Is léiriú é an fógra seo ar dhiongbháilteacht phobal na Gaeilge

Céim stairiúil atá ann go bhfuil veto an DUP ar chearta teanga curtha ar ceal, ach leanfaidh an troid ar aghaidh

Is léiriú é an fógra seo ar dhiongbháilteacht phobal na Gaeilge

Is céim stairiúil é an fógra go dtabharfar reachtaíocht teanga isteach tríd Westminster san fheachtas fada s’againne ar son cearta, cothromas agus cóir do phobal na Gaeilge. Den chéad uair ó thoiligh Rialtas na Breataine i gCill Rìmhinn in 2006 acht Gaeilge a thabhairt isteach, tá coimitmint déanta acu an reachtaíocht a achtú agus an veto diobhálach a bhíonn á imirt ag aontachtaithe in Stormont chun cosc a chur ar ár gcearta a chealú.

Is léiriú é an fógra seo ar dhiongbháilteacht agus ar bhuanseasmhacht phobal na Gaeilge – lucht scoileanna, daoine óga, tuismitheoirí agus teaghlaigh – a tháinig amach ar na sráideanna go minic thar na blianta chun seasamh ar son an chomhionannais agus cearta daonna.

Is toradh díreach é an fhógairt seo ar a ngníomhachas siúd agus ar an eagrúchán ón bhun aníos agus molann muid go hard an pobal s’againn as a ndíograis. Tá sé léirithe ag feachtas An Dream Dearg gur féidir le gnáthdhaoine brú a chur le hathruithe a bhaint amach sa tsochaí. Tá muid thar a bheith bródúil go bhfuil ról dearfach againn i gcumasú saoránach chun a nguth a ardú ar bhonn daonlathach chun go mbeidh siad siúd atá i gcumhacht freagrach agus cuntasach don phobal.

Mar sin féin, is ábhar mór buairimh dúinn é nós seanbhunaithe rialtais éagsúla de chuid na Breataine gan na coimitmintí a dhéanann siad i dtaca le cearta i gcomhaontuithe polaitíochta a chomhlíonadh. Leis na céadta anuas, agus tríd an choilíneachas, tá imeallú agus cos ar bolg á dhéanamh ag Rialtas na Breataine ar theanga dhúchais na tíre seo.

Tá 15 bliana ann ó rinne siad gealltanas i gComhaontú Chill Rìmhinn Acht na Gaeilge a thabhairt isteach, comhaontú idirnáisiúnta a bhfuil bunús dlíthiúil leis agus ar chúlaigh siad uaidh i gcónaí, go dtí anois. Tá freagracht anois ar na páirtithe áitiúla a chinntiú go gcomhlíonfaidh Rialtas na Breataine an dualgas agus an choimitmint is déanaí seo acu gan a thuilleadh moille.

Mar gheall ar cheanndánacht agus righne an DUP, mar gheall ar a gcur i gcoinne cearta daonna do phobal na Gaeilge ó thuaidh, tá an tsochaí ar imeall géarchéime, agus ní den chéad uair. Arís eile tá sé léirithe ag an DUP gur tábhachtaí leo an col atá acu le cearta teanga ná sochaí a thógáil atá cothrom, uilechuimsitheach do chách.

Geallann An Dream Dearg go dtroidfidh muid le go gcuirfidh an Feidhmeannas anseo sa tuaisceart an reachtaíocht teanga i bhfeidhm go huile is go hiomlán faoi mhí Mheán Fómhair, agus sa chás nach dtarlóidh sé sin, go dtroidfidh muid le go ndéanfaidh Rialtas na Breataine an choimitmint is déanaí dá gcuid a chomhlíonadh faoi mhí Dheireadh Fómhair.

Ní sheasfaidh An Dream Dearg siar. Ní iománaí ar an chlaí sinn. Beidh muid ag eagrú agus ag leagan amach ár gclár feachtasaíochta féin, mar atá déanta againn le blianta beaga anuas.

Chomh maith leis sin, geallaimid go leanfaidh muid orainn ag éileamh Acht Gaeilge cuimsitheach, cearta-bhunaithe chun comhionannas a bhaint amach dár bpobal sna blianta beaga atá amach romhainn.

Cé nach bhfuil an reachtaíocht atá geallta den chaighdeán idirnáisiúnta is inmholta, is dul chun cinn stairiúil é inár bhfeachtas ar son cearta agus comhionannais. Leanfaidh muid orainn ag seasamh an fhóid ar son achta. #SeasAnFód #AchtAnois.”

– Tá Ciarán Mac Giolla Bhéin ar dhuine de bhunaitheoirí An Dream Dearg agus é ina urlabhraí ag an bhfeachtas

Fág freagra ar 'Is léiriú é an fógra seo ar dhiongbháilteacht phobal na Gaeilge'

  • Meadhbh

    Treise libh!