Seo laethanta na cinniúna maidir le cead pleanála chuarbhóthar na Gaillimhe

Tá €31 milliún caite ar phleananna agus ar iarratais phleanála do chuarbhóthar chathair na Gaillimhe in imeacht na mblianta

Seo laethanta na cinniúna maidir le cead pleanála chuarbhóthar na Gaillimhe

Tá an cinneadh atá molta ag na cigirí sa mBord Pleanála i leith an phlean do chuarbhóthar nua na Gaillimhe – an ‘Síneadh ar an M6’ mar atá tugtha air – curtha faoi bhráid bhaill an Bhoird Pleanála anois. Sé an 27ú lá den mhí seo an spriocdháta atá leagtha síos le cinneadh a dhéanamh faoin bplean conspóideach atá ag dul anonn agus anall le cuid mhaith de chúig bhliana fichead.

Cé gur cuireadh síneadh leis an tréimhse mheastóireachta cúpla babhta cheana ceaptar go gcoinneofar leis an spriocdháta an iarraidh seo.  Mar sin, d’fhéadfadh muid toradh a chloisteáil lá ar bith feasta, ach a mbeifear gaibhte tríd na céimeanna oifigiúla sa mBord Pleanála.

Tá comhalta amháin den Bhord Pleanála – dhá dhuine dhéag atá ar an mBord – ag déanamh staidéar ar mholtaí na gcigirí i leith an chuarbhóthair faoi láthair, an ghnáthnósmhaireacht.

Nuair a bhíonn staidéar déanta ag an mball sin den Bhord ar an toradh atá molta, téann an cás ar aghaidh chuig cruinniú de bhaill eile an Bhoird.  Go hiondúil, bíonn triúr nó ceathrar ball ag na cruinnithe seo.  Ach i gcásanna móra, a leithéid seo b’fhéidir, d’fhéadfadh go mbeadh mórchuid de na baill, nó an dáréag uilig acu, páirteach sa gcruinniú agus sa mheastachán deireanach.

Is féidir le comhaltaí an Bhoird Pleanála glacadh le moltaí na gcigirí pleanála nó diúltú dóibh agus is féidir leo coinníollacha a bhainfeadh le ceadúnas a athrú, nó tuilleadh coinníollacha a chur leis an gceadúnas, sa gcás agus gur ceadúnas a bheadh i gceist.

Sin é an cúrsa cinniúnach atá roimh chuarbhóthar conspóideach chathair na Gaillimhe as seo go ceann roinnt laethanta.

Pé ar bith toradh é, beidh sé conspóideach.  Mura dtugtar cead forbartha, beidh sé ina dhíomá mhór ar chuimse daoine a chreideann go dtachtfar Gaillimh le trácht sna blianta romhainn amach agus go mbeidh an chathair agus Conamara, go háirithe, thíos go mór leis.

Ar an taobh eile den scéal, má cheadaíonn an Bord Pleanála an cuarbhóthar bheadh sé chomh dóichí céanna go rachaidh dreamanna a bhí in aghaidh phlean an chuarbhóthair chun cúirte. Dá dtarlódh sin, d’fhéadfadh moill mhór eile a bheith ann sula mbeadh soiléireacht iomlán ann faoi chuarbhóthar na Gaillimhe.

Tá €31m. caite ar phleananna, agus ar iarratais phleanála, do chuarbhóthar seo na Gaillimhe in imeacht na mblianta. 

Cuireadh costas €588 milliún ar an bplean nua don bhóthar atá faoi bhráid an Bhoird Pleanála anois, nuair a cheadaigh an Rialtas caiteachas air an leagan is deireanaí den chuarbhóthar in 2018.  Bheadh an costas sin gaibhte suas go suntasach ó shin, go háirithe i bhfianaise an t-ardú mór atá ar chostas tógála le tamall anuas.

Fiú agus má thagann an cuarbhóthar slán trí chóras an Bhoird Pleanála – agus na gcúirteanna féin – chaithfeadh an tionscnamh a theacht ar ais chuig an Rialtas agus é i bhfad níos daoire. 

Is ar chrann an Aire Eamon Ryan, ceannaire an Chomhaontais Ghlais, a thitfeadh an cúram sin agus ceaptar go bhfuil seisean idir dhá chomhairle faoi fhorbairt chuarbhóthar na Gaillimhe.    

Dhá bhliain agus fiche ó shin a tosaíodh na beartais a bhain le pleanáil an chuarbhóthair timpeall ar chathair na Gaillimhe.  D’fhostaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe comhairleoirí innealtóireachta i mí na Samhna 1999.

  • 1 Nollaig, 2006 – Cuireadh iarratas ar chead forbartha le haghaidh an chuarbhóthair go dtí an Bord Pleanála. Bhí Tuarascáil Timpeallachta agus iarratas ar cheannach éigeantach talún (CPO) istigh leis an iarratas ar an gcead forbartha.
  • 28 Samhain, 2008 – Thug an Bord Pleanála cead forbartha le haghaidh cuid den chuarbhóthar, an píosa de ar imeall thoir na cathrach.
  • 2009 – Thug tríú páirtí an cás go dtí na cúirteanna agus rinneadh athbhreithniú ar bhreithiúnas an Bhoird Pleanála san Ard-Chúirt.  Sheas an Ard-Chúirt le cinneadh an Bhoird Pleanála.
  • Rinneadh achomharc ar chinneadh na hArd-Chúirte go dtí an Chúirt Uachtarach.
  • Aibreán 2013 – D’eisigh an Chúirt Uachtarach a breithiúnas; cuireadh cinneadh an Bhoird Pleanála ar ceal ar fad.  Eisíodh an breithiúnas seo tar éis don Chúirt Uachtarach comhairle a fháil ó Chúirt na gCeart in Aontas na hEorpa.
  • 2013 – Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe deireadh uilig leis an iarracht sin le cuarbhóthar na Gaillimhe a fhorbairt tar éis chinneadh na Cúirte Uachtaraí.

Chuaigh an t-iarratas is deireanaí ar chead pleanála faoi bhráid an Bhoird Pleanála beagnach trí bliana ó shin agus tá tráth na cinniúna againn anois.

Idir an dá linn, tá cuma i bhfad níos soiléire ar scéal na mbóithre sin atá beagán siar ó Ghaillimh agus obair ar sheachbhóthar shráidbhaile Mhaigh Cuilinn, cuid den N59, ar tí tosú. Níl ach oiread na fríde de bhuiséad Bhonneagar Iompair Éireann (TII), údarás na mbóithre náisiúnta, le caitheamh ar an seachbhóthar seo i gcomórtas le bóthar mór na cathrach. €10 milliún atá ceaptha le haghaidh seachbhóthar Mhaigh Cuilinn a dhéanfaidh éascaíocht do dhaoine as Conamara a bheidh ag dul isteach go cathair na Gaillimhe agus do chuairteoirí agus daoine eile a bheidh ag tabhairt a n-aghaidh siar.

Beagnach 3.4 ciliméadar bóthair a bheidh sa seachbhóthar seo a bheidh ag síneadh ó thuaidh de shráidbhaile Mhaigh Cuilinn.  Beidh ceann thiar an bhóthair i mbaile fearainn Dhroim Chonga agus beidh an ceann thoir i mbaile fearainn Chlaídí.   Píosa oibre sách casta a bheidh ann mar go bhfuil trí dhroichead le tógáil, ceann acu san aer os cionn an bhóthair idir Maigh Cuilinn agus Tulaigh Mhic Aodháin.   Beidh timpealláin ag chaon chloigeann den bhóthar.  Meastar go mairfidh an obair ansin ar feadh dhá bhliain.

Tá cainteanna ar siúl faoi láthair idir an conraitheoir atá sa gcéad áit san iomaíocht le haghaidh na hoibre agus Comhairle Chontae na Gaillimhe.  Ceaptar go mbeidh an obair i Maigh Cuilinn ag tosú i ndeireadh na míosa seo chugainn nó i dtús mhí Dheireadh Fómhair.

Fág freagra ar 'Seo laethanta na cinniúna maidir le cead pleanála chuarbhóthar na Gaillimhe'