‘Is mise Taho, is breá liom an Cheathrú Rua’ – an scoláire Móháicise atá ag foghlaim na Gaeilge

Labhair Tuairisc.ie le scoláire as pobal na Móhácach i gCeanada atá ag foghlaim na Gaeilge i gConamara faoi láthair mar chuid de scéim dámhachtainí nua

‘Is mise Taho, is breá liom an Cheathrú Rua’ – an scoláire Móháicise atá ag foghlaim na Gaeilge

Deir scoláire Móháicise ó Cheanada atá ag freastal ar chúrsa Gaeilge ar an gCeathrú Rua gur “mar a chéile” cás mhuintir na Gaeltachta agus cás a phobail féin.

Tá Tahothoratie Cross, as ceantar Kahnawaketo i gCeanada, ag freastal ar chúrsa Gaeilge le trí seachtaine anuas in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i gConamara. Is é an chéad duine a bhain leas as scoláireacht nua a bunaíodh i mbliana chun nasc a chruthú idir Pobal na Móhácach agus muintir na Ceathrún Rua.

 

Is pobal ársa iad Móhácaigh Kahnawá:ke (Kahnawákeró:non) atá ar cheann de na hocht bpobal i náisiún na Móhácach. Cuid lárnach dá gcultúr agus dá bhféiniúlacht is ea an Mhóháicis, cé go bhfuil sí faoi bhrú ag an mBéarla.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Tahorthoratie Cross go raibh sé ag baint sult “thar na bearta” as a thréimhse ar an gCeathrú Rua. Tá suim á cur aige freisin sna cosúlachtaí idir cás na Gaeilge sa Ghaeltacht agus cás a theanga féin.

“Feicim anseo nach n-aithníonn daoine an luach a bhaineann lena dteanga féin a bheith acu.  Ceann de na rudaí is suimiúla atá feicthe agam ná go bhfuil na deacrachtaí céanna againn maidir lenár dteangacha. Ar ndóigh bhí brú ón taobh amuigh an Ghaeilge a chur faoi chois. Sin an rud céanna a tharla do mo theanga féin.

“An rud is mó atá foghlamtha agam go mbraitheann sé ar mheon an phobail i leith na teanga. Feicim anseo nach dtuigeann daoine an tairbhe a bhaineann le do theanga féin a bheith agat.”

Sin é croí na faidhbe sa dá phobal, dar  le Tahorthoratie Cross.


“Tá mise i mo chónaí i mbaile beag agus tá an pobal an-dlúth ansin. Is ionann an cás anseo. Tá aithne ag gach duine ar a chéile agus gach duine an-suáilceach. Is iontach an rud é a fheiceáil go mbíonn an oiread fáilte ag daoine romham agus iad chomh sásta go bhfuil mé ag foghlaim na Gaeilge.

“Bhain mé an-taitneamh as teanga eile a fhoghlaim, teanga nach raibh agam roimhe sin. D’fhoghlaim muid roinnt damhsaí céilí agus chas muid cúpla amhrán agus bhain muid an-spraoi as sin.”

Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne agus Ceann Fine Náisiún na Móhácach Joseph Tokwiro Norton a d’fhógair an scoláireacht le deis a thabhairt do scoláirí theanga na Móháicise ó cheantar Kahnawaketo i gCeanada freastal ar chúrsa Gaeilge.

Dámhachtain í atá á riar ag Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada. Tá an scoláireacht á comhaoiniú ag an gComhairle Mhóháicise agus Roinn na Gaeltachta faoi scéim dámhachtainí chlár Gaeilge na Roinne.

Fág freagra ar '‘Is mise Taho, is breá liom an Cheathrú Rua’ – an scoláire Móháicise atá ag foghlaim na Gaeilge'

  • Lillis Ó Laoire

    Is cuid den chomhlachas Iroquois iad na Móhácaigh, a bhfuil cúig náisiún eile díobh ann – Seneca, Cayuga, Onondaga agus Oneida. Glacadh le grúpa eile na Tuscarora ina measc i 1722. Haudenosaunee an t-ainm a thug siad féin ar an Chomhlachas. D’imir siad tionchar mór ar stair na Stát Aontairhe agus Cheanada.