Johnson le toghchán Nollag a lorg arís agus a ghealltanas Breatimeachta briste aige

Theip aréir den tríú huair ar Phríomh-Aire na Breataine toghchán á fháil, ach tá rún aige iarracht eile a dhéanamh inniu

Johnson le toghchán Nollag a lorg arís agus a ghealltanas Breatimeachta briste aige

Déanfaidh Boris Johnson iarracht eile inniu toghchán roimh Nollaig a fháil agus a phlean Breatimeachta in aimhréidh i ndiaidh gurbh éigean dó dul siar ar a fhocal agus glacadh le síneadh ama ón AE. 

Theip aréir den tríú huair ar Johnson toghchán á fháil, ach tá rún aige bille gairid a thabhairt isteach inniu chun go mbeadh toghchán ann ar an 12 Nollaig, bille nach dteastódh ach móramh simplí uaidh.

Tá ráite ag na Daonlathaithe Liobrálacha agus an SNP go dtacóidís lena leithéid de chur chuige. 

Deir na Daonlathaithe Liobrálacha  áfach gur toghchán ar an 9 Nollaig atá uathu agus nach dtacóidh siad leis an bPríomh-Aire má chloíonn sé leis an 12 Nollaig.

Tá an seasamh sin á thógáil ag na Daonlathaithe Liobrálacha , atá ag iarraidh an Breatimeacht a stop, ionas nach mbeadh deis ag Johnson a bhille imeachta a chur tríd an bparlaimint roimh thoghchán.

Tá geallta ag Rialtas Johnson nach ndéanfaidh siad iarracht margadh Johnson a chur os comhair an tí arís ach deir an freasúra gurb amhlaidh nach féidir iontaoibh a chur sa Phríomh-Aire.

Níor éirigh aréir le rún toghcháin an Phríomh-Aire.

Vótáil 299 feisire ar son a phlean go mbeadh toghchán ann ar an 12 Nollaig agus 70 a bhí ina choinne, ach theip air mar nár éirigh leis an móramh dhá thrian a theastaíonn do thoghchán a bhaint amach.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Jeremy Corbyn aréir nach dtacódh a pháirtí le toghchán nó go gcuirfí an Breatimeacht gan mhargadh “as an áireamh ar fad”. 

Dúirt sé nach bhféadfaí glacadh le focal Johnson go raibh an Breatimeacht gan mhargadh “bainte den bhord”.

Dhéanfadh a pháirtí bille gairid an Phríomh-Aire a scrúdú, a dúirt Corbyn.

Dúirt Johnson gurbh amhlaidh gur dhiúltaigh Corbyn “do chuireadh an Breataimeacht a chur i gcrích”. 

Dúirt sé go raibh Corbyn agus a pháirtí “ar a dteitheadh ó bhreithiúnas an phobail”.

Ghlac Johnson inné le tairiscint an AE ar shíneadh ama ar an mBreatimeacht go dtí an 31 Eanáir 2020, rud a gheall sé go minic nach ndéanfadh sé go brách.

I litir chuig an AE, dúirt an Johnson nár theastaigh a leithéid uaidh.

‘Flextension’, nó ‘lúbshíneadh’ atá i gceist, is é sin síneadh ama a dtiocfadh deireadh leis ar an 31 Eanáir 2020 ach a bhféadfaí deireadh a chur leis roimhe sin ach an reachtaíocht chuí a bheith curtha tríd.

Dúirt Boris Johnson go mion minic cheana go bhfágfadh an Ríocht Aontaithe an tAE faoi Shamhain is cuma cad a tharlódh. Dúirt sé chomh maith go mb’fhearr leis a bheith “marbh i ndíog” ná síneadh ama a chur leis an mBreatimeacht.

Tuairiscítear go bhfuil sé ina imní ar Thóraithe áirithe go mbeadh deacracht mhór ag Johnson a mhíniú do vótóirí cén fáth nár éirigh leis an Breatimeacht a chur i gcrích mar a mhaígh sé a dhéanfadh sé go minic.

Bheadh an baol ann chomh maith go n-éireodh le páirtí Breatimeachta Nigel Farage dul chun cinn a dhéanamh sa chás go mbeadh toghchán ann agus gan an Breatimeacht curtha i gcrích.

Ach tuairiscítear go bhfuil daoine eile sa pháirtí dóchasach go n-éireodh le Johnson a chur ina luí ar an bpobal go ndearna sé go leor dul chun cinn ach gurbh amhlaidh nár lig an freasúra dó an Breatimeacht a chur i gcrích.

Fág freagra ar 'Johnson le toghchán Nollag a lorg arís agus a ghealltanas Breatimeachta briste aige'

  • An Teanga Bheo

    Oll toghchán ag bagairt ar anois agus buíochas le Dia gan bás i ndíog.
    Trí mhí eile ag fás ag ” Baby Brexit “