Is beag dul chun cinn atá déanta le breis is 15 bliain anuas – Ceannasaí Seirbhíse Gaeilge an HSE

Dúirt ionadaí de chuid an HSE i dTithe an Oireachtais nach raibh mórán dul chun cinn déanta ó cuireadh deireadh le buiséad ar leith do sheirbhísí Gaeilge in 2004

Is beag dul chun cinn atá déanta le breis is 15 bliain anuas – Ceannasaí Seirbhíse Gaeilge an HSE

Cuimín Mac Aodha

Níl mórán dul chun cinn déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ó thaobh seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge le breis is 15 bliain anuas, dar le Ceannasaí na Seirbhíse Gaeilge sa HSE.

Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Cuimín Mac Aodha Bhuí gur cuireadh airgead breise ar fáil, le tacaíocht na hardbhainistíochta, in 2004 chun scoláireachtaí a chur ar fáil do mhic léinn teiripe urlabhra agus cainte le Gaeilge.

D’éirigh leo ceathrar ón nGaeltacht a earcú chun dul ag obair leis an HSE dá thoradh sin.

Baineadh an t-airgead díobh ina dhiaidh sin, áfach, agus is beag a bhí déanta ó shin maidir le seirbhísí Gaeilge a chur chun cinn, dar leis.

“Luaigh mé níos luaithe maidir leis an teiripe teanga a d’éirigh linn a fhorbairt. Tharla sé nuair a bhí tacaíocht na hardbhainistíochta againn ó na Boird Sláinte. Níor tharla mórán ó shin. Cúpla rud ach níor tharla mórán,” a dúirt Mac Aodha Bhuí.

“Cuireadh buiséad ar fáil faoi na Boird Sláinte in 2004. Bhí muid ag súil go leanfadh an buiséad sin ar aghaidh ach níor lean an buiséad sin ar aghaidh. Níl aon bhuiséad ag na seirbhísí Gaeilge faoi láthair.”

Thug Mac Aodha Bhuí le fios go rabhadar ag brath ar dhaoine a bhíodh ag obair le Bord Sláinte an Iarthair agus le Bord Sláinte an Iarthuaiscirt, a bhíodh ag freastal ar cheantair Ghaeltachta, chun tacaíocht a thabhairt le seirbhísí Gaeilge breise a chur ar fáil.

Maidir le teip an HSE freastal ar phobal na Gaeilge le linn na paindéime, dúirt Mac Aodha Bhuí go raibh iarracht déanta ar bhonn leanúnach aige féin agus a chomhghleacaithe i Rannóg na Seirbhíse Gaeilge lena chur in iúl d’fheidhmeannas na heagraíochta an dualgas a bhí orthu eolas a chur ar fáil i nGaeilge.

“Ó mhí Mhárta 2020, d’iarr muid ar an fheidhmeannacht agus ar an Rannóg Cumarsáide go gcaithfí ar bhonn comhionann leis an nGaeilge i ngach rud a bhí ar siúl maidir le Covid-19. Choinnigh muid orainn ag cur na teachtaireachta sin go dtí Baile Átha Cliath agus chonaic sibh féin an toradh a bhí air sin.”

Mhol Mac Aodha Bhuí go mbunófaí rannóg neamhspleách san HSE a bheadh freagrach as eolas i nGaeilge a chur ar fáil agus a chinnteodh gur cainteoirí Gaeilge a bheadh earcaithe do phostanna sa Ghaeltacht.

”Ba mhaith liom, agus sibh ag smaoineamh air seo, go gcuirfí san áireamh go mba chóir go mbeadh rannán ar leith, neamhspleách, san fheidhmeannacht sláinte agus go mbeadh an rannán sin freagrach as suíomh idirlín i nGaeilge agus as an bprótacal earcaíochta a chur i bhfeidhm.

“…Is é sin go mbeadh painéal ar leith sa Ghaeltacht agus go gcinnteofaí go bhfostófaí daoine le Gaeilge sna postanna sin seachas an rud atá ag tarlú anois, sé sin go mbíonn daoine istigh ar phainéal agus luck of the draw a bhíonn ann an bhfaighidh tú duine le Gaeilge nó nach bhfaighidh.”

Mhol Mac Aodha Bhuí freisin go ndéanfadh an rannóg nua seo leathnú amach ar an scéim scoláireachta atá ann i láthair na huaire do dhaoine óga sa Ghaeltacht atá ag iarraidh freastal ar chúrsaí sláinte tríú leibhéal. Dúirt Mac Aodha Bhuí gur cheart go dtabharfaí deis do dhaltaí atá ag freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, i dTuaisceart Éireann san áireamh, leas a bhaint as na scoláireachtaí sin.

Bhí ionadaithe ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus ón Roinn Sláinte i dTeach Laighean chun plé a dhéanamh ar an bhfreastal a rinne na seirbhísí sláinte ar phobal na Gaeilge le linn na paindéime Covid-19.

D’admhaigh an Roinn Sláinte gur deineadh “éagóir” ar an teanga agus gabhadh “leithscéal ó chroí” do phobal na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Is beag dul chun cinn atá déanta le breis is 15 bliain anuas – Ceannasaí Seirbhíse Gaeilge an HSE'

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidir leis an ráiteas; “Bhí muid ag súil go leanfadh an buiséad sin ar aghaidh ach níor lean an buiséad sin ar aghaidh. Níl aon bhuiséad ag na seirbhísí Gaeilge faoi láthair.”

    An gceapann Ceannasaí na Seirbhíse Gaeilge nach bhfuil ar an bhFeidhmeannacht seirbhísí ardchaighdeáin a chur ar fáil trí Ghaeilge agus/nó go dátheangach agus custaiméirí a chur ar an eolas go bhfuil sé de cheart acu plé a
    dhéanamh leo trí cheann amháin nó ceann eile de na teangacha oifigiúla. (Tagairt: 12 Prionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí. 10. Na Teangacha Oifigiúla.
    https://assets.gov.ie/8087/045820e721034012b0e6acb8a61732fa.pdf)

    B’fhéidir go bhfuil Ceannasaí na Seirbhíse Béarla san bhFeidhmeannacht freisin!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ní thuigim cad chuige a bhfuil an giorrúchán Béarla ‘HSE’ in úsáid san alt seo. Cá deachaigh an ‘FSS’?? Agus nach ‘Mac Aodha Bhuí’ an sloinneadh atá ar an duine – mar atá sa ghrianghraif féin?

    Aontaím leis an rannán neamhspléach ach bheinn ag moladh go ndéanfaí aon duine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht a threorú chuig an rannán sin chun a ngnóithe a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Más seirbhís trí Bhéarla atá uathu ba cheart a chuir in iúl daofa nach ndéanann an FSS gnó i mBéarla leis an Ghaeltacht agus más seirbhís Béarla atá uathu tabhair orthu fanacht – mar a tharlaíonn leo siúd a bhíonn ag cuardú seirbhís trí Ghaeilge san am i láthair. Agus má dhiúltaíonn daoine sa Ghaeltacht don Ghaeilg? An bhfuil siad báúil don Ghaeilg? An bhfuil siad sásta í a fhoghlaim? Muna bhfuil, ar cheart daofa bheith ina chónaí sa Ghaeltacht??

    Is beag Gaeilge atá san ionad sláinte áitiúil anseo ar na Croisbhealaí i dTír Chonaill. Go leor béarlóirí as Alban ag obair sa ‘Ghaeltacht’ seo anois…

    Agus tá muid anois fágtha leis an ‘Teastas Digiteach Covid an AE’ maslach a dhéanann a bheag den Ghaeilg agus an chosúlacht air go mbeidh sé linn ar feadh fada go leor – fiú má bhíonn orainn taisteal thar lear….agus an Ghaeilg aitheanta mar theanga oifigiúil san Eoraip. Náireach!!