Is iomaí imreoir a fuair deis lena chontae tar éis dó gaisce a dhéanamh i gCorn Mhic Giobúin

Agus briseadh sna cluichí idirchontae, beidh aird lucht na gcamán dírithe ar chluiche ceannais na n-institiúidí tríú leibhéal idir Ollscoil Luimnigh agus Coláiste Mhuire gan Smál

Is iomaí imreoir a fuair deis lena chontae tar éis dó gaisce a dhéanamh i gCorn Mhic Giobúin

Tá sos beag sa tsraith náisiúnta iomána an deireadh seachtaine seo ach tá cluiche ceannais thar a bheith tábhachtach ar siúl inniu i Mainistir Ó dTorna i gCiarraí.

Sin, dar ndóigh, cluiche ceannais Chraobh Mhic Giobúin. Ta an corn ainmnithe in ómós an Dochtúra Mhic Giobúin a bhí ina Chaipisíneach agus ina léachtóir san fhealsúnacht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ó 1911 go dtí 1936. Deirtear gur chaith sé an chuid is mó dá thuarastal bliantúil i 1912 ar an gcorn luachmhar a cheannach agus bronnfar arís é tráthnóna i ndiaidh an chluiche ceannais idir Coláiste na hOllscoile, Luimneach (UL) agus Coláiste Mhuire Gan Smál (MIC).

Imríodh an dá chluiche leathcheannais ar an gCéadaoin. Bhí an-chéad leath ag MIC, ina rabhadar suas deich bpointe ag leath ama i gcoinne SETU Phort Láirge agus d’fhanadar chun tosaigh i rith an dara leath agus sé chúilín le spáráil acu ag an deireadh.

Sa chluiche leathcheannais eile bhí an t-ádh dearg ar UL. Scóráil Killian Sampson cúilín an bhua in am cúitimh i gcoinne Ollscoil na Gaillimhe a chinntigh go mbeidh cleas Luimnigh ar thóir a dtríú bua i ndiaidh a chéile sa chomórtas.

Is iontach an comórtas é agus suim ollmhór ag na himreoirí bonn Mhic Giobúin a bhuachaint. Is iomaí cluiche ceannais iontach a bhí againn sna blianta atá caite agus is iomaí imreoir a fuair deis imirt lena chontae de bharr a thaispeántas sa chomórtas seo.

Agus na foirne idirchontae ag tógáil scíthe, tá difear mór idir na foirne ar bharr na sraithe agus iad siúd atá fágtha gan pointí tar éis an chéad dá bhabhta. I Roinn 1A tá an Clár sa chéad áit, rud a thugann deis do Bhrian Lohan imreoirí breise a thriail sna trí chluiche atá fágtha acu. Níl an rogha chéanna ag Pat Ryan le Corcaigh nach bhfuil an pointe amháin féin acu. É sin ráite, cé gur chaill Corcaigh an dá chluiche atá imeartha acu go dtí seo, bhí tréimhsí sna cluichí sin in aghaidh an Chláir agus in aghaidh Chill Chainnigh ina rabhadar an-mhaith agus mar Chorcaíoch bheinn sásta go leor go bhfuil siad ag feabhsú agus go mbeidh siad iomaíoch nuair a thiocfaidh an craobhchomórtas. Ní féidir a rá ag an bpointe seo cé eile, seachas an Clár, atá céad faoin gcéad sábháilte i nGrúpa 1A agus roinnt cluichí thar a bheith tábhachtach fós le teacht.

I Roinn 1B, bhí an mí-ádh ceart ar Aontroim gur ghéill siad cúl ag deireadh na himeartha in aghaidh Átha Cliath agus gur chailleadar an cluiche dá bharr. Ag an bpointe seo, mar a scríobh mé an tseachtain seo caite, is dócha gur féidir a bheith cinnte go mbeidh Aontroim ag imirt i Roinn 2 na sraithe in 2025. Is mór an trua é sin. Is mór an trua é freisin don Iarmhí, a thug lán a mboilg do Luimneach seachtain ó shin, ach gach seans go mbeidh siadsan sa dara roinn freisin. Tá brú fós freisin ar Áth Cliath.

Tá Luimneach agus Tiobraid Árann ar bharr Roinn 1B faoi láthair. Go dtí seo tá Luimneach i ndiaidh roinnt mhaith imreoirí ‘nua’ a úsáid, sin imreoirí atá ar imeall an phainéil le cúpla bliain ach nach bhfuil cluiche craoibhe imeartha acu fós. Caithfidh go bhfuil John Kiely sásta go leor go dtí seo. Is féidir an rud céanna a rá faoi Thiobraid Árann. Déarfainn go bhfuil Liam Cahill sásta go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh. Ach bhíodar amhlaidh anuraidh agus nuair a bhí na coirn le buachaint bhí an ghaoth imithe as a seolta.

Bhí gearradh agus faobhar sna cluichí a chonaic mé beo agus ar an scáileán an deireadh seachtaine seo caite. Bhí difríocht mór go leor idir caighdeán na hiomaíochta sna páirceanna ina raibh an fód tirim agus sna páirceanna ina raibh sé crua. Bhí Páirc an Bhreathnaigh agus, creid é nó ná creid Páirc Semple, an-bhog agus iad gearrtha suas in áiteanna. Ar an taobh eile den scéal,  bhí an cluiche i bPáirc Uí Chaoimh ar ardchaighdeán agus é imeartha ar fhód a raibh an-chuma air. D’fhéach an pháirc i mBéal Feirste an-mhaith freisin.

An tseachtain seo chugainn, leanfaidh an tsraith aghaidh agus beidh cúpla cluiche thar a bheith tábhachtach againn.

Fág freagra ar 'Is iomaí imreoir a fuair deis lena chontae tar éis dó gaisce a dhéanamh i gCorn Mhic Giobúin'