‘Is ionann na comharthaí Gaeilge seo a réabadh agus mianta mhuintir na háite a ionsaí’

Réabadh anuas comhartha bóthair dátheangach sa Ghuala Dubh i nDoire, comhartha ar vótáil teaghlaigh an cheantair ar a shon

‘Is ionann na comharthaí Gaeilge seo a réabadh agus mianta mhuintir na háite a ionsaí’

Comhartha bóthair i gContae Dhoire a réabadh anuas agus ar cuireadh péint ar an leagan Gaeilge den logainm air an t-ionsaí is déanaí i sraith ionsaithe a rinneadh ar chomharthaí bóthair ar fud an tuaiscirt.

Caitheadh carn bruscair tí le hais an chomhartha don bhaile fearainn An Ghuala Dhubh  agus cuireadh péint ar an leagan Gaeilge d’ainm an bhaile.

“Loitiméireacht ainrianta” a thug duine as an áit ar an scrios seo agus dúirt sé leis an Irish News gur chuir an scrios “déistin” air mar gur “próiseas an-daonlathach” a bhí i gcrochadh an fhógra.

Vótáil teaghlaigh an cheantair le déanaí ar son an comhartha dátheangach seo a chrochadh.

Chuaigh Comhairle Lár Uladh i dteagmháil le líonta tí an cheantair le déanaí ag fiafraí díobh ar theastaigh uathu go gcuirfí ainmneacha a mbaile fearainn, a mbóthair nó a sráide ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge agus dúirt gurbh é vóta an tromlaigh a shocródh an cinneadh a dhéanfaí faoi na comharthaí.

D’ardaigh comhairleoir de chuid Shinn Féin, Seán Clarke, ceist na loitiméireachta ar chomharthaí Gaeilge an mhí seo caite agus dúirt go raibh go leor leor glaonna faighte aige ó áitritheoirí faoin scéal.

Tugadh le fios ag cruinniú de choiste timpeallachta na Comhairle le déanaí gur caitheadh thart ar £13,000 ar chomharthaí dátheangacha agus go raibh an costas a bhain leis na seanchomharthaí a bhaint anuas san áireamh ansin.

Bhí ar chomhairlí ó thuaidh breis is 60 comhartha a loiteadh toisc Gaeilge a bheith orthu a dheisiú nó a chrochadh athuair le trí bliana anuas.

De réir figiúirí a fuair an Irish News ba i gceantar Lár Uladh, mar a ndearnadh díobháil do nach mór 30 comhartha, is mó a bhí loitiméirí frith-Ghaeilge i mbun díobhála

Dúirt an Comhairleoir Seán Clarke gurb ionann an loitiméireacht agus ionsaí ar mhianta an phobail.

“Crochadh na comharthaí seo ar iarratas ó na daoine atá ina gcónaí sa gceantar… mar sin is ionann na comharthaí seo a réabadh nó a mhilleadh agus mianta agus éileamh dlisteanach mhuintir na háite a ionsaí.

“Cur amú airgead lucht íoctha rátaí atá ann chomh maith mar cuirfear comharthaí nua ina n-áit nuair is gá sin a dhéanamh. Ní féidir glacadh beag ná mór le hiompar coiriúil dá leithéid,” arsa an Comhairleoir Seán Clarke.

Fág freagra ar '‘Is ionann na comharthaí Gaeilge seo a réabadh agus mianta mhuintir na háite a ionsaí’'

  • Sibéal

    Ciníochas.