Tada i mbille nua a chuirfeadh dualgas daingean ar an Stát a chinntiú go bhfreastalófar ar phobal na Gaeltachta – An Coimisinéir Teanga

Deir an Coimisinéir Teanga go bhfuil ‘easnaimh’ ar an mbille teanga nua atá in ainm is an dlí teanga a neartú, agus é míshásta go háirithe faoi chás na Gaeltachta agus faoi cheist na hearcaíochta sa bhille

Tada i mbille nua a chuirfeadh dualgas daingean ar an Stát a chinntiú go bhfreastalófar ar phobal na Gaeltachta – An Coimisinéir Teanga

Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill nach bhfuil tada sa reachtaíocht teanga nua a foilsíodh inniu a chuirfeadh dualgas daingean ar an Stát freastal ar phobal na Gaeltachta “ina dteanga dhúchais”.

Deir an Coimisinéir go bhfuil  “easnaimh” ar an mbille atá in ainm is an dlí teanga a neartú, agus é míshásta go háirithe faoi chás na Gaeltachta agus faoi cheist na hearcaíochta sa bhille ar ghlac an Rialtas Dé Máirt leis.

“Is fada muid ag cásamh na laigí ar an reachtaíocht mar atá agus ba cheart go dtabharfaí aghaidh orthu ag an tráth seo. Deis chaillte a bheadh ann gan sin a dhéanamh,” a dúirt an Coimisinéir Teanga.

Cé go ndeir sé gur “chéim thábhachtach” é foilsiú an Bhille, a gealladh i dtosach breis is seacht mbliana ó shin, dúirt an Coimisinéir Teanga gur “údar imní” na laigí, dar leis, atá air.

“Is léir staid leochaileach na Gaeilge sna limistéir Ghaeltachta i dtorthaí an daonáirimh agus i saothair thaighde éagsúla le roinnt blianta. Tá sé ríthábhachtach mar sin go gcuirfí bonn reachtúil faoi sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge sa Ghaeltacht agus go ndaingneofaí sa reachtaíocht cearta teanga phobal na Gaeltachta.

“Faraor, ag an tráth seo, níl aon fhoráil dhaingean sa Bhille a chuirfeadh dualgas ar an Stát a chinntiú go bhfreastalófar ar phobal na Gaeltachta ina dteanga dhúchais.”

Dúirt an Coimisinéir Teanga gur cúis “imní” dó chomh maith an leagan amach atá luaite leis an gcoiste comhairleach a bhunófaí faoin mbille chun plean náisiúnta maidir le soláthar seirbhísí Gaeilge a ullmhú.

“Tacaím leis an moladh go n-ullmhófaí plean reachtúil náisiúnta do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus aontaím gur chóir do pholasaithe agus cleachtais nua earcaíochta a bheith ina ndlúthchuid den phlean sin.

“Is cúis imní dom, áfach, nach bhfuil dóthain ionadaíochta á thabhairt do shaineolaithe seachtracha ná don phobal ar an gCoiste Comhairleach atá le bunú faoin Acht leasaithe chun an plean feidhmithe a ullmhú.

“Is cúis imní dom freisin nach bhfuil spriocam luaite le foilsiú an phlean agus nach bhfuil dualgas reachtúil ann aon phlean a aontaítear a chur i bhfeidhm.”

Dúirt an Coimisinéir nach raibh dóthain sonraí sa bhille faoin gcóras nua bunaithe ar chaighdeáin a thabharfaí isteach in áit chóras na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta. Leagtar síos sna scéimeanna teanga na seirbhísí a bhfuil dualgas ar na comhlachtaí poiblí iad a chur ar fáil i nGaeilge.

“Ar cheann de mhórfhorálacha an Bhille tá an moladh go gcuirfí córas caighdeán teanga in áit chóras na scéimeanna teanga.

“Moladh fiúntach é seo, ach is deacair breithiúnas a thabhairt ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú seo gan na dréachtchaighdeáin a bheith ar fáil dúinn.  Creidim go rachadh sé go mór chun sochair do phróiseas measúnaithe an Bhille dá gcuirfí na dréachtchaighdeáin sin ar fáil gan mhoill.”

Dúirt an Coimisinéir go mbeadh deis ann sna seachtainí amach romhainn “mionscrúdú” a dhéanamh ar na leasuithe atá molta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus “ar nithe tábhachtacha eile” nach bhfuil luaite sa Bhille nua.

“Le linn na díospóireachta sin tá sé tábhachtach go bhféachfaí i gcónaí le freastal ar riachtanais phobal na teanga agus a gcearta, ag cur san áireamh stádas na Gaeilge mar theanga náisiúnta agus mar chéadteanga oifigiúil na tíre,” a dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill.

Fág freagra ar 'Tada i mbille nua a chuirfeadh dualgas daingean ar an Stát a chinntiú go bhfreastalófar ar phobal na Gaeltachta – An Coimisinéir Teanga'

  • Pól Ó Braoin

    Tá FFFG i gcumhact sa tír seo agus fad is a bhíonn an paca sin á vótáil isteach is féidir linn dearmad a dhéanamh ar an nGaeilge…
    Inis dúinn rud eicint nua…