Tá leagan nua Gaeilge de Thástáil Chognaíoch Addenbrooke seolta ag an aonad seandaoine in Ospidéal San Séamus i mBaile Átha Cliath. Úsáidtear an tástáil sin go forleathan le measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú cognaíoch seandaoine agus beidh an leagan nua ar fáil do chainteoirí Gaeilge.
D’oibrigh an fhoireann a bhíonn ag breathnú i ndiaidh shíceolaíocht na n-aosach agus foireann an Mercer’s Institute for Successful Memory Aging Clinic as lámha a chéile leis an leagan nua Gaeilge a fhorbairt.
Thug urlabhraí de chuid Ospidéal San Séamus le fios gur aithníodh go raibh “gá ann nach rabhthas ag freastal air” agus fostaíodh aistritheoirí leis an tástáil a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge.
“Cuireadh an t-aistriúchán in oiriúint i gcomhar le cliniceoirí atá ag obair le hothair a bhfuil marach cuimhne orthu ar fud na Gaeltachta. Cinntíodh ar an mbealach seo go raibh gach canúint san áireamh.”
Rinne an tOllamh JB Walsh, dochtúir leis an leigheas geiriatrach agus cainteoir líofa Gaeilge, athbhreithniú ar an leagan deireanach den tástáil, a dúradh.
Dúirt an t-altra Máire McGinley, atá lonnaithe i nDún na nGall, go bhfuil an tástáil Ghaeilge “níos nádúrtha” mar uirlis chumarsáide do chainteoirí dúchais Gaeilge dá leithéid féin.
“Déanann sé níos éasca é do na hothair na rudaí atá mé a fhiafraí díobh a thuiscint. Nuair a dhéanainn i mBéarla [an tástáil], amanna chaithinn a mhíniú don othar i nGaeilge caidé a bhí siad le déanamh i míreanna áirithe den mheasúnú Béarla. Is féidir linn díriú ar an tasc anois seachas ar an teanga,” a dúirt sí.
Dúirt an Dr Aoife O’Callaghan ó Ospidéal San Séamus go raibh cainteoirí dúchais Gaeilge faoi mhíbhuntáiste mar gheall go gcaitheadh siad an tástáil a dhéanamh “ina ndara teanga”.
“Is minic a chailltear scileanna teanga tríd an lagú cognaíoch. Bíonn an scéal níos casta i gcás cainteoirí dátheangacha, mar is minic gurb í an dara teanga atá ag duine a imíonn ar dtús. Sin an fáth, nuair is féidir, a ndéantar tástálacha i gcéad teanga an duine.
“Go dtí seo, ní raibh an tástáil ar fáil i nGaeilge, rud a d’fhág faoi mhíbhuntáiste iad mar bhí orthu cumarsáid a dhéanamh ina dteanga thánaisteach. D’aithníomar an gá le huirlis mheasúnaithe cognaíche i nGaeilge le freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais na n-othar seo, go mór mór iad siúd as an nGaeltacht,” a dúirt O’Callaghan.
Dúirt sí go bhfágann an t-aistriúchán nua seo ar an tástáil gur féidir “cúram sláinte atá níos cothroime” a chur ar fáil dá gcuid othar.
Colmán Ó Drisceoil
Moladh mór tuillte acu seo go léir.