‘Is mó an spéis atá acu branda a dhéanamh den Ghaeltacht ná tacú leis an bpobal’ – Mairéad Farrell

An Teachta Dála de chuid Shinn Féin i nGaillimh Thiar an polaiteoir is déanaí le cáineadh géar a dhéanamh ar a bhfuil geallta faoin nGaeilge sa chlár rialtais nua

‘Is mó an spéis atá acu branda a dhéanamh den Ghaeltacht ná tacú leis an bpobal’ – Mairéad Farrell

Is í Mairéad Farrell, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin i nGaillimh Thiar, an polaiteoir is déanaí sa Dáil a bhfuil cáineadh géar déanta aici ar an soláthar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht sa chlár rialtais nua.

Dúirt Farrell go raibh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas ag iarraidh “dalladh púicín” a chur ar mhuintir na Gaeltachta is na Gaeilge. Dúirt sí gur mhó an tsuim a bhí ag na trí pháirtí “branda turasóireachta” a dhéanamh den Ghaeltacht ná “infheistíocht cheart” a dhéanamh inti.

“Níl aon cheo nua sa gclár rialtais seo a thabharfadh sásamh do mhuintir na Gaeltachta is na Gaeilge.

“Béalghrá den chuid is mó atá sna ráitis gan bhrí atá le léamh sa gcáipéis seo ach pé ar bith céard faoin duine nach dtuigeann cúrsaí Gaeilge is atá dall ar an ngéarchéim sa nGaeltacht maidir le cúrsaí fostaíochta, teangan, infreastruchtúr is bunseirbhísí poiblí, cúis náire amach is amach go raibh ábhar rialtais againn sa tír seo a thugann faoin ealaín chéanna.”

Ba thrua leis an Teachta Dála de chuid Shinn Féin nach raibh aon ghealltanas sa chlár maidir le toghcháin phoiblí a thabhairt ar ais do bhord Údarás na Gaeltachta agus nach raibh caint ar bith ann faoi aire sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

“Bhí barúil againn nach raibh Fine Gael sásta polasaithe mar seo a chur i bhfeidhm ach tá a fhios againn anois nach raibh Fianna Fáil ná an Comhaontas Glas róchorraithe fúthu ach an oiread.

“Deirtear linn go dtabharfar tús áite do bhranda ‘Gaeltacht na hÉireann’, agus sin é an áit a bhfuil an buille. Sin duit an tuiscint atá acu ar an nGaeltacht. Branda atá ann le turasóirí a mhealladh don tír seo agus riocht an Ghaelachais a tharraingt orainn seachas infheistíocht cheart a chur isteach i gceantracha Gaeltachta sa gcaoi is gur féidir leis an bpobal maireachtáil ann.”

Maidir leis an méid atá sa dréachtchlár rialtais faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, faoi Bhille na dTeangacha Oifigiúla agus faoi lárionaid Ghaeilge a thógáil ar fud na tíre, dúirt Farrell gur tugadh na geallúintí sin cheana agus nach raibh i gceist leo ach “athrá”.

Dúirt sí gur chóir do bhaill na bpáirtithe vótáil in aghaidh an chomhrialtais.

“D’fhéadfaí ansin plean ceart feiliúnach a chur le chéile ina mbeadh spriocanna soiléire, amlínte agus eile, ní hamháin don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ach don stát ar fad,” arsa Mairéad Farrell.

Tá ráite ag an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív nach bhfuil sa mhír faoin nGaeilge sa chlár rialtais ach “an gnáth-soft soap faoin nGaeilge” agus tá amhras léirithe fúithi ag idir scoláirí agus pholaiteoirí.

Fág freagra ar '‘Is mó an spéis atá acu branda a dhéanamh den Ghaeltacht ná tacú leis an bpobal’ – Mairéad Farrell'

  • SÉAMUS O,COSCAIR

    MAITH THÚ A MHAIRÉAD