Is mór idir an drochscéala seo agus aisling bhunaithe an PSNI

Tá an phóilíneacht ó thuaidh le lagú a thuilleadh d’uireasa feidhmeannais agus buiséid

Is mór idir an drochscéala seo agus aisling bhunaithe an PSNI

Na céadta post san PSNI le cailliúint taobh istigh de dhá mhí agus bac ar earcaíocht. Easnamh £80 milliún ar a mbuiséad. Beidh dochar d’éifeachtacht na bpóilíní dosheachanta.

Is mór idir an drochscéala seo agus aisling bhunaithe an PSNI a leagadh amach i dtuarascáil Choimisiún Patten breis is scór bliain ó shin.

Go deimhin tá an laghdú ar líon na foirne ag teacht salach ar Ré Nua, Tús Nua, an margadh a rinne na páirtithe agus an dá rialtas trí bliana ó shin, chomh maith le múnla Patten.

Bhí Príomh-Chonstábla an PSNI, Simon Byrne ag tabhairt foláirimh le míonna go mbeadh an tseirbhís i dtrioblóid, cheal maoinithe. Cibé seans a bheadh ag an PSNI ar bhreis maoinithe dá mbeadh Stormont ag feidhmiú, níl dóchas ar bith go mbogfaidh na Tóraithe.

Deir an Státrúnaí Chris Heaton-Harris agus an tAire sóisir Steve Baker go minic go bhfuil géarghá le srian a chur ar chaiteachas i dTuaisceart Éireann.

Ó bhí Heaton-Harris i Meiriceá ag cuimilt meala le Washington ba é Baker a sheol buiséad Thuaisceart Éireann i dTeach na Parlaiminte an tseachtain seo thart.

B’in buiséad 2022-2023 – mall mar nár ritheadh buiséad sular thit an Feidhmeannas bliain ó shin. Is mór an méid é £14 míle milliún ach ba laghdú é nuair a chuirtear boilsciú san áireamh. Níor chuir an tAire fiacail ann áfach, é diongbháilte go raibh 21% an duine níos mó á chaitheamh ar phobal an Tuaiscirt ná in aon áit eile san Ríocht Aontaithe.

Beidh gá le buiséad 2023-24 go luath agus mura bhfillfidh an DUP ar Stormont go luath beidh sé faoi smacht na dTóraithe. Tá na haidhmeanna soiléir agus ní tuar dóchais iad don réigiún seo, plé ar siúl faoi tháillí uisce a thabhairt isteach agus méadú ar na rátaí maille leis an sparán poiblí a theannadh.

Is i gcomhthéacs na déine sin a chuir an Príomhchonstábla Simon Byrne a phlean ciorruithe faoi bhráid Bhord na bPóilíní. Chomh maith leis an £80 milliún d’easnamh a bheidh ag an PSNI faoi dheireadh na bliana airgeadais ag tús mhí Aibreáin, áiríodh go mbeadh ganntanas níos mó i ndán dóibh sna blianta seo romhainn.

Chun a dhul i ngleic leis sin bainfear leas as an gcleachtas ar a dtugtar ‘deachmaíocht nádúrtha’. Dá réir ní dhéanfar earcaíocht i mbliana, ní cheapfar éinne in ionad na ndaoine a fhágfaidh an tseirbhís –thart ar 300 póilín agus os cionn 100 oibrí sibhialtach. Faoi dheireadh an Mhárta ní bheidh ach 6,700 ar fhoireann an PSNI, an líon is lú ariamh; sin 800 níos lú ná mar a mhol Ré Nua, Tús Nua agus coimisiún Patten.

Meastar go laghdófar an fhoireann a thuilleadh sna blianta seo romhainn i ngeall ar an déine.

Ní raibh an PSNI gan locht is é ar lán-acmhainn foirne (mar atá ráite sa cholún seo go minic) ach luíonn sé le réasún go mbeidh drochthionchar ag an titim i líon na foirne ar an bpobal agus ar na póilíní féin. Maítear go bhfuil lagmhisneach forleathan i measc na ballraíochta cheana féin. Ní díspreagadh go dtí é an cor seo.

Is minic a cháintear na póilíní faoin méid dúnmharuithe nár fuasclaíodh, cuir i gcás. Anois beidh laghdú 100 ar líon na mbleachtairí a fhiosróidh dúnmharuithe agus sceimhlitheoireacht.

Thairis sin, táthar ag admháil nach mbeidh póilíní chomh feiceálach ar na sráideanna ná fáil orthu go héasca i dtaca le heachtraí nach mbeidh ardtosaíocht acu. Beidh póilíní ar fáil a dúirt an Príomh-Chonstábla chun déileáil le glaonna 999 agus coireanna a dhéanann dochar mór.

Ba dheacair gan aontú leis an gcur síos a bhí ag an bPríomh-Chonstábla ar an ré dhearóil atá ar na bacáin “is ionann níos lú póilíní agus níos lú póilíneachta”.

Fág freagra ar 'Is mór idir an drochscéala seo agus aisling bhunaithe an PSNI'