JOHN ALLEN: Ná ligimis do chluiche ársa na hiománaíochta imeacht i léig

Tá cluiche iontach againn ach caithfimid forbairt, fógraíocht agus margaíocht a dhéanamh air go práinneach

JOHN ALLEN: Ná ligimis do chluiche ársa na hiománaíochta imeacht i léig

Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

An dream a bhí saibhir go leor chun teilifíseán a cheannach Teilifís Éireann ar fáil den chéad uair sna seascaidí cuimhneoidh siad ar fhógra a craoladh go minic, ‘is dona linn an briseadh seo’. Bhuel, an deireadh seachtaine seo is dona linn go bhfuil briseadh de shórt san iomáint shinsir. Níl ach cluiche amháin ar siúl, idir Laois  agus Ceatharlach, agus cé go bhfuil an cluiche sin an-tábhachtach don dá chontae sin, ní dóigh liom go mbeidh na sluaite ag triall ar Phort Laoise amárach.

Dar ndóigh tá an-chreidiúint ag dul do lucht na hiománaíochta sa dá chontae, agus do dhaoine i mórán contaetha eile nach iad atá ag snámh in aghaidh easa ó thaobh fhorbairt na hiomána de.

Ach faraor, cé gur spórt den scoth í an iomáint, tá líon na ndaoine atá á himirt an–teoranta agus an líon contaetha go bhfuil seans réadúil acu Craobh na hÉireann a bhuachan mar an gcéanna. Tabhair sracfhéachaint ar staitisticí bhuaiteoirí an chluiche ceannais na hÉireann agus feicfidh go bhfuil an corn buaite nócha uair ag trí chontae – Cill Chainnigh, Corcaigh agus Tiobraid Árann.

Tamall de bhlianta ó shin fuair mé litir fhíorshuimiúil ó Thomás Ó hAoláin ó Chathair na Mart inar léirigh sé cuid mhaith tuairimí spéisiúla faoin iománaíocht.

Ceann de na moltaí a bhí aige ná go gcuirfí contaetha ag imirt le chéile, agus ainm nua orthu, sna comórtais sraithe agus agus i gcoirn Rackard nó Ring.

Mar shampla, mhol sé go dtiocfadh Maigh Eo, Ros Comáin agus Liatroim le chéile faoin ainm Céide nó Cromleac orthu, go dtiocfadh Dún na nGall, Doire agus Tír Eoghain le chéile faoin ainm nua Grianán agus go n-imreodh An Lú, Ard Mhacha agus an Dún le chéile faoin ainm Oirialla.

Is cinnte go gcaithfidh CLG i bhfad níos mó a dhéanamh chun an iománaíocht a choimeád beo sa tír. Caithfear an díospóireacht a thosú arís gan mhoill. 

Déanann an suíomh idirlín taistil Lonely Planet cur síos an-mholtach ar an iománaíocht. Molann sé go hard é mar spórt agus mar shiamsaíocht.

Níl aon dabht ach gur seoid luachmhar againn an spórt seo.

Chonaic mé alt ar cheann de na nuachtáin laethúla tamall ó shin faoi chúrsaí margaíocht (nó easpa margaíochta) i dtaobh na n-iománaithe is fearr sa tír. Toisc go mbíonn clogad ar gach imreoir na laethanta seo ní bhíonn súilaithne ag pobal na hiomána ar na himreoirí in aon chor. B’fhéidir gur mhaith an smaoineamh é nach gcaithfeadh na himreoirí na clogaid agus iad ag siúl sa pharáid roimh na cluichí móra. 

Caithfidh CLG níos mó a dhéanamh chun ainmneacha agus aghaidheanna na n-imreoirí a chur os comhair an phobail i bhfad níos minice.

An gcosnódh sé mórán feachtas poiblíochta a eagrú agus fógraí a chrochadh ar a mbeadh aghaidheanna na n-imreoirí agus gach chontae ag taispeáint a chuid iománaithe féin?

Tá cluiche iontach againn ach caithfimid forbairt, fógraíocht agus margaíocht a dhéanamh air go práinneach.

Fág freagra ar 'JOHN ALLEN: Ná ligimis do chluiche ársa na hiománaíochta imeacht i léig'

  • Seán Mac Gearailt

    John, a chara,
    Alt suimiúil mar is gnáth. Is dócha gur fearr an seans atá ag Corcaigh, Port Láirge, Tiobraid Árann, Gaillimh agus Cill Chainnigh ná ag na contaethe eile; ach níl Luimneach, An Clár, Loch Garman agus Baile Átha Cliath gan dóchas ach oiread. Is cuimhin liom an t-am nuair nach mbíodh ach Corcaigh, Cill Chainnigh , Tiobraid Árann agus b’fhéidir corr chontae eile (ceann amháin as Loch Garman, Gaillimh , Ua bhFailí ) san iomaíocht. B’shin trí nó , uaireanta, ceithre chontae le seans réalaíoch. Déarfainn go bhfuil an scéal níos fearr ná mar a bhíodh agus tá caighdeán na h-imeartha feabhsaithe freisin.

    Beir bua,
    Seán Mac Gearailt.

  • Hiy

    Smaoineamh fonta e sin ag fear Mhuigheo ach an gcuirfear i gcrich e? Is dream fior-righin iad udarais CLG. Ba cheart slite nua a iniuchadh chun an cluiche a fhorleathnu ach ni doigh liom go bhfuil se i mbaol. Feach an ghramaisc og a chruinionn taobh thiar des na postai agus iad i muon mhairc a cheile ag iarraidh an sliotar a chur i dtaisce. Costas an tsliotair agus na gcaman is mo a ghoileann orthu. Gan an clogad fein a bhac. Fonn a nios fiach.

  • Hiy

    corrigenda; i muin mhairc a cheile

  • Hiy

    Ceist shuimiuil ardaithe san IT faoi mheachaint an tsliotair, go bhfuil se ro-eadrom. Aontaim.