Is deacair an folcadh feamainne i gCeantar na nOileán a bhualadh

Ní gá aon ní eile seachas na héadaí cuí a thabhairt leat go dtí an tIonad Feamainne i nGaeltacht Chonamara

Is deacair an folcadh feamainne i gCeantar na nOileán a bhualadh

Tá an fheamainn úsáidte faoi dhó agus í á húsáid don tríú huair anois. Caite amach ar an ngarraí atá sí le súil is go ndéanfaidh sí maith do na bláthanna ‘Cosmos’. 

Tháinig sí an bealach ar fad as Leitir Mealláin inné. 

Le gairid a bhí mé ar cuairt chuig Na hOileáin. De réir na bhfigiúirí is deireanaí a foilsíodh ón Daonáireamh, is i gCeantar na nOileán atá ceann de na pobail is láidre ó thaobh labhairt na Gaeilge de, 62% a labhraíonn go laethúil í, de réir Tuairisc. 

D’fhéadfainn tacú leis an eolas sin. Gaeilge ar fad a labhair muid an fhad is a bhíomar ag dul thart sa gceantar. Thug mé suntas freisin don mhéid Gaeilge a bhí á labhairt ag na ‘Gaeilgeoirí’ a bhí ag freastal ar an gcoláiste ann. 

An chéad uair a raibh mé ann, coicís ó shin, bhí mé ag iarraidh a chinntiú go raibh an tIonad Feamainne oscailte agus bhí mé ag iarraidh a fháil amach céard a chaithfeadh duine a dhéanamh le folcadh feamainne a fháil ann, agus mar sin de. 

An lá cheana, agus gach rud curtha in áirithe agam – idir an fón agus idirlíon – bhí muid réidh le tabhairt faoi. Suite in aice le GTeic agus Comhar Chuigéil, agus trasna an bhóthair ó Shéipéal Réalt na Mara atá an tIonad Feamainne.  

Is ann a bhí Sarah, an bainisteoir, le fáilte a chur romhainn agus muid a chur ar an eolas roimh an bhfolcadh. Tá an áit cóirithe agus feistithe amach ar bhealach a chuirfeadh duine ar a chompord ar an bpointe.  

Bhí folcadh feamainne agam cheana – i nGaeltacht na Rinne, mar a tharla sé. Mar sin, bhí tuairim mhaith agam faoin leagan amach a bheadh air. 

Chomhairligh Sarah dom in am éadaí cineál scaoilte a chaitheamh don ócáid. Ní bheadh seans ar domhan ann go mbeadh aon duine in ann ‘leggings’ a tharraingt orthu féin tar éis an fholctha, dúirt sí. 

Tá dhá sheomra folctha san Ionad – ceann le dhá fholcadán ann agus ceann singil. Bhí gach rud faoi réir aici nuair a leaindeáil muid. Bhí na folcadán líonta le huisce sáile an-te agus neart feamainn bhuí agus míoránach ann. 

Nuair a dhoirtear uisce fiuchta ar an bhfeamainn ar dtús, scaoiltear amach an ola – agus ina dhiaidh sin, cuirtear uisce níos fionnuaire isteach ann, sa gcaoi go mbeidh teocht dheas agat ar deireadh. Is í an ola sin a dhéanann maitheas don chraiceann. 

D’fhág Sarah deochanna fuara in aice an fholcadáin agus ar ndóigh bhí chuile shórt eile a bheadh de dhíth ort, in aice láimhe – tuáillí deasa, slipéir rubair, fallaing, agus ceol binn na n-éan sa gcúlra. 

Tá seomra beag gaile ann freisin le go mbeidh duine téite suas go deas sula leagann siad cois isteach san uisce.  

Bhíomar chomh sona sásta agus ar ár suaimhneas ag teacht amach as nach raibh aon deifir in aon áit orainn. Bhí mionbhéile álainn réitithe aici dúinn i ndiaidh an fholctha – meascán torthaí agus plaic bheag ‘mús’ carraigín ina theannta. Dúirt sí gur thriail sí iógart leis na torthaí ach nach raibh aon rud a d’oibrigh chomh maith leis an gcarraigín. Fuair sí an t-oideas óna seanmháthair blianta ó shin. 

Is cuimhneach liom féin an t-oideas a fháil ón mbean a thugadh aire do mo mhac blianta ó shin sa Spidéal. Bhí an-mhuinín aici as le tinneas scornaí a leigheas. Ach tá mé cinnte go bhfuil rudaí maithe eile ann chomh maith. 

Tá neart táirgí feamainne á ndíol san Ionad agus rinne muid cinnte de go raibh beart an duine againn ag dul abhaile, ola feamainne, gallúnach, balsam do na liopaí, agus neart bileogaí eolais faoin Ionad. Bhí an bhean tí sa teach lóistín ag iarraidh orainn bileogaí a fháil a d’fhéadfadh sí a scaipeadh ar a gcuid cuairteoirí. Den chuid is mó, treoraíonn sí iad chuig Mainistir na Coille Móire, nó an bád go hÁrainn nó turas báid sa Chaoláire. Tá ionad nua i gConamara aici anois le hiad a threorú ann. 

Dá mbeinn ag cur comhairle ar aon chuairteoir, mholfainn dóibh a dhéanamh cinnte go mbeidh an folcadh curtha in áirithe acu roimh ré agus na héadaí cuí a chaitheamh mar a mhol Sarah. Ní gá aon rud eile a thabhairt leat – cuireann sí gach rud ar fáil dhuit. 

Agus más snámhaí farraige thú – téigh ag snámh roimhe sin ar fad. Ní raibh aon fhonn orainn an mhaitheas a bhaint as an bhfolcadh feamainne agus dul isteach sa bhfarraige ina dhiaidh. 

Ach roimh ré, beidh deis agat dul ag snámh ag an trá atá tiomnaithe don stiúrthóir mór scannán John Huston, atá gar go maith don láthair. Bhí teach aige, atá díolta anois díreach buailte ar an trá. Nach aige a bhí an tsúil ghéar nuair a roghnaigh sé an áit sin? Tá sé ciúin go maith fós, fiú amháin na laethanta seo agus cuairteoirí agus Gaeilgeoirí chuile áit. 

Má thugann tú picnic leat, tá bord picnice agus binsí ansin freisin. Cúig lá sa tseachtain bíonn caifé oscailte san ionad feamainne agus deis agat cupán a ól agus sólaistí deasa a fháil. Tá an tIonad Oidhreachta cáiliúil ar chuir John Bhaba Jack tús leis, thuas staighre ach ní raibh sé oscailte an lá a raibh mise ann – caithfidh mé cuairt eile a dhéanamh le tuairisc a dhéanamh faoi sin. 

Fág freagra ar 'Is deacair an folcadh feamainne i gCeantar na nOileán a bhualadh'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Nuair a bhíodh an fheamainn á baint, sin í an uair a mbíodh an chaint i Leitir Mealláin!