Is beag atá idir ‘faisean’ agus ‘faisisteachas’ ar na saolta seo

Tráth dá raibh bhíodh ardmheas ar an aonarán, an duine ann féin, an caonaí aonair sa tsochaí…

Is beag atá idir ‘faisean’ agus ‘faisisteachas’ ar na saolta seo

Friedrich Nietzsche

An bhfuil ré an indibhidiúlachais críochnaithe ar fad? An bhfuilimid ag filleadh uair amháin eile ar an Ré Dhorcha amhail is nár tharla an Renaissance, an Reifirméisean, Ré an tSoilsithe, gan trácht ar an Nua-Aoiseachas?

Tá an chuma ar an scéal gurbh amhlaidh atá. Tráth dá raibh bhíodh ardmheas ar an aonarán, an duine ann féin, an caonaí aonair sa tsochaí.

Bhíodh an pobal ina rabhadar lonnaithe tuisceanach dóibh agus báúil leo. Níor tugadh droim láimhe leo. Níor deineadh iad a imeallú.

Bhíodh meas ag daoine orthu siúd a bhí ar an imeall, difriúil ó dhaoine eile. Ná fáithe, na fealsúnaithe, na fir agus na mná feasa, na filí. Thugtaí cead a gcinn dóibh.

Ag fás aníos dom féin bhí na sluaite daoine mar seo thart orm. Daoine suimiúla. Daoine a raibh rud éigin le rá acu. Daoine nár oscail a mbéal riamh. Daoine iontu féin. Daoine iontacha idir fhir agus mhná. Ba dhuine díobh ár gcomharsa béal dorais. Indibhidiúil. Fear lách, macánta. A phearsantacht féin aige. Amuigh d’oíche. Istigh de ló. Gan solas leictreach. Gan chlog. Gan a bheith ag cur isteach ar éinne. Gan éinne ag cur isteach ná amach air. Díthreabhach. Díseartach.

Seo mar a labhair an scríbhneoir agus an fealsúnaí Friedrich Nietzsche faoina leithéid:

I gcónaí bhí ar an indibhidiúil a sheacht ndícheall a dhéanamh ionas ná beadh sé cloíte ag an treibh. Má shocraíonn tú a bheith i do chaonaí aonair, is minic a bheidh tú uaigneach agus sceimhlithe i do bheatha. Ach is fiú dul sa phraghas is airde don phribhléid seilbh a bheith agat ar do shaol féin.

Ag trácht ar Nietzsche, ceapaim féin go mba chóir do gach duine saothar na n-eisithe (leithéidí Camus, Sartre, Nietzsche, Heidegger, Kafka, Kierkegaard, Ionesco, Sheosaimh Mhic Ghrianna, Sheáin Uí Ríordáin, Dhiarmaid Uí Ghráinne . . .) a léamh agus iad fós sna déaga. Thabharfaidís léargas dóibh ar thábhacht an neamhspleáchais intinne agus na hindibhidiúlachta mar chlocha dhúshraith na sibhialtachta.

Sa lá atá inniu ann braithim go bhfuil tréith na hindibhidiúlachta ar an dé deiridh. Teastaíonn ó gach éinne a bheith cosúil le gach éinne eile. Tá brú uafásach ar dhaoine óga ó na meáin chumarsáide agus shóisialta, ó na tithe faisin agus ó bhrú piarghrúpaí a bheith mar chuid den treibh, a bheith sa bhfaisean.

Uaireanta ritheann sé liom gur beag atá idir ‘faisean’ agus ‘faisisteachas’ ar na saolta seo. Caithfear a bheith mar chuid de ghrúpa, de gheaing, den phaca. Ar ndóigh, ní chabhraíonn an córas oideachais atá againn le cúrsaí ach an oiread leis an mbéim ar fad ar thorthaí, ar dhul chun cinn agus ar easpa daonnachta.

Tráth dá raibh, bhí coincheap an chairdis tábhachtach i saol an duine óig. Bhí sé go deas cairde a bheith agat i do shaol. Ach níorbh é bun agus barr gach scéil é faoi mar atá sé anois, feictear domsa. Tháinig agus d’imigh cairde ach lean tú ar do bhealach féin tríd an saol le cairde nó gan iad. Ní raibh tú faoi bhois chait acu. Bhí tú neamhspleách orthu, cuid mhaith. Níor lig tú dóibh brú a chur ort, dul i bhfeidhm ort chomh mór sin go raibh ort do phearsantacht agus do chóras maireachtála a athrú chun aithris a dhéanamh orthu.

Sa lá atá inniu ann tá tionchar rómhór ag coincheap an chairdis ar shaol daoine óga. Ta dochar á dhéanamh ag an bpiarbhrú ar phearsantacht, ar dhearcadh agus ar shaoirse phearsanta na hóige. Géilleann siad ró-éasca, feictear domsa, d’údarás an phiarghrúpa gan a dhúshlán a thabhairt, gan é a cheistiú agus a lochtú agus gan bailiú as an áit de rith te reatha.

Feicimid samplaí uafásacha de sin sna meáin chumarsáide ar bhonn rialta. Baicle mhór déagóirí agus iad go léir ar deargmheisce ag uair mharbh na hoíche ag dul ag snámh san fharraige, scata mór ag ionsaí déagóra eile lasmuigh den bhialann, rang iomlán ag déanamh bulaíochta ar dhuine leochaileach, aonair nach bhfuil ar aon fhocal leis an móramh . . .

Tá géarghá, dar liom, le fealsúnacht nua a chur isteach sa chóras oideachais ag gach leibhéal a leagfaidh béim ar thábhacht na hindibhidiúlachta agus a chuirfidh béim faoi leith ar bheatha an duine aonair seachas ar bheatha na treibhe.

Ba cheart go leagfaí béim i bhfad níos mó ar dhifríocht seachas ar chosúlacht agus tréaniarracht a dhéanamh pearsantacht agus meon gach páiste faoi leith a fhorbairt ionas go mbeidís ina saoránaigh neamhspleácha, indibhidiúla nuair a ghabhann siad amach sa saol.

 

Fág freagra ar 'Is beag atá idir ‘faisean’ agus ‘faisisteachas’ ar na saolta seo'

  • Éilis

    Meastú an raibh tráth ann ariamh a thug cead a chinn don tsaoirse, ach tá abhar fiúntach ní áirím domhan mhachnaimh anseo. Dar ndóigh ní ar scoil amháin ach ag baile a chothaítear nó a mhúchtar an indibhidiúlacht.

  • Simon Ó Faoláin

    An-alt Mícheál, Táim ag teacht go mór leis na tuairimí ann.