Leaba i measc na naomh go raibh ag Dillon Quirke óg, cumasach, aclaí, stuama, díograiseach 

Bhí Dillon Quirke ina laoch iomána cheana féin agus lear mór bonn buaite aige cé nach raibh sé ach 24 bliain d’aois

Leaba i measc na naomh go raibh ag Dillon Quirke óg, cumasach, aclaí, stuama, díograiseach 

Tá seachtain imithe anois ó tháinig an scéal tubaisteach chugainn go raibh an t-imreoir óg idirchontae as Tiobraid Árann Dillon Quirke marbh. Ag imirt lena club Cluain Ultaigh Ros Mór a bhí sé nuair a thit sé i laige. A leithéid de thragóid dá chlann, dá chairde agus dá chlub. Bhí sé ina laoch iomána cheana féin agus lear mór bonn buaite aige cé nach raibh sé ach 24 bliain d’aois.

Bhuaigh sé bonn Chorn an Artaigh in 2015 le CBS Durlas Éile agus craobh mhionúir na hÉireann i ngrád na mionúr an bhliain ina dhiaidh . Ansin dhá bhliain ina dhiaidh sin bhí páirt lárnach aige i mbua a chlub i gcraobh shinsir an chontae.

Dar ndóigh bhí sé mar captaen ar an gclub i mbliana. Chomh maith leis sin bhuaigh sé craobh faoi 21 an chontae agus na hÉireann an bhliain chéanna. 

Bhí fadhb sláinte aige in 2019 a choimeád ón iomáint é ach an bhliain ina dhiaidh bhí sé ar ais ag imirt agus glaoch faighte aige ó bhainisteoir an chontae Liam Sheedy a bheith ar phainéal na sinsear. Dar ndóigh thosaigh sé sna cluichí craoibhe go léir i mbliana.

Is uafásach an scéal é. Leaba i measc na naomh go raibh ag an bhfear óg, cumasach, aclaí, stuama, díograiseach seo. 

Ach leanann an saol ar aghaidh agus beidh cluichí fós á n-imirt an deireadh seachtaine seo. 

Chomh fada is atá mise ar an saol seo bíonn clog an choirp agam de réir na scoilbhliana agus bhliain Chumann Lúthchleas Ghaeil. 

Nó is dócha ba cheart dom a rá go mbíodh sé mar sin ach nach bhfuil a thuilleadh. Tá mo shaol mar scoláire agus mar mhúinteoir críochnaithe agus tá bliain CLG athraithe ar fad. Istigh ionam féin tá mé sórt measctha suas. Tá cuid mhaith de na clocha míle ar bhóthar an tsaoil imithe ar fad agus cuid eile bogtha go dtí áit éigin eile.

Níl cuid mhaith de na mórdhátaí a bhíodh againn tábhachtach a thuilleadh. Tá mé ag streachailt leis na hathruithe go léir!

Is ait anois a bheith ag scríobh faoi chuid de na craobhacha contae i mí Lúnasa agus an séasúr craoibhe idirchontae críochnaithe le mí anois. Dar ndóigh bhí craobh Chiarraí againn seachtain ó shin agus an Tóchar buacach a bhuíochas d’ardtaispeántas ó uimhir a sé, Jason Diggins agus fear na bpocanna saora Brandon Barrett a fuair 1-7. Beidh orthu fanacht tamall fad anois dos na comórtais chúige.

Amárach imreofar craobh Loch Garman agus Cumann Naomh Aodán Fearna agus Cumann Naomh Mairtín in adharca a chéile.

Imríodh an dá chluiche lethcheannais seachtain ó shin. 

Chuaigh an dara cluiche go dtí am breise agus ba chúilín ag an deireadh ón imreoir contae Paul Morris a thug an bua do Naomh Aodán Fearna agus a chuir críoch le bliain Ropairí na Réaltsoilse mar sheaimpíní an chontae. Thug na Ropairí stánáil do Chumann Naomh Áine Ráth Daingean anuraidh agus bhí an chuma ar an scéal ar feadh tréimhse fada sa dara leath gurbh iad a bheadh ag imirt amárach agus cosaint á déanamh ar chorn an Dochtúra R. J. Bowe acu. Ach dar ndóigh ní mar sin a tharla .

Sa chéad chluiche leathcheannais ba iad Joe Coleman agus Kyle Firman, a fuair dosaen cúilíní eatarthu as an bhfiche a fuair a bhfoireann, a bhí ina réalta agus a chinntigh go mbeadh bua gan choinne ag Naomh Mairtín.

Bhí an dá club sa ghrúpa céanna sna réamhchluichí agus níl ach trí seachtaine ó d’imríodar a chéile i gcluiche a chríochnaigh ar comhscór.

Amárach tabharfaidh siad aghaidh ar a chéile arís agus Naomh Aodán Fearna mar rogha na n-údar. Beidh an cluiche seo le feiceáil ar TG4.

Fág freagra ar 'Leaba i measc na naomh go raibh ag Dillon Quirke óg, cumasach, aclaí, stuama, díograiseach '