‘Kruger’s backside saves West Kerry’ – an grá as cuimse don pheil Ghaelach i gCiarraí

Nuair a bhí sé ar scoil a tugadh an leasainm a d’fhan greamaithe dó ar an gCaomhánach - Muiris ‘Kruger’ Kavanagh

‘Kruger’s backside saves West Kerry’ – an grá as cuimse don pheil Ghaelach i gCiarraí

Níor chas Muiris Kruger Caomhánach riamh orm. Bhí sé básaithe, trócaire air, faoin am ar thug mé cuairt den chéad uair ar an tábhairne a thóg sé i nDún Chaoin agus ba é a nia Páid Ó Néill a bhí ina cheannas siúd.

Ba mhinic a sheas mé ann ina dhiaidh sin tráth a raibh Páidí Ó Sé ina bhun sular thóg seisean a theach ósta féin in Ard a’ Bhóthair.

Le himeacht ama agus cuid d’éachtaí agus de ghníomhartha Kruger cloiste agam ba mhó a thuig mé go mba rógaire chomh mór a bhí ann agus an té a bhí anois ag líonadh na ‘bpiúnt’. Bhí ar chumas na beirte a bheith dáiríre freisin. Ba mhór acu a gceantar a chur chun cinn, fir ghnó a bhí iontu agus de réir nádúr an Chiarraígh bhí grá as cuimse acu don pheil Ghaelach. Ba bheag a bhí eatarthu ó thaobh na polaitíochta ach an oiread, déarfainn!

Nuair a bhí sé ar scoil a tugadh an leasainm a d’fhan greamaithe dó ar an gCaomhánach. Le linn an ama sin bhí Cogadh na mBórach (1889-1902) ar siúl san Afraic Theas áit a raibh Paul Kruger ina uachtarán ar an Transvaal, ceann de na ceantair a bhí ag iarraidh deireadh a chur le ceannas na Breataine ansiúd.

Díreach mar a dhéantar athchruthú ar Star Wars i gclósanna scoile na linne seo ba nós le gasúir ag tús an chéid seo caite an rud céanna a dhéanamh agus ba i Scoil Dhún Chaoin a tugadh Kruger ar Mhuiris den chéad uair. Ní ansiúd amháin a bhí lorg Chogadh na mBórach le feiceáil. Foireann darbh ainm Tuam Krugers a bhuaigh Craobh Shinsearach Peile na Gaillimhe i 1901 agus 1902 agus an bhliain dár gcionn b’fhoireann darbh ainm De Wets as Baile Átha an Rí a rinne amhlaidh – iadsan ainmnithe in ómós Christiaan de Wet, ginearál eile de chuid na mBórach.

Ní raibh Kruger Dhún Chaoin ach naoi mbliana déag d’aois nuair a thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe i 1913 agus ní fada a thóg sé air clú a thabhú ansiúd.

Fuair sé post mar rúnaí pearsanta ag duine de na hamhránaithe ba cháiliúla in Broadway, Walter Scanlon, agus tríd siúd chuir sé aithne ar go leor de réalta stáitse agus scannán na linne agus na mblianta a lean – Marlene Dietrich, Al Jolson agus Diana Dors mar shampla. Ba dhlúthchairde Kruger agus an dornálaí Jack Dempsey. Tá sé luaite i ngearrscéal a scríobh an t-iriseoir agus an t-údar cáiliúil Ring Lardner.

Nuair a thug Éamon de Valera cuairt ar na Stáit Aontaithe ar thóir airgid agus tacaíochta d’Éirinn neamhspleách i 1919 bhí Kruger ar dhuine dá lucht garda. Agus ar ndóigh d’imir sé ‘caid’ le foireann in Hartford.

Sa mbliain 1928 d’fhág Muiris Kruger Caomhánach slán le soilse Broadway agus d’fhill ar a cheantar dúchais áit ar thóg sé teach aíochta ar déanadh tábhairne freisin dó le himeacht ama.

Bhí coirnéal beag de Manhattan ag baint leis an áit freisin – pictiúir de na réalta móra crochta ar na ballaí sínithe de láimh acu ag guí chuile rath ar fhear an tí.

Bhíodh spórt Mheiriceá tarraingthe anuas minic go leor freisin. Deir Seán Ó Lúing sa leabhar a scríobh sé faoi Kruger.

Bhíodh eolas agus comhrá in Iarthar Dhuibhneach ar Jack Dempsey, Gene Tunney, Jack Sharkey, Jack Delaney, Jimmy McLarnin agus dornálaithe nach iad. Chuir daoine suim in éachtaí Bhabe Ruth agus Joe DiMaggio agus in imeachtaí na Yankees.

Lean Kruger air ag imirt na peile sa mbaile. Sa mbáire a d’imríodh sé – blocán déanta fir a bhíodh de shíor ag gríosú na gcosantóirí a bhí amach roimhe. Más fíor bhí sé chomh toirtiúil síos óna bhásta go gcaití brístí peile speisialta a dhéanamh dó agus iad fáiscthe air le róipín rua.

Níl aon tagairt de sin ag Seán Ó Lúing sa leabhar ach tá cur síos aige ar an gcéad lá a bhfaca sé féin Kruger i mbun imeartha – sa bháire do Pharóiste an Fheirtéaraigh in aghaidh Lios Póil i Sraithchomórtas Chorca Dhuibhne.

Cúilíní ba mhó a bhí á scóráil ag Lios Póil agus an báireoir thar a bheith cáinteach ar a chuid leathchúlaite féin ag rá go mba chomhartha ar a gcliseadh ab ea go mba thar an trasnán a bhí an liathróid ag dul.

Ansin, as rúcáil, fuair Lios Póil cúl – an liathróid gaibhte isteach díreach in aice leis an maide clé.

‘Canathaobh nár sháraís é sin?’ a d’fhiafraigh an lánchúlaí clé Mauraí Ó hUallacháin as an Leataoibh de Kruger. ‘Ná facaís an garsúinín ansan sa tslí orm!’ an freagra borb a fuair sé.

Bhí garsúinín ann ceart go leor, ach ba ghaire don taobhlíne é ná do Kruger.

Baineann scéal barrúil eile a chuala mé ina thaobh, cé nach bhfuil sé sa leabhar, le cluiche eile ina raibh sé sa mbáire, ag béiceach ar a chuid cosantóirí mar ba ghnách leis – a fhoireann dhá chúilín chun cinn agus an t-am ionann is sleamhnaithe leis. Agus an réiteoir ar tí an fheadóg a shéideadh, d’éalaigh duine de thosaithe na foirne eile isteach i ngan fhios agus nuair a shroich an liathróid é ní raibh roimhe ach an báireoir. De réir mar a bhí seisean ag déanamh isteach bhí Kruger ag déanamh amach air agus nuair a tugadh faoin gcúl céard a dhéanfadh do Mhuiris ach a thóin a iompú leis an imreoir agus leis an liathróid.

“Kruger’s backside saves West Kerry” an cheannlíne a bhí sa Kerryman an tseachtain sin!

Fág freagra ar '‘Kruger’s backside saves West Kerry’ – an grá as cuimse don pheil Ghaelach i gCiarraí'

  • Mícheál de Mórdha

    Píosa breá barrúil faoi Khruger ag mo shean-chara Mártan. Sa bhliain 1967 tháinig criú telefíse go Dún Chaoin ó UCLA chun scannán faisnéise a dhéanamh mar gheall ar Dún Chaoin, faoi stiúir an t-aintreapeolaí, Paul Hockings. Tuigeadh dóibh go raibh an áit bocht dearóil gan bhrí agus ag deireadh na feide. ‘The Village’ a thugadar ar an saothar iomráiteach scannánaíochta seo.
    Ar ndóigh, do bhí Kruger ina lár istigh! ‘God be with the days when Kruger was the bright boy of Broadway’, mar a dúirt sé go neamhbhalbh. Is féidir ‘The Village’ a íoslódáil saor in aisce ón lúb seo a chuirim ar fáil in ómós d’alt Mhártain….
    https://archive.org/details/thevillage_20160715/thevillage_20160715reel1.mov