Kennedy agus Reagan i measc na laochra go fóill ach Carter ag ardú sna cairteacha

Tá aitheantas á fháil faoi dheireadh ag na hiarrachtaí a rinne Jimmy Carter le ceart agus síocháin a bhuanú i Meiriceá agus ar fud an domhain

Kennedy agus Reagan i measc na laochra go fóill ach Carter ag ardú sna cairteacha

Tá siad ann a deir nach bhfuil cothrom na Féinne faighte ag Jimmy Cartar, a bhí ina Uachtarán ar Mheiriceá ar feadh téarma amháin idir 1977 agus 1981. Fear ciúin – i dtéarmaí polaitíochta – a raibh sé tugtha suas dó as a chuid intleachta.

Ní raibh an t-ádh leis ar chúpla cúis nuair a throid sé an dara toghchán. Bhí 52 giall Meiriceánach ar a gcoinneáil in Tehrān agus cantal ar phobal Mheiriceá faoin gcaoi a rabhadar sáinnithe. Sa mhullach air sin, bhí iarrthóir ag na Poblachtánaigh, Ronald Reagan, a bhí beagnach dosháraithe san am sin.

Teist ar an ómós a bhí ag Jimmy Carter don Uachtaránacht agus do ghairm na polaitíochta gur thug sé cuireadh go Atlanta, Georgia, don Uachtarán Ronald Reagan i 1984 leis an gcéad chloch a leagan ar shuíomh na leabharlainne a bhí le tógáil mar shéadchomhartha ar obair an Uachtaráin Carter. Ag labhairt dó ag an ócáid sin thug Reagan suntas agus aitheantas do chumas Jimmy Carter agus thagair sé don intleacht iontach a bhí aige. Ag labhairt ina dhiaidh sin, dúirt Carter: “After listening to you speak there, Mr President (Reagan), I now know how I had no chance of competing with you in the 1980 election.”

Thug an ócáid sin léargas ar thráth den saol a raibh tuiscint agus ceangal níos cairdiúla idir na Daonlathaigh agus na Poblachtánaigh i Meiriceá. Go deimhin, agus é ag labhairt le cainéal teilifíse Public Broadcasting Services (PBS) cúpla lá ó shin, dúirt an t-iarUachtarán Carter gur chuidigh an comhoibriú a fuair sé ó Phoblachtánaigh leis go mór ina thréimhse sa Teach Bán.

Tá an Leabharlann in Atlanta tógtha le fada an lá. Breis agus scór blianta ó shin a sheas mé ansin. Cuirtear béim ar an tsíocháin, an t-athmhuintearas agus cearta an duine ar fud an domhain ann. An lá ar thug mé cuairt ansin, tharla sé go raibh bean an Uachtaráin Carter, Rosalynn, sa leabharlann.

Beag beann ar a cheannaireacht ar an tír is cumhachtaí sa domhan dúirt Jimmy Carter, an lá cheana, go mba é an lá ar phós sé Rosalynn an lá ba thábhachtaí ina shaol, idir a shaol pearsanta agus saol na polaitíochta. Seachtó a cúig bliain ó shin an tseachtain seo a phósadar, an 7 Iúil 1946.

Údar suntais cúpla gné de shaol Jimmy Carter. Is é an tUachtarán is faide fós é a fuair saol; is aige féin agus Rosalynn atá an pósadh is faide a sheas riamh i saol na nUachtarán, agus is é an chéad Uachtarán Meiriceánach é a rugadh in ospidéal! Is iomaí sin rud a tharlaíonn in imeacht 96 bliain, aois an Uachtaráin anois. Trí bliana níos óige atá a bhean, Rosalyn.

Tá na hiarrachtaí a rinne Jimmy Carter le ceart agus síocháin a bhuanú i Meiriceá agus ar fud an domhain ag fáil moladh níos láidre i leabhair a foilsíodh le gairid. Sa measúnú mór is deireanaí atá foilsithe faoi stádas na nUachtarán tá Carter ag uimhir 26 as 45.

Is nós leis an tseirbhís nuachta, C-SPAN, léirmheas a eagrú i measc saineolaithe ar na hUachtaráin uilig a bhí ar na Stáit Aontaithe sular thosaigh an duine is deireanaí sa Teach Bán. Tá an beart sin déanta anois arís agus marcanna tugtha do na 45 Uachtaráin a bhí sna Stáit Aontaithe roimh Joe Biden.

De réir an chórais seo is iad an chéad leathscór ar an scála seo, plúr na nUachtarán.

Mar atá tarlaithe go minic tá triúr ón seansaol ar barr: George Washington, Thomas Jefferson (san ochtú céad déag) agus Abraham Lincoln sa gcéad áit (an naoú céad déag) chun tosaigh. Tá an bheirt Roosevelt – Theodore agus Frederick – ann freisin agus baineann siadsan leis an gcéad leath den 20ú céad. Tá beirt Uachtarán ó na 1950idí ann – Harry S. Truman agus Dwight Eisenhower. Ag uimhir a 8, 9 agus 10 tá John F Kennedy, Ronald Reagan agus Barack Obama, Uachtaráin a bhí i gceannas i ré mhór na meán cumarsáide.

Seo é an chéad uair ar cuireadh Obama ar an gcéad deichniúr ach is fada Kennedy agus Reagan sa ngrúpa sin.

Scríobh an saineolaí ar an Uachtaránacht, Scott Farrer leabhar faoin teideal Kennedy and Reagan – Why Their Legacies Endure beagnach deich mbliana ó shin. Ba é a thuairim sin go bhfuil Daonlathaigh agus Poblachtánaigh fós sa tóir ar cheannairí a bheadh ar mhúnla na beirte sin. Ina chur síos ar Kennedy agus Reagan, dúirt Farrer go raibh an teacht i láthair, an ábaltacht phoiblí agus an cheannaireacht a bhain leo beirt, bainteach leis an mianach Éireannach a bhí iontu – “their Irishness” mar a deir sé. Dá shuntasaí é an meas atá i gcónaí ar Kennedy is suntasaí fós é seasamh Reagan i gcroíthe na Meiriceánach agus i mbreithiúnas na saineolaithe.

Caithfimid cuimhneamh go rabhadar beirt faoi shúil na gceamaraí agus na ndeiseanna nua cumarsáide chuile nóiméad sa ré ina rabhadar i réim. D’fhág an tubaiste nach raibh ach beagán le cois dhá bhliain go leith ag Kennedy sular dúnmharaíodh é. Bhí ocht mbliana ag Reagan sa Teach Bán agus is iomaí sin timpiste a tharlaíonn do pholaiteoirí i dtréimhse chomh fada sin. Ina dhiaidh sin féin, tá a áit fós aige i measc na nUachtarán ab fearr.

Ar ndóigh, ceapadh go mbeadh Donald Trump ar an íochtar uilig ach ní baileach go bhfuil. Cuireadh Thomas Buchanan ag an íochtar uilig (milleán faoin gcogadh cathartha buailte air), agus Frederick Pierce agus Andrew Johnson ar chéimeanna níos ísle ná Trump.

Gan choinne, b’fhéidir, tá George W. Bush ardaithe ó uimhir 36 go uimhir 30.

Cé a roghnaigh scoth na nUachtarán? 142 duine ar fad a thug a mbreithiúnas – staraithe, eolaithe polaitíochta agus ollúna. Ach an oiread le roghnú foirne spóirt, bheadh argóintí ann faoin rogha a rinneadar agus is mór a thabharfadh ardú céime do Jimmy Carter.

Fág freagra ar 'Kennedy agus Reagan i measc na laochra go fóill ach Carter ag ardú sna cairteacha'