Lá na cinniúna do réim aclaíochta Netflix agus muigíní seacláide te…

AG TOGÁIL CLAINNE: ‘Tá tú an-leisciúil, Mamaí,’ a dúirt mo chóitseálaí cantalach. Ní fhéadfadh ár gcolúnaí a rá nach raibh an ceart aici…

Lá na cinniúna do réim aclaíochta Netflix agus muigíní seacláide te…

Is gearr go bhfeicfidh muid scoth na lúthchleasaithe ó thíortha an domhain in iomaíocht lena chéile agus súil acu ar bhoinn óir.

Níos gaire do bhaile, tá ráfla ag dul thart go bhfuil Lá Spóirt na dTeaghlach ag teacht aníos agus deirtear go bhfuil comórtas ann ar a dtugtar ‘Rása na Mamaí-anna’.

Níor rith mé in aon rás ó bhí mé i Rang a Sé agus, más buan mo chuimhne, ní raibh mé ró-thréan an uair sin ach an oiread. Is beag seans go bhfuil feabhas tagtha ar chúrsaí ó shin.

‘Dúirt tú go raibh muid ag dul amach ag traenáil,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga liom agus bhreathnaigh sí orm go gearánach. Bhí mé sínte siar ar mo sháimhín só le taobh na páirce. Thosaigh mé ar na leithscéalta; níor chodail mé go maith aréir, bhí mo chos tinn, ghlan mé an teach ar maidin…

‘Tá tú an-leisciúil, Mamaí,’ a dúirt mo chóitseálaí cantalach. Ní fhéadfainn a rá nach raibh an ceart aici. Bhí páipéar an Domhnaigh tugtha liom agam agus bhí neart fairsinge ag na páistí le bheith ag rith thart.

Cé gur dhúirt mé go ngabhfadh ‘muid’ ag traenáil, ’séard a bhí i gceist agam dháiríre ná ‘sibh’. Ní raibh aon mhaith ann, faraor. Tá an séasúr tosaithe agus ní ghlacfar le haon leithscéalta.

Níl a fhios agam cén chaoi a n-éalóidh mé as an rás seo. Dá mbeadh foláireamh faighte agam roimh ré, cá bhfios nach mbeadh roinnt traenála déanta agam. Drochsheans go mbeidh aon bhrabach ar réim aclaíochta Netflix agus muigíní seacláide te atá curtha i bhfeidhm agam ó lár mhí Eanáir.

Ceapaim go bhfuil anailís á déanamh ag na páistí orm sa gcaoi is go bhfeicfidh siad cén riocht ina bhfuil an star athlete acu nó an bhfuil mé sách maith chun dul san iomaíocht ar chor ar bith. D’fhéadfainn an cheist sin a fhreagairt dóibh agus gan aon chall acu le hanailís rúnda a dhéanamh orm.  

‘An bhfuil tú sciobtha ag rith sna bróga sin, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag díom an lá cheana ar nós cuma liom. Bhí barúil agam nach ceist in aisce a bhí ann.

Bhreathnaigh mé síos ar mo chosa le cur i gcuimhne dom féin cén sórt bróg a chuir mé orm an mhaidin sin. Sála tiubha trí horlaí a bhí orm. ‘Is dócha go mbeinn,’ a dúirt mé, ‘dá mbeadh fíorghá leis.’

Fág freagra ar 'Lá na cinniúna do réim aclaíochta Netflix agus muigíní seacláide te…'