LÁITHREACH BONN: Cuid dár scéal féin scéal mhór-roinn na hEorpa…

Mar chuid den togra Láithreach Bonn, d’fhiafraíomar de chuid de scríbhneoirí na Gaeilge, an scríbhneoir Eorpach thú? 

LÁITHREACH BONN: Cuid dár scéal féin scéal mhór-roinn na hEorpa…

Pictiúr: Leabhar Breac

I mo leabhar nua, Súil an Daill, níl oiread is líne inti suite ar mhór-roinn na hEorpa. Ina ainneoin sin, tá an Eoraip ina lár: tá an príomhcharachtar fillte ón mór-roinn faoi anáil an Renaissance agus é ar bís le tiarnas Eorpach a dhéanamh de Thír Eoghain. Cuid dár scéal féin scéal na mór-roinne agus, fearacht Chonchúir Mhic Ardail, is chun na mór-roinne a fhéachaimse ar thóir eolais is inspioráide.

An ionann sin is a rá gur scríbhneoir Eorpach mé? Dar ndóigh, tá siad siúd ann a thabharfadh scríbhneoirí idirnáisiúnta orthu féin. Ach ar fud an domhain, an mar a chéile ár dtuiscint ar litríocht? An ionann ár dtuiscint ar thagairtí cultúrtha a chéile? Ar an gceol? Ar an stair? Ar bhéascna a chéile? 

Is féidir a rá gur feidhm idirnáisiúnta atá leis an litríocht más é ‘domhan an Bhéarla’ is ciall le hidirnáisiúnta. Ach le fírinne, fiú i ndomhan sin an Bhéarla, na daoine sin a nglactar leis go bhfuil togha an Bhéarla acu agus a dhéanann freastal orainn i gcaiféanna, i dtacsaithe, agus in oifigí turasóireachta i mbailte móra is beaga an domhain, is mar aistriúcháin ina dteanga féin a léann a bhformhór aon chuid de litríocht an Bhéarla — má léann ar chor ar bith — agus iad siúd a bhfuil tóir acu ar an bpopcheol is deireanaí i mBéarla, is minic nach í an chiall chéanna a bhainfidís as na liricí Béarla agus a bhainfeadh Béarlóir. 

Sa Pholainn, san Iodáil nó sa Danmhairg, is fíorbheagán atá ar eolas faoin litríocht s’againn féin. Tá aistriú déanta ar chuid de litríocht Bhéarla na hÉireann i dteangacha na dtíortha sin, ach cé mhéad de litríocht na Polainnise, na hIodáilise, nó na Danmhairgise atá ar fáil dúinn féin tríd an mBéarla? Éagothromaíocht trádála a thabharfá air sin, rud a thugann le fios nach bhfuil i scríbhneoireacht idirnáisiúnta ach gné eile d’fhorlámhas na hImpireachta.

I gcomhrá a bhí agam le riarthóir ar scoil teangacha i Saváí na Fraince tríocha bliain ó shin, rinne mé iontas dá laghad Iodáilise a bhí á múineadh sa scoil (i mbaile a bhí cúpla míle ó theorainn na hIodáile). Bhí a fhios agam nach amhlaidh a bhí san am a caitheadh. Agus go deimhin, bhí ranganna Béarla go barra bachall sa scoil chéanna. Múinteoir Iodáilise a bhí sa riarthóir féin, tráth, agus mhínigh sé dom gur mar chultúr ‘en baisse’ a chonaic Francaigh na háite an Iodáilis, nó mar chultúr a bhí ag dul i léig.

Tá an rud céanna feicthe ar shráideanna na hEorpa agam ó shin. In áit na gcomharthaí ilteangacha a d’fheictí ar bhóithre na hIodáile, cuir i gcás, is in Iodáilis agus i mBéarla amháin atá an chomharthaíocht sin anois. Ar fud na hEorpa, tá neamhshuim déanta de theanga na gcomharsan ag daoine atá ar a ndícheall ag foghlaim teanga Mheiriceá: ‘la culture en hausse’!

Ina dhiaidh sin agus uile, an scríbhneoir Eorpach mé? In aon teanga eile san Eoraip, is beag seans go léifear mórán dá scríobhaimse (ná mórán eile a bhaineann le mo theanga féin), ach ba mhaith liom go léifí. 

Mar sin, is le teann dóchais is dúile a thugaimse scríbhneoir Eorpach orm féin.

Scríbhneoir agus foilsitheoir é Darach Ó Scolaí. Súil an Daill an leabhar is deireanaí óna pheann. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Cuid dár scéal féin scéal mhór-roinn na hEorpa…'