‘Lá crua é, ach ní thabharfaimid suas Kyiv’ – an phríomhchathair faoi ionsaí, cainteanna ag tosú arís

Tá lucht idirbheartaíochta ón dá thír ag dul i mbun cainte arís inniu faoi shos cogaidh agus tá triúr ceannairí ón Eoraip ar cuairt ar Kyiv

‘Lá crua é, ach ní thabharfaimid suas Kyiv’ – an phríomhchathair faoi ionsaí, cainteanna ag tosú arís

Bhí Kyiv agus cathracha eile faoi ionsaí arís maidin inniu agus gan aon staonadh ar an ionradh ón aer ar an Úcráin.

Tuairiscítear gur buaileadh in aerionsaithe foirgnimh chónaithe agus stáisiún metro in Kyiv.

D’fhógair Méara Kyiv, Vitali Klitschko, cuirfiú 35 uair an chloig agus dúirt sé gur  “lá crua é an lá inniu” agus “contúirt” mhór ann don phríomhchathair.

“Níl cead bogadh thart sa chathair gan cead speisialta, ach amháin má tá tú ag dul go dtí foscadán buamála, ” arsa Klitschko.

“Is í an phríomhchathair croí na hÚcráine agus déanfar í a chosaint.”

Dúirt sé gur “siombail” Kyiv faoi láthair “de shaoirse agus de shábháilteacht” na hEorpa agus nach dtabharfaí suas í.

Deir na seirbhísí éigeandála gur maraíodh beirt in ionsaí ar bhloc árasán.

Tá lucht idirbheartaíochta ón dá thír ag dul i mbun cainte arís inniu faoi shos cogaidh.

D’iarr Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, aréir ar shaighdiúirí na Rúise éirí as an dtroid agus iad féin a thabhairt suas. “Cad ina thaobh go bhfuil sibh ag fáil bháis?…Má thugann sibh sibh féin suas dár bhfórsaí caithfimid libh mar is cóir caitheamh le daoine daonna, le dínit.”

Tá triúr ceannairí ón Eoraip – ceannairí na Polainne, Phoblacht na Seice agus na Slóivéine – ar cuairt ar Kyiv inniu chun tacaíocht an Aontais Eorpaigh don Úcráin a fhógairt “go neamhbhalbh”.

De réir tuairiscí d’éirigh le 4,000 duine éalú ó chathair faoi léigear Mariupol inné agus tá sé i gceist iarracht a dhéanamh tuilleadh daoine a thabhairt slán ón gcathair inniu.

Deir údaráis na hÚcráine go ndearnadh “dochar mór”  don aerfort i Dnipro, cathair in oirthear na tíre, nuair a rinneadh ionsaithe air.

Mhaígh rialtas na Rúise go raibh ceantar Kherson ar fad gafa acu.

Fág freagra ar '‘Lá crua é, ach ní thabharfaimid suas Kyiv’ – an phríomhchathair faoi ionsaí, cainteanna ag tosú arís'