JFK – Laoch na hÉireann a rugadh i rachmas i Meiriceá agus a d’fhill ar an dúchas

Cothrom an lae seo 60 bliain ó shin a maraíodh John F Kennedy i Dallas, cúpla mí tar éis dó a chuairt cháiliúil a thabhairt ar Éirinn

JFK – Laoch na hÉireann a rugadh i rachmas i Meiriceá agus a d’fhill ar an dúchas

“In fact, you should marry John McCormack!” Baineadh geit as an Ionadaí nua-thofa as Massachusetts. Ní raibh aon chaint ar phósadh aon-inscne san am sin – 1946.

Bhí John Fitzgerald Kennedy ar a bhealach go dtí Teach na nIonadaithe in Washington. Bhí comhairle á cur air. Fear arbh as Roisín na Mainiach i gCarna i gConamara a athair a bhí ag tabhairt na léachta. Duine de phearsana móra South Boston, Sonny McDonagh.

Bhí cos ag Sonny – an ‘Seaimpín’ a thugtaí ar a uncail Micheál sa mbaile i gConamara – sa bpolaitíocht agus i gcúrsaí gnó. Bhí eolas an bhealaigh aige, bealaí go leor.

Bhí sé ag moladh don Chinnéideach óg go leanfadh sé sampla agus comhairle John McCormack. Bhí an tríú post is cumhachtaí i bpolaitíocht Mheiriceá ag McCormack arbh as South Boston é féin freisin. Mar Chathaoirleach nó Spéicéir ar Theach na nIonadaithe, bhí cumhacht láidir aige. ‘Coinningh le Mac Cormaic,’ arsa Sonny le JFK. ‘Ní ghabhfaidh tú amú in Washington má dhéanann tú mo chomhairle. Go deimhin, ba cheart duit John McCormack a phósadh!’

Ní dóigh gur chuala an Cinnéideach an cineál sin cainte mórán roimhe sin. Cén chaoi a gcloisfeadh? Dar le cuid mhór Éireannach i mBoston, bhain John Fitzgerald Kennedy leis an ‘Lace Curtain Irish’, daoine deisiúla a raibh foghlaim orthu agus a bhí in acmhainn an lása galánta a chur ar na fuinneoga. Fear níos tíriúla agus níos gairbhe ab ea Sonny McDonagh.

Tá údar maith againn leis an scéal sin, William Bulger, fear a bhí ina Uachtarán ar Sheanad Stát Massachusetts ar feadh aon bhliain déag, agus cara mór le Sonny, mar a mhínigh sé ina leabhar, While the Music Lasts.

Ba bhreá a bheith ag éisteacht le Bulger ina theach cónaithe i South Boston, áit a gcónaíonn sé fós, agus é ag cur síos ar an saol sin agus ar na Cinnéidigh.

Ní raibh aon téagar colainne san Ionadaí nua as Massachusetts ina fhear óg. Gortaíodh é go dona sa Dara Cogaidh Domhanda agus bhí tinnis eile ag dul dó. De réir chuntas William Bulger is é a dúirt Sonny nuair a dúradh leis go raibh JFK ag tabhairt iarraidh faoin toghchán “that guy is not able to run for anything!”

Ba cuimhneach le Mike Joyce as Béal an Daingin John Fitzgerald Kennedy an chéad uair ar toghadh ina Fheisire é do Theach na nIonadaithe in Washington. Freastalaí i dteach tábhairne ab ea Mike i dTeach Ósta Purcells, an-ghar don Pharlaimint Stáit (an State House) i mBoston, agus saineolaí ar dhlíthe imirce a bhí ann ina dhiaidh sin. Bhíodh an Cinnéideach isteach is amach ann agus é, gan dabht, ag cur aithne ar na polaiteoirí áitiúla agus é ag cuimhneamh ar chéimeanna eile sa bpolaitíocht.

“Deamhan ar thug mé aon suntas dósan seachas go leor eile acu a bhíodh isteach agus amach,” arsa Mike. “Ach tá a fhios agam go raibh sé dea-bhéasach agus gnaíúil agus chuir mé aithne air.”

Bhí John Fitzgerald Kennedy idir dhá stól, agus idir dhá shaol, ag an tráth sin. Tógadh é le rachmas agus bhí bearna shóisialta idir na Cinnéidigh agus go leor den chine Éireannach i mBoston. Ach san am céanna, beag beann ar an airgead a bhí carntha ag na Cinnéidigh, ní raibh mórán glacadh leo i measc na mBoston Brahmins agus na huaisle a d’eascair as an dream a tháinig i dtír i Plymouth.

Measann tráchtairí, Arthur Miller agus a léithéidí, nach raibh mórán suime ag JFK in Éirinn an uair sin. Ach, ina dhiaidh sin féin bhí an Cinnéideach ag an aerfort ag uair an mheán oíche ag fáiltiú roimh de Valera nuair a tháinig seisean anall as Éirinn i ndeireadh na 1940idí agus é sa tóir ar thacaíocht d’athaontú na tíre seo. Thacaigh an Cinnéideach le rún i dTeach na nIonadaithe ag moladh go mbeadh Éire ina tír agus ina stát amháin cé gur dúradh go raibh a phíosa cainte gearr í gcomórtas le hóráidí eile.

Bhí trí chuairt tugtha ag John Fitzgerald Kennedy ar Éirinn faoin mbliain 1947 ach ba í an tríú cuairt sin an ceann ab fhaide. D’fhan sé féin agus a dheirfiúr Kathleen (Townsend) i gCaisleán Leasa Móire i bPort Láirge. Bhí sise ina cónaí i Sasana agus de réir scéil bhí cúl le cine tugtha aici agus í níos fabhraí leis an mBreatain ná le hÉirinn. Ait go leor, bhí JFK féin i gcuideachta bean de shliocht na n-uasal as Sasana cuid den am, Pamela Digby Churchill, iníon le Randolph Churchill duine de threibh Sir Winston. Thaistil sise agus JFK in éineacht go Baile Uí Dhonnagáin i Loch Garman agus chuir an Cinnéideach aithne ar a shinsir, cé go raibh sé ag cinniúint ar chuid dá ghaolta meabhair ar bith a fháil air cérbh é féin.

Ach ba léir go raibh cás aige dá ghinealas ar an mbealach abhaile. Dúirt Pamela go mba chosúil Baile Uí Dhonnagáin leis an Old Tobacco Road (scannán a rinneadh faoi shaol na tuaithe i stát Georgia faoi stiúir John Forde). Dúirt an Cinnéideach ina dhiaidh sin go raibh fonn air í a chaitheamh amach as an gcarr uilig! Is cosúil gur luaigh an tUachtarán Ó Cinnéide an scéal seo lena chomrádaí Dave Powers san eitleán a thug go hÉirinn é i 1963 agus go raibh sé fós bearránach faoin ráiteas sin ó Pamela Digby Churchhill!

Ach bhíodar ann i gcónaí a chaith amhras ar an gceangal croí a bhí, nó nach raibh, ag JFK le tír dhúchais a shinsear. Mar shampla, an Sasanach, Nigel Hamilton, a scríobh JFK – A Reckless Youth, a dúirt gur éirigh Kennedy os cionn a chine. Dúirt an scríbhneoir iomráiteach William Manchester nach raibh cuid ar bith de thréithe an pholaiteora thraidisiúnta Ghael-Mheiriceánaigh ag baint le John Fitzgerald Kennedy. Scéal é sin atá cíortha go maith agus curtha anonn agus anall.

Ina leabhar féin faoin gCinnéideach, abraíonn Ryan Tubridy gur chuir an fháilte a cuireadh roimhe in Éirinn i 1963 agus an t-eolas a fuair sé faoin tír athrú bunúsach ar dhearcadh an Uachtaráin ar an tír seo (JFK in Ireland – Four days that changed a President). Agus b’fhéidir gur ag Tubridy atá go leor den cheart. Caithfear cuimhneamh go raibh Kennedy níos sine faoin tráth sin agus gur mhó an tuiscint a bhí aige ar an saol – rud intuigthe agus nádúrtha i saol chuile dhuine.

Sé an peaca é nár mhair sé mar bhí chuile sheans ann go mbeadh tréimhse iontach aige sa dara téarma. Ach sin stair anois.

Tá 300 leabhar scríofa faoi thragóid Dallas agus gach uile leagan ar an gcaoi ar maraíodh John Fitzgerald Kennedy, duine amháin nó plean casta nimhneach. Ach is deacair gan géilleadh do thoradh an Warren Commission, an fiosrúchán oifigiúil ar mharú an Chinnéidigh. Fear amháin, Lee Harvey Oswald, gan cabhair ná comrádaí a rinne an feallmharú, a dúradh.

Scríobh duine den Choimisiún, Howard P. Willens, leabhar ar ar bhaist sé History Will Prove us Right agus é ag maíomh nár cuireadh aon eolas réadúil ar fáil in imeacht na mblianta a chruthódh a mhalairt.

Dallas. An 22 Samhain 1963. B’fhada an bóthar é ó chuir Sonny McDonagh comhairle ar an bpolaiteoir óg as Boston faoin mbóthar a bhí roimhe – bóthar nach bhfaca duine ar bith a dheireadh.

Fág freagra ar 'JFK – Laoch na hÉireann a rugadh i rachmas i Meiriceá agus a d’fhill ar an dúchas'

  • Eoghan Ó Néill

    Bhí sé níos lú ná 3 bliana ina uachtarán ach shábháil seisean agus Nikita Creuschev an domhan ó chogadh nuicléach i nDeireadh Fomhair 1962 tráth a raibh diúracháin a dhul a bheith curtha i gCuba ag an Aontas Sóibhéadach. Bhí dreamanna cumhachta ina thír fhéin a raibh drochmheas acu air ó aimsir an Bahía de Cochinos, a raibh air deighleáil le dhá mhí i ndiaidh dó thosú mar uachtarán. Maraíodh é 23ú Samhain 1963 ach ní léir fós fíor-chúlra na heachtra sin. Bíodh gur laoch cogaidh a bhí sé sa dara chogadh domhanda ba ar son na síochána a bhí sé i ndiaidh.