Is iomaí sin Pádraig, Pádraic, Patrick, Pat agus Paddy a bhain cáil amach sa spórt

Aon Phádraig amháin a bhí ar fhoirne Sháriománaithe an Chéid agus Sháriománaithe na Mílaoise nuair a roghnaíodh iad siúd

Is iomaí sin Pádraig, Pádraic, Patrick, Pat agus Paddy a bhain cáil amach sa spórt

In ómós don lá atá ann is deacair gan labhairt orthu siúd a bhí agus atá sáite sa spórt agus ar baisteadh leagan éicint d’ainm an té atá á chomóradh inniu orthu.

Cé nach bhfuil baol ar an tóir chéanna air mar ainm agus a bhíodh, chonaic mé an lá faoi dheireadh go bhfuil sé ar ais ar an liosta scór ainm is mó a raibh tóir air an bhliain seo caite in Éirinn – sa 19ú háit.

510 páiste a rugadh anseo anuraidh ar ar tugadh Patrick (221), Páidí (150), Paddy (60), Paudie (27), Pádraig (22), Páraic (8), Padraig (8), Pat (4), Padraic (4), Pádraic (3) agus Pauric (3).

Tugadh sin ar a ceithre oiread i 1964. I dtús an chéid seo caite ba é a bhí ar 10% de leanaí a baisteadh san Eaglais Chaitliceach, os cionn 5,000 sa mbliain agus gan ansin ach garmheastachán.

Is measa fós an scéal a bhaineann le Pádraicín nó Patricia – naonúr anuraidh, 536 trí scór bliain ó shin.

Ní geit an-mhór a bhainfidh sin as aon duine agaibh. Is fadó caite an lá a gcaití litir eile a chur leis an ainm baiste ó thaobh éascaíochta agus soiléireachta – Pádraig S., Pádraic T. agus a leithéid.

A bhuíochas d’aon fhear amháin ní theastaíonn a leithéid sin i saol an ghailf. Cé go bhfuil tráchtairí fós ann a mheasann gur ag tarraingt a chosa ina dhiaidh atá sé (‘PAW-DRAG’), tá an síneadh fada scaipthe ag Pádraig Harrington ar fud na cruinne de bharr a ghaiscí leis an liathróid bheag bhán.

Taobh amuigh de siúd, seans gurb é Packie Bonner an té is gaire dó ó thaobh cáil idirnáisiúnta a bhfuil ainm naomhphátrún na hÉireann air. Níl aon chall a mhíniú cén fáth.

Mheas mé féin go mbeadh níos mó i gceist agus b’fhéidir go ndéanfása freisin iontas nach bhfuil ach ochtar den ainm a bhí mar chaptaein ar fhoirne a bhuaigh Craobh Shinsir Peile na hÉireann ó imríodh sin den chéad uair in 1887.

Díobh siúd is é Pádraig Hampsey (Tír Eoghain 2021) an t-aon duine a bhfuil an leagan Gaeilge den ainm air. Ba Paddys a bhí i seisear – Finn (Fánaithe Ghleann Árann 1895); Carey agus McDonnell  (Áth Cliath 1922 agus 1923),  Kennedy (Ciarraí 1946), Doherty agus O’ Rourke (An Dún 1961 agus 1991) agus ar ndóigh Páidí Ó Sé (Ciarraí 1985).

Is deacra fós a chreidiúint go raibh an bhliain 1949 sroichte sula raibh duine den ainm baiste sin ina chaptaen ar fhoireann a bhuaigh an Chraobh Shinsir Iomána – Pat Stakelum (Tiobraid Árann) i 1949. Arís duine amháin a bhfuil an leagan Gaeilge den ainm sin á úsáid aige a rinne amhlaidh – Pádraig Horan (Uíbh Fhailí, 1981).

Leis an liosta cuir captaein Chorcaí,  Paddy Barry na Sáirséalach (1952) agus a chomhainm as Naomh Uinseann (1970). Seachas sin níl le cur leo ach Pat Fleury (Uíbh Fhailí 1985) agus Patrick Donnellan (An Clár 2013).

Aon Phádraig amháin a bhí ar fhoirne Sháriománaithe an Chéid agus Sháriománaithe na Mílaoise nuair a roghnaíodh iad siúd i 1984 agus 2000. Ba é sin Paddy Phelan as Tulach Ruáin a bhuaigh Craobhacha na hÉireann ceithre huaire idir 1932-1939. Ba sheanuncail é Paddy le D.J Carey.

Piocadh foirne peile den sórt sin freisin agus Pat Spillane an t-aon Phádraig a bhí ar an bpéire acu. Roghnaíodh lánchúlaí na Mí tráth, Paddy O’Brien ar Fhoireann an Chéid.

Gan amhras is é an Dr. Pat O’Callaghan as an gCnocán Rua in aice Cheann Toirc an lúthchleasaí faiche Éireannach is cáiliúla a raibh an t-ainm air. Boinn óir ag caitheamh an oird ag Cluichi Oilimpeacha Amsterdam (1928). Ba eisean an chéad bhuaiteoir as Éirinn ar casadh Amhrán na bhFiann ina onóir agus an duine ba thúisce a ghlac lena leithéid faoin mbratach thrídhathach.

Rinne sé amhlaidh in Los Angeles 1932 nuair a ghiortaigh sé spící a chuid bróg le sáibhín miotail a fuair sé ó fhear oibre ar an traic nuair a tuigeadh dó nár fheil na cinn fhada a bhí iontu don dromchla crua a bhí faoi.

Nuair a saolaíodh mac do theaghlach de shloinne Uí Riain i nDurlas Éile ar an 15 Márta 1851, cén rogha eile a bhí acu ach Paddy a bhaisteadh air.  Mar a rinne na milliúin eile thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe, áit a bhfuair sé deis a mhianach dornálaíochta a léiriú.

Bhí sin aige agus in 1880 bhuaigh sé Craobh (dorn nochta) na Stát Aontaithe nuair a bhuaigh sé ar fhear a raibh Joe Goss air i Collier’s Station, West Virginia. Bhí 87 babhta sa troid a mhair uair go leith.

Dhá bhliain dár gcionn fuair John L. Sullivan an bua ar Paddy Ryan, rud a rinne sé faoi dhó ina dhiaidh sin arís.

Lá‘l Pádraig 1966 bhuaigh an capall léimrása ab fhearr a facthas ariamh Corn Óir Cheltenham don 3ú bliain as a chéile. Arkle ab ainm dó agus i gcónaí nuair a labhraítear air, luaitear freisin an marcach Pat Taaffe a bhí sa diallait sna rásaí móra ar fad a bhuaigh sé.

Más é an Corn Óir buaic na léimrásaíochta, is amhlaidh Derby Epsom ar an talamh réidh. Trí huaire a bhuaigh Pat Eddery, a rugadh i bhfoisceacht scread asail do Churrach Chill Dara, sin. Idir 1974 agus 1996 bhí Eddery ina sheaimpín aon uair déag.

Is iomaí sin Pádraig, Pádraic, Patrick, Pat agus Paddy a rugadh i gcéin a bhain cáil amach sa spórt iad féin. $45 milliún in aghaidh na bliana a íocann na Kansas City Chiefs lena gceathrúchúlaí Patrick Mahomes faoi láthair.

Ní mórán faoina bhun sin atá buaite ag an ngalfaire Patrick Reed ó thosaigh seisean ag imirt galf dornán blianta ó shin. Bhí Patrick Viera ar fhoireann na Fraince nuair a bhuaigh siad Corn Sacair an Domhain i 1998 – cúpla geábh ann nuair a d’imir sé in aghaidh na hÍsiltíre agus Patrick Kluivert ag imirt dóibhsean.

Bhuaigh Pat Cash Craobh na bhFear in Wimbledon i 1987.

Ní ag díbirt nathracha nimhe, ag paidreoireacht, mar oibrithe iarnróid ná go deimhin ag tochailt do Murphy, McAlpine agus John Laing a bhí chuile Phaddy, bíodh a fhios agat. B’ait a chruthaigh siad siúd freisin agus a thrácht sin orthu.

Beannachtaí na Féile chugaibh.

Fág freagra ar 'Is iomaí sin Pádraig, Pádraic, Patrick, Pat agus Paddy a bhain cáil amach sa spórt'