Is mór é luach na foighne ag Ciarraí

Muna dtagann Doire le hiontas nó le seift éigin as an ngnáth, míorúilt éigin ná fuil feicthe cheana againn, beidh an lá leis an bhfoireann a chruthaíonn iontaisí agus seifteanna le gnás agus le nós

Is mór é luach na foighne ag Ciarraí

Tá an insint agus an reacaireacht a ghabhann le cluiche mór an Domhnaigh idir Ciarraí agus Doire ana-spéisiúil.

Ag brath ar cé leis atá do chluais agat, beidh Ciarraí agus Áth Cliath i gcluiche ceannais na hÉireann fé cheann coicíse agus níl i nDoire agus Muineachán ach lón bóthair ar a slí ann dóibh.

Tá insint ann, chomh maith, nach n-oireann fód fairsing Pháirc a’ Chrócaigh do Dhoire agus nach bhfuil an múnla imeartha a bhuaigh na céadta cath dóibh so-aistrithe ná so-imeartha nuair a thagann sé go dtí ceannáras Chumann Lúthchleas Gael.

Ní dóigh liom go bhfuil aon fhírinne san insint sin, áfach. Tá cúig cinn de chluichí imeartha ag an mbuíon imreoirí seo ó Dhoire ó thosnaíodar ag cur gaoth ina seolta arís anuraidh. Tá trí cinn des na cluichí sin buaite acu, in aghaidh Uíbh Fhailí, an Chláir agus Chorcaí coicíos ó shin. Ní haon náire dóibh an dá chluiche atá caillte le bliain anuas acu i bPáirc a’ Chrócaigh – cluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh na Gaillimhe an dtaca seo anuraidh agus cluiche ceannais na sraithe, Roinn 2, i gcoinnibh Átha Cliath san earrach i mbliana.

Thosnaigh an chogarnaíl fé Dhoire agus Páirc an Chrócaigh nuair nár éirigh leo ach 1-6 a aimsiú sa chluiche leathcheannais sin in aghaidh an Gaillimhe. Ba léir d’aoinne a bhí i láthair an dtaca seo anuraidh, áfach go raibh gnéithe áirithe den imirt nach raibh forbartha go fóill ag Doire, ní lú ina measc sin an úsáid a bhí á baint as a gcúl báire Odhran Lynch acu. Sa chluiche ceannais sraithe i mbliana (an t-aon chluiche atá caillte ag Doire in 2023) deintear dearmad go raibh Doire in uachtar go dtí go mb’éigean do Conor Glass, a gceannaire agus a dtaoiseach, an pháirc a fhágaint luath sa dara leath. Thit an tóin astu ina dhiaidh sin agus ghéilleadar ceithre bháide ina éagmais.

Tá Doire feicthe go minic i mbliana agam agus dá mhéid a chím iad, is ea is mó a bhím tógtha le Glass. Is é a stiúraíonn an imirt, is é is mó a bhíonn le clos ag fógairt na bpatrúin imeartha, is é is túisce sa ghleo nuair is mó an gátar agus níl aon amhras orm ná gurb é féin, Brendan Rodgers agus Chrissy McKaigue atá tar éis ceannas a ghlacadh ar an seomra feistis ó d’imigh a mbainisteoir, Rory Gallagher ar chúl stáitse níos luaithe i mbliana.

Bí ag súil go raghaidh Ciarraí go diongbháilte i ndiaidh Conor Glass, ach is fusa ráite ná déanta é, ainneoin ghaiscí Dhiarmuid Uí Chonchúir agus Jack Barry le seachtainí beaga anuas.

Dá mbeifeá i mbróga lucht leanúna Dhoire le laethanta beaga anuas, tá ana-sheans go mbeadh fonn cur amach ort ag éisteacht leo siúd atá ag píobaireacht is ag portaireacht fé d’fhoireann contae. De dheasca a gcur chuige agus a stíl imeartha, tá scata lasmuigh den gcontae ag guí gur díbirt agus deisiú a bheidh i ndán do Dhoire amárach ach más geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin, is geal le muintir Dhoire na peileadóirí a thug oiread taitnimh dóibh le dhá bhliain anuas. Bí deimhnitheach ná fuil fonn orthu scarúint go fóill leis an aistear ná leis an aisling.

Ceann des na cruacheisteanna atá le réiteach acu, áfach, ná cé chuirfidh siad i ndiaidh David Clifford? Tá ana-iontaoibh acu as Chrissy McKaigue agus cuid mhaith den iontaoibh sin tuillte aige de dhroim na dtaispeántas atá tugtha aige uaidh ar chuid de na tosaithe is fearr amuigh. Taibhsíodh dom, áfach, agus mé ag faire ar Oisín Gallen ag déanamh file caoch de McKaigue i mBealach Féich i dtús an Mheithimh nach é fear Shleacht Néill is oiriúnaí a thuilleadh don dtosaí is fearr ón dtaobh eile. Ní chuirfeadh sé aon iontas inniu orm dá bhfágfadh Doire cúram gardála Clifford fé ghiorria an chúinne, Conor McCluskey.

B’fhéidir go mba leasc le Ciarán Meenagh an chros san a chur air tar éis do Chlifford gabhar a dhéanamh de McCloskey sé bliana ó shin i gcluiche ceannais na mionúr ach tá McCloskey tagtha chuige féin go diail ón lá sin agus bheadh i bhfad níos mó mianaigh sa té a éiríonn ná an té a thiteann. Dhein McCloskey ana-chosaint in aghaidh Shane Walsh an dtaca seo anuraidh agus níl aon ní gur leasc le Dia beag na caide i gCiarraí a dhéanamh ná a bheith ag rith siar i leith a chúil ag leanúint an ghiorria. Tabhair fé ndeara aon uair a éalaíonn a fhear chun tosaigh uaidh go bhfágann Clifford dualgaisí cosanta fé dhaoine eile. B’fhéidir go mbraitheann a chomhghleacaithe go bhfuil an logha san dlite dhó as a chumais i réimsí eile ach b’fhéidir, leis, nach é an lá amárach an lá is fearr chun an cineál sin a thabhairt dó.

Tá sé ráite cheana féin an tseachtain seo ag Jack O’Connor gur mór é luach na foighne agus tú ag tabhairt aghaidh ar Dhoire. Is dóigh liom go raibh Jack ag baint leas as na meáin chun é a chur ina luí gaidhte ar lucht leanúna Chiarraí gan a bheith as osnaíl, ag búirthigh is ag séideadh ón seastán amárach nuair a thiocfaidh na paistí imeartha san nuair a choimeádtar seilbh ar an gcaid ar ais nó ar éigean. Caithfidh gach pas láimhe ón dá thaobh (agus is pasanna láimhe a bheidh ann ar an mórgóir) a bheith tomhaiste agus meáite d’fhonn an deis is fearr a thabhairt don té atá ag teacht ar ruathair fiarsceabhach chun iad a bhailiú.

Tá a fhios againn ón gcluiche ceathrú ceannais in aghaidh Chorcaí nach ngéilleann Doire ciceanna saora laistigh den líne 45 méadar ach b’fhéidir go bhféadfadh Ciarraí san a iompú ina gcoinne agus raithneach a bhaint, dá n-ainneoin, as a bhféinsmacht. Uaireanta bíonn foirne ar nós Dhoire ródhírithe ar gan calaois a ghéilleadh agus tá a leithéid de rud i gcluiche an lae inniu agus ‘calaois mhaith’. Má éiríonn le tosaithe Chiarraí éalú trí na mogaill chosanta chífidh tú dánaíocht agus dásacht san áit go raibh támáilteacht le feiscint coicíos ó shin i gcás Chorcaí.

Tá a fhios againn chomh maith ón gcluiche ceathrú ceannais agus ó chluiche leathcheannais na bliana seo caite go bhfuil léite ag réiteoirí ar iarrachtaí Gareth McKinless ciceanna saora a mhealladh. Beidh tuiscint Joe McQuillan ar dhíol is ceannach calaoise ríthábhachtach amárach agus cá bhfios, ná gurb eo ceann de na cluichí leathcheannais calctha coimeádacha iatacha sin a bheidh ag brath ar fheabhas nó donacht na gciceanna saora chun dealú idir bhris agus bua.

Muna dtagann Doire le hiontas nó le seift éigin as an ngnáth, míorúilt éigin ná fuil feicthe cheana againn, beidh an lá leis an bhfoireann a chruthaíonn iontaisí agus seifteanna le gnás agus le nós. Beidh insint eile ann má thagann. Ciarraí ar éigean.

Fág freagra ar 'Is mór é luach na foighne ag Ciarraí'

  • Carraig53@protonmail.com

    Chef d’oeuvre.

  • jpmorley0@gmail.com

    Beidh ar Glass go háirithe bogadh chun cinn agus so-lúbthacht níos mó a thaispeáint. Gan bheith i bhfastó sa bhall céanna i gcónaí mar is dual dó. Bheith níos so-fheicthe agus gan ligean don bhfreasúra briseadh tríd. Ró-leochailleach ar fad uaireanta nuair a chuirtear brú air.