Tá caifé sa Ghaillimh ag tairiscint lascaine deich cent ar chupa caife d’aon duine a ordaíonn ceann i nGaeilge.
Tá an caifé Plámás, a bunaíodh i mí Mheán Fómhair seo caite agus atá suite ar Shráid Dhoiminic Uachtarach i gcathair na Gaillimhe, tar éis tús a chur le feachtas nua a bhfuil sé mar aidhm aige an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá biachlár dátheangach acu chomh maith. Deir Ciarán Mac Concarraige, bainisteoir an chaifé go bhfuil siad ag iarraidh “leithscéal” a thabhairt do dhaoine an Ghaeilge a labhairt.
“Theastaigh uainn úsáid na Gaeilge i ngnáthchomhthéacs a chur chun cinn agus a spreagadh,” a deir sé.
“Bíonn go leor custaiméirí ag fiafraí dínn cén bhrí atá leis an bhfocal Plámás, agus is leithscéal é mar sin chun an Ghaeilge a labhairt agus a thabhairt isteach sa chaifé.”
“Bhíomar ag smaoineamh faoi bhealaí chun úsáid na Gaeilge a spreagadh, agus rinneamar an cinneadh lascaine a chur ar fáil chun cuidiú le daoine saghas ‘cúis’ a bheith acu an ‘báinín’ laethúil a ordú i nGaeilge. Bealach éifeachtach a bhí ann chun an sprioc sin a bhaint amach!”
Is as cathair na Gaillimhe do Chiarán Mac Concarraige agus d’fhreastail sé ar ghaelscoil agus gaelcholáiste, chomh maith le staidéar a dhéanamh ar an bhFraincis trí Ghaeilge ar an ollscoil.
Cuireadh tús leis an bhfeachtas nua ar an Luan agus tá ag éirí “go hiontach” leis go dtí seo, a deir Mac Concarraige.
“Spreagann sé comhrá agus úsáid teagmhasach don teanga, fiú más cúpla focal amháin atá ag duine,” a deir sé.
Bíonn neart Gaeilge le cloisteáil sa chaife, a deir Ciarán, agus níos mó Gaeilgeoirí ná mar a shílfeá ag teacht isteach agus amach.
“Fiú ar maidin tháinig múinteoir Gaeilge lena rang Ardteistiméireachta Gaeilge isteach sa chaifé,” ar sé. “Deis a bhí ann do na daltaí cupán caife a ordú i nGaeilge agus an teanga a fheiceáil i gcomhthéacs lasmuigh den chóras oideachais.”
Tá sé tábhachtach an Ghaeilge a chur chun cinn in áiteanna cosúil le Plámás, dar leis.
“Is scoláire teangacha mé, agus an rud is tábhachtaí a d’fhoghlaim mé ar scoil agus san ollscoil ná, mar a deirtear sa seanfhocal: Is beatha teanga í a labhairt,” ar sé.
Deir Ciarán Mac Concarraige gur bhraith sé nach raibh suíomh i gcathair na Gaillimhe chun an Ghaeilge a labhairt seachas in Áras na nGael agus sa chaifé in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
“I gcomhthéacs an chaifé, is deas an rud é suíomh a chur ar fáil taobh amuigh d’áiteanna foirmeálta, mar shampla an scoil nó fiú an Ghaeltacht le linn na tsamhraidh.”
“Bíonn neart Gaeilgeoirí i nGaillimh an t-am ar fad, cheap muid go raibh sé tábhachtach sin a aithint agus freastal ar an ngá atá ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.”
“Deirim le daoine – tar isteach agus labhair an Ghaeilge, is cuma má cheapann tú nach bhfuil mórán di agat,” a deir sé.
Eoghan Ó Néill
Smaoineamh simplí éifeachtúil a chuirfidh críoch leis an tost agus beocht sa teanga!
Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile
Dá mba rud é go leathanaíodh é seo amach mar feachtas san éarnáil phríobháideach beidh Éire i mbaol athbheochan na teanga. :)
I ndáiríre is trua é go rabhamar ag fanacht chomh fada ach, más mall is mithid. Tréaslaím leis an gCaifé Plámás agus beidh mé ag ordú mo chéad ‘báinín’ ann chomh luath agus is féidir.