NACH DEAS É? Is treise gliceas ná neart

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Is treise gliceas ná neart

Chomh glic leis an sionnach a déarfaí faoi dhuine.

D’fhéadfá chomh glic le seandraoi a rá freisin, nó le muc, nó leis na beacha.

Is ionann a bheith glic agus a bheith, cliste, gasta, meabhrach, éirimiúil, géarchúiseach, beartach, cleasach.

Is mar cháineadh ar dhuine a deirtear é go minic. Diúlach glic é a déarfaí.  Dhéanfadh sé nead i do chluais.

Bheadh sé in ann a chuid cártaí a imirt go maith. Ar ndóigh d’fhéadfadh sé sin a bheith ina mholadh nó ina cháineadh.

Bheadh sé chomh glic le fear na méaracán, le cearrbhach na súgán.  Cearrbhach a bhí ansiúd nárbh fhéidir buachaint air ag imirt. Dúradh faoi go raibh buaite aige ar an diabhal féin.

Is minic a d’úsáideadh na filí an focal glic:

“Do labhrainn Laidin ghasta is Béarla glic”, a dúirt Dáibhí Ó Bruadair.

Rinne Seán Clárach Mac Domhnaill cur síos ar “aingir gasta glic béasach ciúin” a casadh dó.

“An faoileann glic modhúil mná” a thug file eile ar bhean.

Éist leis an rann seo mar a bhfuil sáiteán eile fós tugtha do na mná:

Ceathrar dá dtug Fionn fuath,

Cú trua agus each mall,

Tiarna tíre nach mbeadh glic,

Agus bean nach mbéarfadh clann.

Seo leaganacha eile a bhfuil an focal glic iontu:

An té nach bhfuil láidir ní foláir dó a bheith glic—is treise gliceas ná neart.

Chaithfeadh duine ar bith airgead ach is fear glic a chruinneodh é.

Éist go glic le comhairle an tseanduine.

Éist le comhrá daoine glic,

Tuig is lig mórán thart.

An té is glice mealltar é.

Faltanas Mhuintir Laoi, buille fill Chlann Donnchadha agus gliceas Chlann Mhic Con Fhaola.

Amadán iarainn a thabharfaí ar amadán glic nach mbeadh chomh bog agus a fheicfí é.

Fear glic ag tarraingt ualaigh in aghaidh an chnoic—magadh a bheadh ansin; is amadán nach ndéanfadh éascaíocht éigin ar a chuid oibre.

An taobh sleamhain amach is an taobh cam isteach—imeacht an rógaire, an té a bhíonn glic.

Tuigeann fear glic leathfhocal—is leor nod don eolach.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Is treise gliceas ná neart'