Is baolach nach bhfuil aon údar buartha ag Ivan Yates faoin mbille teanga nua

Tá bille teanga níos téagartha agus níos treise ná Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 tuillte ag pobal na Gaeilge

Is baolach nach bhfuil aon údar buartha ag Ivan Yates faoin mbille teanga nua

Ivan Yates. Pictiúr: Sam Boal/Photocall Ireland

Is cuimhin liom a bheith ag siúl tríd an mbáisteach i gCorcaigh tráthnóna fuar i dtús mhí na Samhna 2011 nuair a fuaireas glaoch ó iriseoir le rá go raibh sé fógartha ag an rialtas athbhreithniú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla. Bhí tua an IMF ar foluain os cionn na tíre fós agus níorbh aon ionadh go ndúirt Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich go raibh sé d’aidhm ag an athbhreithniú go dtacófaí ‘le forbairt na Gaeilge ar bhealach atá éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh costais de’. Timpeall an ama chéanna a fógraíodh go ndéanfaí cónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman chun a thuilleadh costaisí a shábháil, mar dhea. Is fiú a mheabhrú gur i gcroílár na géarchéime eacnamaíochta a tháinig an t-athbhreithniú seo ar an bhfód; b’fhéidir gur droch-chomhartha a bhí ann nach mbeadh deireadh chomh maith sin ar an scéal ocht mbliana ní ba dhéanaí. 

Insíonn an fanacht fada a scéal féin, dar ndóigh: léiriú gléineach eile ar imeallú na Gaeilge sa chóras polaitiúil agus sa tsaol poiblí trí chéile agus a thuilleadh fianaise ar chúlú an stáit ó aidhmeanna stairiúla na hathbheochana. Cé go bhfuil léas dóchais nó dhó ann, ar an iomlán tá forálacha an bhille nua seo easnamhach agus níl aon chinnteacht ann go dtacóidh siad go suntasach le bunaidhmeanna na reachtaíochta: cur le líon agus caighdeán na seirbhísí Gaeilge atá ar fáil i nGaeilge. Tá aitheantas tuillte ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne as ceannteidil leasaithe an bhille a ullmhú dhá bhliain ó shin a bhí ní b’fhearr ná na cinn a foilsíodh in 2014 ar diúltaíodh glan dóibh. Ach is léir gur lagaíodh nó gur cealaíodh cuid mhaith de cheannteidil 2017 agus gur ar gcúl seachas chun cinn a chuathas ó shin in ainneoin iarrachtaí na n-eagraíochtaí Gaeilge agus an fhreasúra.

Bhí cad é bús ann le tamall ó fógraíodh an sprioc go mbeadh 20 faoin gcéad d’fhostaithe nua sa tseirbhís phoiblí ábalta a ngnó a dhéanamh i nGaeilge agus measadh gur bua mór ar son na teanga a bhí ann.


Cad atá sa bhille teanga nua agus cén difear a dhéanfaidh sé do phobal na Gaeilge?


Díol suime is ea é gur ar an sprioc ‘iomarcach’ sin a dhírigh na meáin Bhéarla le seachtain anuas, amhail is nach bhféadfadh cainteoirí Gaeilge seirbhísí a sholáthar i mBéarla chomh maith. Is baolach nach bhfuil aon údar buartha ag leithéidí Ivan Yates, a thug ‘taliban’ ‘terrorists’ agus ‘zealots’ ar Ghaeilgeoirí agus an bille á phlé,  áfach. Cé go ndearbhaítear sprioc ghinearálta 20 faoin gcéad sa bhille, ní thugtar aon eolas maidir lena cur i bhfeidhm ná ní shonraítear cathain agus conas a bhainfear amach é.

In ionad meicníocht shoiléir a chur ar fáil chun dul i ngleic le hearcú fostaithe dátheangacha – bunriachtanas a bhfuil gach reachtaíocht teanga ag brath go láidir air – tá ‘coiste comhairleach’ nua le bunú chun an cheist a phlé agus ‘plean náisiúnta’ a leagan amach. Cé go mbeidh feidhmeanna an-sonrach ag an gcoiste seo – cuid acu a bhaineann le ceisteanna teangeolaíocha nó sochtheangeolaíocha – státseirbhísigh is mó a bheidh air, rud a spreagann ceisteanna bunúsacha faoi shaineolas cuí a bheith ag na comhaltaí. Ach is é an t-easnamh is bunúsaí ar fad nach ndeirtear linn cé air a luífeadh an fhreagracht maidir le feidhmiú an phlean nó cad a tharlódh mura gcuirfí i bhfeidhm é. Ní fiú tráithnín coiste mura bhfuil an t-údarás reachtúil aige féin a chinntiú go gcuirfear torthaí a chuid oibre i bhfeidhm.

Tá míchlú á tharraingt le blianta fada ar chóras na scéimeanna teanga agus tá sé ráite ag an gCoimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach bhfuil sé oiriúnach dá fheidhm. Is maith ann iad na forálacha faoi chaighdeáin teanga, mar atá i bhfeidhm sa Bhreatain Bheag le dornán blianta, a thabhairt isteach. Tá sé d’aidhm ag an gcóras Breatnach dualgais teanga na gcomhlachtaí poiblí a dhéanamh níos soiléire don phobal trí chaighdeáin éagsúla a chur i bhfeidhm, bunaithe ar an leibhéal teagmhála a bhíonn ag comhlachtaí le pobal na Breatnaise. Ach laistiar de chóras na Breataine Bige tá reachtaíocht an-mhion ar fad (níos mó ná 150 leathanach sa Welsh Language Measure 2011) ina mínítear na caighdeáin go soiléir agus an tslí a gcuirfear i bhfeidhm iad. Cé go dtugtar eolas áirithe sa bhille seo ar a bhfuil beartaithe le córas na gcaighdeán in Éirinn, ba ghá a thuilleadh sonraí.

Is é an t-údar imní is mó a bhaineann leis an gcóras seo áfach ná an maolú a bheidh ar fáil do chomhlachtaí poiblí, rud a fhágfaidh go bhféadfadh cuid acu dualgais mhóra a sheachaint. Chomh maith leis sin, tá easpa eolais faoi fheidhmiú na gcaighdeán agus éiginnteacht faoina dtarlódh sa chás nach gcloífeadh comhlacht poiblí leis na caighdeáin a luaitear leis.


Tada i mbille nua a chuirfeadh dualgas daingean ar an Stát a chinntiú go bhfreastalófar ar phobal na Gaeltachta – An Coimisinéir Teanga


 Lagaíodh chomh maith céanna an moladh a bhí sna ceannteidil maidir le hainmneacha agus seoltaí i nGaeilge. Tá na forálacha faoi sin sa bhille an-choinníollach ar fad: seachas ceart uileghabhálach a bhunú leagan Gaeilge d’ainm agus seoladh a úsáid nó dualgas uileghabhálach a leagan ar gach comhlacht poiblí glacadh le leaganacha Gaeilge, ní deirtear ach go bhféadfadh an tAire comhlacht a ainmniú faoin bhforáil seo agus sa chás sin amháin, bheadh air na córais faisnéise agus cumarsáide a chur in oiriúint don Ghaeilge.

D’fhéadfadh sé tarlú mar sin nach n-ainmeofaí ach dornán beag comhlachtaí, rud nach mbeadh ciall dá laghad leis. 

Maidir leis an nGaeltacht, níl aon trácht ar an moladh a deineadh sna ceannteidil go dtionólfaí ar a laghad suí amháin den Chúirt Dúiche i nGaeilge sa Ghaeltacht. Luadh i gcinn an bhille an cuspóir gur i nGaeilge a bheadh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair ach sa bhille féin ní deirtear ach go bhféadfaí caighdeán teanga a thabhairt isteach ina leagfaí síos scála ama chun teanga oibre a dhéanamh den Ghaeilge in oifigí Gaeltachta. Áiríodh an riachtanas sin cheana in Acht 2003 i gcás na scéimeanna teanga ach b’fhada eagraíochtaí Gaeilge ag áiteamh gur ghá foráil dhíreach a d’aithneodh tábhacht phobal na Gaeltachta. I bhfianaise an bhrú atá ar an nGaeilge sa Ghaeltacht, ní féidir an t-easnamh sin a chosaint ach ní mór a aithint nach bhfuil ach dornán beag oifigí stáit lonnaithe in aon cheantar Gaeltachta pé scéal é. Bhí deis sa bhille seo ceanglas breise ó thaobh na Gaeilge a leagan ar oifigí stáit i mBailte Seirbhíse Gaeltachta, mar shampla. Cé go luaitear na Bailte Seirbhíse i dtéarmaí ginearálta, ní leagtar síos aidhmeanna sonracha maidir leo agus ní féidir a áiteamh go gcinntíonn an bille go gcuirfear seirbhísí Gaeilge ar fáil gan cheist do phobal na Gaeltachta. 

Maidir le mír eile sna ceannteidil go ndéanfaí uasdátú rialta ar liosta na gcomhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth an Achta, tá sleamhnú eile fós atá tarlaithe toisc nach ndéantar aon tagairt in aon chor don riachtanas sin sa bhille. An mbeidh de thoradh air sin go n-imeoidh deich mbliana eile thart sula dtabharfar comhlachtaí poiblí faoi scáth an Achta mar a tharla roimhe seo?

Is fada an t-achar ocht mbliana agus tá bille níos téagartha agus níos treise ná seo tuillte ag pobal na Gaeilge. Tá an rialtas seo ag brath ar Fhianna Fáil chun a bheith beo agus beidh deis anois ag na heagraíochtaí Gaeilge brú a chur ar an bhfreasúra chun leasuithe bunúsacha a dhéanamh ar an mbille. Agus olltoghchán ar na bacáin, má leanann an plé sin ar aghaidh go ceann i bhfad tá baol ann go bhfaighidh an reachtaíocht seo bás leis an rialtas reatha. Tá ualach mór oibre de dhíth go mear chun a bhfuil ann a fheabhsú.

Fág freagra ar 'Is baolach nach bhfuil aon údar buartha ag Ivan Yates faoin mbille teanga nua'

  • Seán Caomhánach

    Cruacheisteanna curtha anseo agus an ceart ar fad ag John. Tá ár mbuíochas tuillte aige arís.
    Mura bhfuil cluasa ar FF agus eile aimsir an toghcháin ní bheidh choíche….

  • Seán Ó Séaghdha

    Ba náireach an freagra a thug Seán Kyne ar TG4 .i. freagra ar bith.