Le go mbeadh seans ar bith ag an nGaeltacht caithfimid éirí i bhfad níos bródúla aisti

Tá daoine saonta ann a cheapann gurb í an Ghaeilge príomhtheanga na Gaeltachta

Le go mbeadh seans ar bith ag an nGaeltacht caithfimid éirí i bhfad níos bródúla aisti

Tamall ó shin foilsíodh alt liom ar an tseirbhís nuachta ar líne seo faoi bhealaí leis an méid de chainteoirí laethúla Gaeilge atá fágtha sa nGaeltacht a spreagadh agus cur lena líon.

Bhí mé ag súil go dtarraingeodh mo chuid moltaí díospóireacht agus go gcuirfeadh daoine eile feoil ar na cnámha.

Rinneadh beagán plé orthu cinnte ach ba é cuid an bheagáin é le bheith fírinneach faoin scéal.

Shocraigh Raidió na Gaeltachta díospóireacht a chur ar bun idir mé féin agus Conradh na Gaeilge. D’iarr siad cainteoir as an Ardoifig. Ba é Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí na heagraíochta, as Maigh Cuilinn a cuireadh chugam.

Níl aon locht faoin domhan agam ar Pheadar ach bhí mé ag tnúth go mór le mo phlean a chur abhaile ar Ardoifig an Chonartha i mBaile Átha Cliath. Nach mór de mo chloigeann a bhí folamh.

Tugadh tuairisc faoi mo chuid moltaí ar Nuacht an Iarthair ar Raidió na Gaeltachta, fuair mé dhá ghlaoch teileafóin, fágadh ocht dtrácht faoin alt ar Tuairisc.ie agus tháinig 14 teachtaireacht ríomhphoist chomh fada liom.

Bhí tuairimí soiléire ag cúpla duine ach maidir lena bhformhór b’fhearr leo a bheith ag seanmóireacht faoi chuile ghné d’Athbheochan na Gaeilge ná díriú ar Athbheochan na Gaeltachta.

Cur amú ama a bheadh ann a bheith ag argóint leo. Mar a dúirt bean as an bparóiste seo nuair a fiafraíodh di cén chaoi a raibh a deartháir a bhí ag cailleadh na meabhrach go tréan, ‘bhí sé chomh maith dhuit a bheith ag caint le ‘strainer’, a stór.’

Sula rachaimid níos faide sa gcomhrá seo is ceart dhúinn féachaint le sainmhíniú a fháil ar céard is Gaeltacht ann. 

Tá daoine saonta ann a cheapann gurb í an Ghaeilge príomhtheanga na Gaeltachta. Faraor nach fíor dhóibh é. 

Cá bhfuil an baile fearainn a bhfuil formhór na ngasúr á dtógáil le Gaeilge ann? Cá bhfuil an clós scoile arb í an Ghaeilge an teanga shúgartha ann? Cá mhéad duine de na múinteoirí Gaeltachta a labhrann Gaeilge eatarthu féin?

Le go mbeadh seans ar bith ag an nGaeltacht maireachtáil chaithfeadh an chuid againn atá dílis don Ghaeilge éirí i bhfad níos bródúla aisti.

 Níl muintir na Gaeltachta bródúil as an nGaeilge tríd is tríd. Ní raibh na daoine as an gcuid eile den tír bródúil aisti ach an oiread. Dá mbeadh ní thréigfidís í chomh héasca agus a rinne. 

 Cén fáth gur le Béarla atá formhór na dtuismitheoirí ag tógáil na ngasúr ? Níl ach freagra fírinneach amháin ar an gceist sin: ar mhaithe le dul chun cinn na ngasúr féin a dhéanann siad é. 

Tá imní orthu fós nach mbeidh an Béarla acu mura ndéanfaidh siad sin agus go bhfágfar iad agus a méir ina mbéal acu mar a fágadh cuid mhaith acu féin nuair a chuaigh siad go Sasana nó go Meiriceá agus iad taobh leis an nGaeilge.

 Ní dheachaigh sé i bhfeidhm orthu fós go bhfuil an saol tagtha a bhféadfadh Gaeilge agus Béarla a bheith ag gasúr agus cúpla teanga eile freisin.

Mar bhuille scoir faoin bpobal bródúil Gaeltachta a d’fhéadfadh a bheith againn, cuimhním ar phobal na nAmish in Pennsylvania. Ísiltíris Gearmáinise a labrann siadsan cois teallaigh. Béarla a bhíonn acu sa scoil agus labhrann siad Béarla lena gcuid comharsan ar mhaithe le bheith cúirtéiseach.

 Tá a mbealach féin leo. Dá dtéadh an pobal seo againne an treo sin chuirfí inár leith gur dream aisteach, corrmhéiniúil, scothaicmeach a bheadh ionainn. Ach dá gcoinneodh sé an Ghaeltacht beo cén bheann a bheadh againn ar an dream a déarfadh é?

Beidh fáilte agam go ceann tamaill eile roimh thagairtí ar tuairisc.ie agus roimh theachtaireachtaí ríomhphoist. 

Seo é mo sheoladh ríomhphoist….ocuaig@hotmail.com.

Fág freagra ar 'Le go mbeadh seans ar bith ag an nGaeltacht caithfimid éirí i bhfad níos bródúla aisti'

  • Eoghan ONeill

    Ceart iomlán ag Seosamh Ó Cuaig faoi bród agus féinmhuinín agus tábhacht an ghaelig a labhairt sa bhaile leis na páistí agus leis na comharsain sna ceantracha Gaeltachta. Tá stratéis ar bun, atá ag obair go maith, chun Anglos a dhêanamh de phobal iomlán na tíre agus tost a chur ar an ghaelig. No pasarán amigos!

  • Peadar

    Ní cheapfainnse go bhfuil imní ar bith ar thuismitheoirí nach mbeidh Béarla ag na gasúir – Tá Béarla ag an gcuid is mó acu ón teilifís sula dtéann siad ar scoil ar chaoi ar bith. Tá an lá sin caite. Is é an bac is mó feictear domsa, nach bhfuil na tuismitheoirí muiníneach as a gcumas féin sa teanga. Cúntóirí teanga ag teastáil i ngach rang bunscoile agus sna clubannaí iar-scoile. Fostaíocht do dhaoine a bhfuil togha na Gaeilge acu. Teagmhálacha a chothú idir aos óg na Gaeltachta agus an seandream.

  • Pádraig

    An ceart ar fad agat a Sheosaimh! Ní thuigim beo cén fáth a gceapann go leor de mhuintir na Gaeltachta gur fearr Béarla a labhairt lena gclann. Níl aon bhaol ann níos mó nach mbeidh scoth an Bhéarla acu má thógtar le Gaeilge iad (níl aon duine óg ná meánaosta ón nGaeltacht le droch-Bhéarla ar m’aithne). In ainneoin na dtuairiscí faoi bhuntáistí an dátheangachais, luach na Gaeilge do gheilleagar na Gaeltachta, na bhfíricí gruama faoi thodhchaí na Gaeilge sa nGaeltacht, ní féidir fáil réidh leis an meon sin, meon atá i réim leis na céadta bliain. Caithfear dul i ngleic leis sin má tá aon seans ann go mairfidh Gaeilge bheo nádúrtha bhinn na Gaeltachta.

  • Meadhbh

    Cá bhfuil tú ag fáil do chuid eolais? B’fhéidir go bhfuil na teaghlaigh atá i do cheantar iompaigh ar an mBéarla, ach níl aon teaghlach i mo thimpeall nach bhfuil Gaeilge á labhairt leis na gasúir. Tá na gasúir ag freastal ar ranganna ceoil, damhsa agus amhránaíocht trí Ghaeilge agus tá siad breá sásta an Ghaeilge a labhairt. Ní hé sin le rá nach mbíonn roinnt Béarla chomh maith, ach is í an Ghaeilge an príomhtheanga. B’fhéidir seachas a bheith ag fáil locht i gcónaí agus maíomh go bhfuil gach rud ag dul in olcas gur cheart a bheith ag ceiliúradh na rudaí atá againn in ainneoin constaicí.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Chuideodh sé go mór linn a fháil amach cén ceantar a bhfuil tú i do chónaí ann, a Mheadhbh.

  • S. Mac Muirí

    Níor thosaigh an slua ag breacadh go fóill a Sheosaimh 7 tá sé chomh maith agam scríobh chugat as an Neamh-Ghalltacht .i. taobh sléibhe nach bhfuil ann ach an naoscach 7 is féidir a mhaíomh nach bhfuil aon foghar amháin Béarla aige siúd.
    Tá an ceart agat faoin mórtas (m. an duine aonair 7 an mórtas áite / Gaeltachta) nó is léir an nasc sin idir é, an mórtas, 7 an dea-ghníomh. Thagair tú don deacracht. Gasúir á dtógáil le Béarla ag muintir na Gaeltachta. Má ghlacann muintir na Gaeltachta leis gur Éireannaigh iad is cinnte go dtolgfaidh siad an galar Éireannach .i. an Béarla 7 a bheith umhal dá saíocht sin.
    Is fiú cuimhneamh ar dhroim láimhe a thabhairt don bhféiniúlacht Éireannach 7 leitheadas Gaeltachta a chíoradh mar mhalairt ina ionad, le tuairim daoine a mheas. Bíonn meascán féiniúlachtaí san aon duine amháin i dtólamh ar aon chuma. Leitheadas 7 féiniúlacht Ghaeltachta a thug muintir na Gaeltachta slán i leathstát Béarla amháin go dtí seo.
    Is dream an-bhriste iad na hÉireannaigh / muintir na hÉireann sa dá stát 7 is fearr a bhféiniúlacht siadsan a sheachaint. Buaileadh iad go míleata 7 faoi 1924 bhí an scoth síobtha amach don Oileán Úr ag lucht na sainte. (Bhí aontachtóirí na 26 co. (CC O’B et al.) ag stealladh nimhe siar ina ndiaidh (mar Noraid) sna 70í. Bhíodar fiafraitheach 7 amhrasach faoi Ghaeilgeoirí a státa féin ag an am céanna.) Glacadh leis an Rí, lena theanga 7 leis an ‘clochán i leith an tairlimh’ de chuid na 26 Co agus bhí an bhfáinne fí (carnival of reaction), a gheall Ó Conghaile roimh sin, tosaithe acu. Ansúd anois atá muintir na Gaeltachta 7 mura gcuma siad a bhféiniúlacht féin féin, bunaithe ar leitheadas, rachaidh siad bealach an gharraí mar a chuaigh cainteoirí Gaeilge an Eachréidh, an Chláir, Ros Comáin, ……..
    Mheas Máire Nic Suibhne nach dtiocfadh leis an teanga a theacht aniar 7 i dtreis roimh shaoirse na hÉireann. Coinnigh do shúil ar Albain ar an ábhar soin 7 má thuigeann muintir na Gaeltachta idir an dá linn go bhfuil sócmhainn ar leith dá gcuid féin acu, thar mar atá ag na hÉireannaigh bhriste, coinneoidh siad á seachadadh chuig an óige.
    Dá mba ar an ríomhaire mé, bhreacfainn i bhfad níos mó chugat.

  • séamus Mac Séain Bęal Feirste

    níl më imo chónaî sa Ghaeltacht agus bionn leisc orm labhairt fúithí agus mé chomh h-aineolach agus atá mé ach tâ sraith altanna sa tsiúil ag Ciarán Dúnbarrach ar Facebook ar ” pobail úra Gaeilge ” sa tír ,thuaidh agus theas. Nîl a fhios agam an bhfuil aon rud le foghlaim astú a thógfadh cuid de rabharta mór an ëadóchais atâ ag teacht aniar chugainn go seasta as Iarthar na tíre. Ní h-ionann as a râ nach bhfuil abhar ëadóchais ann. ach nach bhfuil léaró dóchais le fāil áit ar bith?

  • Dónall Ó Cnáimhsí

    Measaim féin go bhfuil dhá fhadhb le inmharantacht na Gaeilge mar theanga pobail sna Gaeltachtaí.
    1. Is beag an tionchar atá a imirt ag eagraíochtaí Ghaeltachta ar chleachtas teanga na bpobail Ghaeltachta, na scoileanna san áireamh.
    2. Tá gá leis na teaghlaigh sin atá ag tógáil a gclann le Gaeilge a aithint agus gach tacaíocht a chur ar fáil dóibh.

  • Muireann Ní Chearbhaill

    Bhí an t ádh dearg ormsa Gaeilge a fhoghlaim thiar ar an gCeathrú Rua agus mé i mo ghasúr. Faraor, feictear domsa anois gur mó den Bhéarla ná den Ghaeilge a bhíonn le cloisteáil sna ceantair Gaeltachta ar fud na tíre, Conamara san áireamh.

  • Mairéad

    Polasaí Oideachas na Gaeltachta – gan fiacla, gan príoreachtaí maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna Gaeltachtaí.
    Pleanáíl Teanga na Gaeltachta- – gan fiacla, gan príoreachtaí.
    TG4 na Gaeilge – – gan fiacla, gan príoreachtaí.
    Údarás na Gaeilge – – gan fiacla, gan príoreachtaí.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá mé beagnach leath chéad bliain im chónaí i gCois Fharraige. Sa ghnáth saol braithim go bhfuil an Ghaeilge in uachtar. Cinnte is mó Gaeilge ná Béarla a cloisim á labhairt thart ormsa agus dhéarfainn gur mó páistí atá á thógáil le Gaeilge nó dhátheangach ná mar atá á thógáil le Béarla amháin, cé nach bhfuil aon data cruaidh agam le sin a chruthú. Deirtear liom gur mó Gaeilge atá á usáid sa gceantar i measc an aos-óg ná mar a bhíodh scór bliain ó shin. Ní dóigh liom go bhfuil an scéal leath chomh duairc is a thugann alt Joe le fios.

  • Mairéad

    Is beag dóchas a léíríodh san alt le Donncha i mBeo.ie
    “40-bliain-i-gConamara
    Cuirim an cheist orm féin, céard is fiú a bheith ag iarraidh teanga a tharrtháil ón mbás, atá chomh
    truaillthe i mbéal na gcainteoirí dúchais deireannacha is gur deacair a rá gur Gaeilge í a thuilleadh!”
    http://www.beo.ie/alt-40-bliain-i-gconamara.aspx

  • Michéal Ó Tuairisg

    Aontaím go h-iomlán le Mairéad. Tá teanga nua anois againn, leath Gaeilge agus leath Béarla.