiscintí faoi mo chara soiscéalach aréir a bhréagnaigh cuid de mo réamhchlaonta féin. Beidh ár gcairdeas níos láidre dá mbarr, agus beidh ar mo chumas carachtar níos iomláine a chruthú ar pháipéar.

Fág freagra ar 'Maith don scríbhneoir seo é, ach gach seans go mbeidh tú ina chéad úrscéal Gaeilge eile…'

  • Éadóchasach

    ‘Bíodh olc agat dom, a léitheoir, mar a bhí agam féin do Maria. Ach murach an t-iompar seo ag scríbhneoirí ní bheadh leabhair le léamh agatsa. Sin é an chaoi a n-oibríonn scríbhneoireacht ficsin.’

    Ní aontaím leis sin in aon chor: Sin é an chaoi a n-oibríonn scríbhneoireacht neamhfhicsin agus an ‘neamhfhicsean cruthaitheach’, a bhfuil an-tóir go deo air sa lá atá inniubh ann i measc scríbhneoirí Béarla, gan dabht. Má tá duine ag iarraidh píosa scéalaíochta a scríobh, áfach, ní gá dó dul i muinín na gcarad agus na ngaolta dá chuid toisc go bhfuil níos mó ná slí amháin chun scéal a scríobh agus carachtar a chruthú.

    Ceist bheag ar Alex: Cén fáth nár chuiris Gaolainn ar na sleachta as an ngearrscéal de chuid Thove Jansson?