Is mór an tógáil croí i gcónaí é ‘Litríocht agus Pobal’ le Gearóid Denvir

Fiú agus an leabhar cuid mhaith blianta ar an bhfód, níorbh olc an mhaise d’éinne é a cheannach le haghaidh na Nollag

Is mór an tógáil croí i gcónaí é ‘Litríocht agus Pobal’ le Gearóid Denvir

Dornán blianta ó shin a fuaireas greim ar an leabhar Litríocht agus Pobal – Cnuasach Aistí, le Gearóid Denvir. Tuairim is ceithre chéad leathanach d’aistrí breátha, sothuigthe atá sa leabhar seo, a fheileann go breá don ghnáthdhuine neamhacadúil, ach iad lán saibhris agus doimhneachta mar sin féin. Iarracht ar dhul i ngleic leis an gceist ‘Cad is litríocht ann?’ atá sa leabhar.

Níl sé i bhfad ó shin ó mheabhraigh an Baile Átha Cliathach dúinn cé nár cheart dúinn neamhaird a dhéanamh ar a bhfuil ag tarlú timpeall orainn, gurbh olc an mhaise dúinn géilleadh don éadóchas agus don dioscúrsa a ghabhann leis. Ag léamh an leabhair seo dom, tuigim cén fáth a bhfuil an dearcadh sin aige. Tógáil croí agus ardú meanman a bhfuil ann ó thús deireadh, agus féach go bhfuil a gceart tugtha ann d’fhilí pobail na Gaeltachta, chomh maith leis na filí a bhfuil a n-ainm in airde le fada an lá.

Is nós leis an údar an tseanfhoirm choibhneasta den bhriathar a úsáid – leithéid ‘a bhíos’, ‘a shaothraíos’, ‘a airíos’ agus ‘a shaibhríos’, foirmeacha a bhfuil ‘a bhíonns’, ‘a shaothraíonns’ is mar sin de déanta díobh i nGaeilge Chonamara anois.

Fiú agus an éabhlóid bheag sin tagtha ar an gcanúint, agus difear beag ann dá bharr idir an scríobh canúnach agus an chaint bheo, bronnann ‘s’ sin an údair beocht ar an scríbhneoireacht agus is beag nach ‘gcloiseann’ an léitheoir an t-údar ag ‘caint’, duine a d’fhoghlaim an teanga agus nach n-aithneofaí thar chainteoir dúchais é..

Casfar focail ort sa leabhar seo nach dtuigfidh tú go baileach ar dtús, ach a dtuigfidh tú a mbrí ón gcomhthéacs. A bhuíochas don athrá – bunchleas an mhúinteora mhaith – feicfidh tú arís is arís eile iad, agus cé go mb’fhéidir nach mbeidh ar do chumas iad a mhíniú le do theanga, is fearr fós a thuigfidh tú iad faoi dheireadh an leabhair, fiú agus do theanga ag teip ort. Ina measc, tá ‘cruinneshamhail’ – dearcadh saoil an Ghaeil – téama lárnach sa leabhar.

Is nós leis an údar litriú malartach a úsáid ó áit go chéile (e.g. ‘is léar’), agus sibhse a tógadh le Gaeilge na Gaeltachta agus ar cuimhin libh caint bhur seanmhuintire, taitneoidh sé libh go bhfágtar an briathar saor gan séimhiú ann – ‘ní fágtar’, ‘a cuirtear’, etc. Más duine thú nach nós leat a bheith ag léamh i nGaeilge, ceannaigh an leabhar seo.

Is san aiste ‘Solas ar an nGloine’ a thugann Gearóid Denvir aghaidh ar ghné d’fhilíocht Sheáin Uí Ríordáin agus a scagann sé an dán draíochtúil ‘Siollabadh’. ‘Lóchrann sa Dorchadas’ atá ar an gcuid seo dá aiste, agus cúis leis. Seo anall banaltra a sheasann ‘os cionn an uile leaba’ agus a bhraitheann cuisleanna na n–othar, ‘cuisleanna atá anois ‘ag siollabadh’ agus ‘meadaracht’ acu.’ Ach a n-imíonn sí as an seomra, fágtar san aireagal ina diaidh na cuisleanna ceolmhara ‘mar chlaisceadal ag comhaireamh’.

Is gearr ina dhiaidh sin go gcloistear an tAngelus, ‘nóta glan cloig, Fáilte an Aingil á leathadh tríd an aer… Croitheann nóta an chloig móilíní an aeir agus teilgeann a theachtaireacht ins an uile áit san aireagal. Teachtaireacht an tslánaithe, go ndearnadh colainn dhaonna den bhriathar d’fhonn an duine a shlánú. Teachtaireacht dóchais.’

Míníonn an t-údar go binn mar a chothaítear comhaontacht ní hamháin idir an bhanaltra agus siollabadh na gcuislí, ach idir ‘beolaibh’ na n-othar agus bualadh an chloig, ‘siollabadh’ de shaghas eile: ‘Tostann an clog agus tagann deireadh leis an bpaidir, agus is léar…go bhfágann eachtra an chloig tionchar a shaibhríos ina dhiaidh, mar atá, toradh an deasghnátha chreidimh a leanas i measc na n-othar, fearacht saibhreas manach a thíolacas a saol do Dhia ina gcuid ‘siollabadh nónta’.’

Dán é seo, más ea, ina ndéantar íomhánna a bhaineann leis an gceol, leis an bhfilíocht agus leis an gcreideamh a shníomh ina chéile, rud a dhéantar trí bhíthin na gcuislí, ‘príomhaisteoirí an dáin’:

‘Sna cuisleanna a braitear bualadh croí an duine, agus ní miste a mheabhrú gur féidir an dán a léamh os ard leis an mbéim ar gach siolla, díreach ar nós bualadh croí.’

In aireagal ospidéil atá na cuislí toisc nach bhfuil siad ar fónamh, agus meabhraíonn an t-údar dúinn, de réir thuiscintí creidimh na linne, gur ‘in aireagal na beatha atá an duine lonnaithe arae tá sé ag maireachtáil i staid easpach neamhfhoirfe na heasláinte spioradálta’ de bharr a lochtanna daonna.

An té a bhfuil glacadh féin aige leis an méid sin, tá ‘corrnóiméad faoisimh le fáil aige, corrlóchrann a shoilsíos an bealach dorcha i dtreo an bháis. Tuar dóchais don fhánaí oíche ghaoithe.’

Ba gheall le paidir an fhilíocht ag an Ríordánach, agus sa dán seo, ‘scaoiltear an file as an seomra dorcha, as géibheann a aigne, más go sealadach féin é. Déantar spideog de agus gluaiseann sé suas amach as féin go dtí domhan na fírinne, go dtí gualainn Dé agus é ag raideadh a cheol sainiúil féin leis an mbith faoi bhealach.’

Is féidir Litríocht agus Pobal a ordú anseo.

Fág freagra ar 'Is mór an tógáil croí i gcónaí é ‘Litríocht agus Pobal’ le Gearóid Denvir'