‘Níl mórán ábhar dóchais ann do dhaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá’ – tuairimí na saineolaithe faoi chlár an Rialtais

Labhair Tuairisc.ie le polaiteoirí, scoláirí, tráchtairí agus saineolaithe eile faoi ghné na Gaeilge agus na Gaeltachta den dréachtchlár rialtais atá aontaithe ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas

‘Níl mórán ábhar dóchais ann do dhaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá’ – tuairimí na saineolaithe faoi chlár an Rialtais

‘Ní fheicim blas ar bith den fhealsúnacht ghlas ar na geallúintí faoin nGaeilge’

 

Dr John Walsh, Sochtheangeolaí agus Léachtóir Sinsearach Gaeilge, OÉ Gaillimh

 

Níl an oiread sin úire sa chlár rialtais ó thaobh na Gaeilge ach tá pointí tábhachtacha ann mar sin féin.

Is maith go ndearbhaítear go nglactar cur chuige uile-rialtais chun an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge a chur i bhfeidhm ach tá geallúintí dá leithéid cloiste againn cheana sna 10 mbliana ó foilsíodh an Straitéis.

Is maith ann chomh maith an gheallúint chun Bille na dTeangacha Oifigiúla a threisiú agus a achtú roimh dheireadh na bliana ach ba ghá tuilleadh eolais maidir leis an sprioc earcaíochta 20 faoin gcéad. Tá lárionaid Ghaeilge luaite cheana sa Straitéis 20 Bliain faoi mar atá tacaíocht bhreise do na meáin Ghaeilge.

D’fhéadfaí geallúint níos teanntásaí agus níos cuimsithí faoi na meáin a bheith ann, a chuimseoidh na meáin dhigiteacha chomh maith. Is maith ann an bhéim ar úsáid na teanga sa phobal agus sa teaghlach ach is ait liom nach ndéantar tagairt shonrach don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht ná in áiteanna eile.

Aithnítear gur gá dóthain acmhainní a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta, ach ní léir cad atá i gceist leis sin ná ní fios an leigheasfaidh sé an ciorrú ollmhór a deineadh ar bhuiséad na heagraíochta sin le 10 mbliana anuas. Ní thugtar geallúint neamhbhalbh maidir le bord an Údaráis a athbhunú ach d’fhéadfadh a leithéid eascairt as an athbhreithniú a ghealltar.

Údar imní é an tost sa chlár seo faoi áit na Gaeilge agus na Gaeltachta sna ranna rialtais. Má tá cur chuige uile-rialtais i leith na Straitéise le bheith ann, is cinnte gur gá aire sinsearach a bheith ag plé le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.  Ní fheicim blas ar bith den fhealsúnacht ghlas ar na geallúintí faoin nGaeilge. Bhí deis ag an gComhaontas Glas caomhnú na Gaeilge a cheangal leis an dioscúrsa éiceolaíoch agus is trua nár deineadh é sin.


‘Tá rudaí maithe ann ach ní léir ann ar chor ar bith go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht’

 

Catherine Connolly, Teachta Dála neamhspleách do Ghaillimh Thiar

 

Ní léir ón dréachtchlár rialtais ar chor ar bith go bhfuil géarchéim ann ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de. An réamhrá amháin atá i nGaeilge sa cháipéis ar fad.

Tá amhras orm go léiríonn sin go leor faoin gcineál tiomantais a bheas sa rialtas nua don Ghaeilge. Níl aon rud ann faoi Aire Sinsearach don Ghaeltacht agus don Ghaeilge, rud atá á ghealladh ag Fianna Fáil le fada. Tá sé i gceist an bille a láidriú agus a achtú roimh dheireadh na bliana. Beart maith a bheadh ansin.

Tá rudaí maithe ann ach an rud a sheasann amach go bhfuil easpa aitheantais tugtha don ghéarchéim teanga atá ann agus easpa tuisceana ar an ngá atá le bearta práinneacha. Tá an píosa faoi Údarás na Gaeltachta sách lag. Ní branda atá ag teastáil ón Údarás. Tá an maoiniú a bhí acu roimh 2008, a thabharfadh ar ais ar comhchéim le Fiontraíocht Éireann iad, ag teastáil uathu agus tá sin iarrtha le fada.


‘Níl mórán ábhar dóchais ann do dhaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá’

 

Pádraig Ó Duibhir, Ollamh san Oideachas agus leas-dhéan Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

 

Obair nár éirigh leis an rialtas deireanach a chríochnú is mó atá le feiceáil i ndréachtchlár an rialtais.

Cé go bhfuil “cur chuige uile-rialtais’ luaite maidir le cur chun na Gaeilge is beag fianaise atá sa doiciméad go bhfuil sé sin i gceist.

Dá mbeadh sin amhlaidh, ba dhóigh leat go mbeadh an Ghaeilge luaite i rannóga eile sa cháipéis ach níl. Tá tagairt maidir le feabhas a chur ar an gcóras oideachais luath óige ach ba cheart go mbeadh cur chun cinn na Gaeilge mar chuid den straitéis sin. 

Tá cúpla beart dearfach ann faoin nGaeilge sa chóras oideachais, ach an formhór sách lag. ‘Leanúint leis an athbhreithniú’ ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge sna scoileanna’ agus ‘obair i dtreo’ líon na ndaltaí a bhfuil oideachas lán-Ghaeilge á chur orthu a dhúbailt an fhoclaíocht atá in úsáid agus ní fheictear dom go bhfuil aon rud samhlaíoch ann ná aon rud a dhéanfadh difríocht ó thaobh an pholasaí atá i réim le scór bliain anuas.

Tá a fhios againn ón taighde go ndeir 23% de thuismitheoirí go gcuirfidís a gcuid páistí chuig bunscoil Ghaeilge sa chomharsanacht agus 18% do thuismitheoirí a deir go gcuirfidís a bpáistí chuig iarbhunscoil Ghaeilge dá mbeadh an rogha sin ann. Cá bhfuil na pleananna chun tabhairt faoi sin i ndáiríre?

Is dul chun cinn é dá ndéanfaí corpoideachais a theagasc i nGaeilge i ngach bunscoil. Níl mórán ábhar dóchais ann do dhaoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil. Is ábhar díomá é. Bhí daoine sna páirtithe sin tar éis labhairt amach ar son na Gaeilge sa Dáil ach theastaigh beart de réir briathar agus tá na briathra sa cháipéis seo sách lag. Níl aon rud luaite faoi Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht a bheith ann agus gach seans go leanfar leis an imeallú atá á dhéanamh ar an teanga más Aire Stáit a bheidh ag plé léi.


‘Níl tada sa doiciméad a léiríonn go dtuigeann siad go bhfuil práinn i gceist’

 

Íte Ní Chionnaith, iarUachtarán Chonradh na Gaeilge agus iarléachtóir le Cumarsáid in DIT

Tá an chuma air gur polasaí cuimsitheach atá ann don Ghaeilge ach tá sé an-ghinearálta, go háirithe sa mhéid nach bhfuil aon scála ama luaite le haon cheann de na bearta agus ní luaitear suimeanna airgid.

Tá sé go breá polasaithe agus bearta a bheith agat ach bheadh ceist agam an bhféadfaí brath ar an rialtas chun iad a chur i bhfeidhm mar go bhfuil muid bodhraithe thar na blianta ag rialtais a raibh polasaithe maithe agus tuarascálacha acu ach nach ndearna tada fúthu.

Maidir le rudaí a bhraithim atá in easnamh, níl aon tagairt ar chor ar bith de ghéarchéim na Gaeltachta, agus níl tada sa doiciméad a léiríonn go dtuigeann an rialtas go bhfuil práinn i gceist.

Níl an focal ‘cearta’ ann agus cé go bhfuil tagairtí ann d’úsáid na Gaeilge i measc an phobail níl aon gheallúint faoi úsáid na Gaeilge i measc pholaiteoirí nó sa Dáil. Tá tagairt ann de chur chuige uile an rialtais, ach níl aon rud ann faoi aire rialtais le cás ar leith a dhéanamh den Ghaeilge ag leibhéal rialtais.

Ó thaobh an oideachais de, níl aon rud ann. Oiliúint múinteoirí an t-aon rud atá luaite ag an tríú leibhéal, ach níl aon rud ann maidir le dochtúirí, altraí, oibrithe sóisialta faoi oiliúint a bheith ag foghlaim na Gaeilge le go bhféadfaidís freastal ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Bhí deis ann beart radacach éigin a dhéanamh agus pointí bónais a thabhairt do dhaltaí ardteiste na Gaeilge ach ní dhearnadar sin. Sheasfadh sin amach mar ghníomh láidir nithiúil a mbeadh toradh dearfach air.


‘Is léir go bhfuil tuiscint ar thábhacht na Gaeilge léirithe sa dréachtchlár rialtais’

 

Bláthnaid Ní Ghreacháin, príomhfheidhmeannach Gaeloideachas

 

Fáiltíonn Gaeloideachas roimh na geallúintí atá ann don Ghaeilge agus don oideachas lán-Ghaeilge, go háirithe. Bíodh is nach leagtar amach na sonraí i leith na ráiteas, tagann cuid acu leis na geallúintí a thug an tAire Oideachais agus Scileanna ag Tionól Forbartha Gaeloideachas, Samhain 2019 nuair a d’fhógair sé go bhforbrófaí Polasaí don Oideachas lán-Ghaeilge ón naíonra go hiarbhunscoil lán-Ghaeilge.

Dá dtabharfadh an rialtas nua faoi fhorbairt an pholasaí seo, bheadh méadú suntasach ar líon na bpáistí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge agus bheadh infreastruchtúr láidir tacaíochta ann don chóras do pháistí naíonra, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Is léir go bhfuil tuiscint ar thábhacht a leithéide agus tábhacht na Gaeilge ar an iomlán léirithe sa dréachtchlár rialtais agus beimid ag súil  leis an bplean gnímh agus an buiséad d’fheidhmiú na ngeallúintí a fheiceáil.


‘Má éiríonn leo an polasaí oideachais a chur i bhfeidhm bheadh jab réasúnta maith déanta acu

 

Áine Ní Chiaráin, iriseoir agus craoltóir

 

Tá a lán ann a bhfáilteodh éinne againn a bhfuil suim againn sa teanga roimhe ach tá rudaí ann a mbeadh ceisteanna ann fúthu, go háirithe múineadh na Gaeilge agus an bhéim atá á leagan ar an teanga labhartha sa seomra ranga. Bheadh an-imní orm nach mbeadh cruinneas i gceist agus nach mbeadh gramadach i gceist. Fáiltím roimh an gheallúint go mbeadh polasaí uileghabhálach maidir leis an teanga ó oideachas réamhscoile go hoiliúint múinteoirí agus má éiríonn leo sin féin a chur i bhfeidhm sílim go mbeadh jab réasúnta maith déanta acu.

Ó thaobh na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge, is geallúint amháin eile é ag an staid seo. Fáiltím roimh an monatóireacht go mbeidh Gaeilge ag 20 faoin gcéad de na hearcaithe sa státseirbhís ach beidh orainn fanacht le feiceáil cén dóigh a n-éireoidh siad leis sin.

Maidir leis an nGaeltacht, déarfainn go mbeidh a lán daoine díomách mar cé go ndeirtear go dtacaíonn siad le hobair an Údaráis is athbhreithniú a bheas ann faoi cén chaoi a ndéanfar an bord a chur le chéile. Bhí mé ag súil go mbeadh na toghcháin ar ais agus b’in an rud a gheall Fianna Fáil roimh olltoghchán na bliana seo. Is dóigh gurb in an t-údar imní is mó a bhaineann leis an bplean seo ó thaobh na Gaeltachta de.


‘Tá níos mó scríofa faoin spórt ná an Ghaeilge agus an Ghaeltacht curtha le chéile

 

Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin

 

Tá bá léirithe don teanga ach ní fheicim go mbeidh mórán athrú treo ann ón rialtas deireanach.

Níl aon mhór-rud nua i gceist. Níl aon chinnteacht ann go mbeidh Aire Sinsearach ag plé leis an nGaeilge. Níl aon choimitmint mór ó thaobh infheistiú breise ná níl aon spriocanna leagtha amach. Tá ráiteas ginearálta ann faoi thacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm na Straitéise 20 bliain don Ghaeilge.

Tá díomá orm, i bhfírinne, agus bhí mé ag súil go mbeadh níos mó ann ó tharla go bhfuil trí pháirtí ag plé leis. Tá i bhfad Éireann níos mó scríofa faoin spórt ná an méid atá scríofa faoin nGaeilge agus an Ghaeltacht curtha le chéile. Níl aon rud ann a thugann suntas don chruachás ina bhfuil an teanga faoi láthair. An t-aon bhealach le dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann leis an teanga agus an Ghaeltacht ná Aire Sinsearach a cheapadh a chuirfidh leis an méid atá sa dréachtchlár rialtais.

Fág freagra ar '‘Níl mórán ábhar dóchais ann do dhaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá’ – tuairimí na saineolaithe faoi chlár an Rialtais'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Branda Fhine Gael atá ar an doiciméad chomh fada is a bhaineann sé leis an nGaeilge/Gaeltacht.

  • Bríd

    Spéisiúil an dream san alt a mholann an cháipéis. Ní gá a thuilleadh a rá!