Is baolach go bhfuil an ceart ag Jair Bolsonaro: leanann an saol ar aghaidh

Agus breis agus 100,000 Brasaíleach tar éis bháis ó Covid-19, tá ionaid siopadóireachta, bialanna, beáranna agus ionaid aclaíochta oscailte arís ar fud na tíre

Is baolach go bhfuil an ceart ag Jair Bolsonaro: leanann an saol ar aghaidh

Am éigin i mí na Bealtaine, nuair a chuaigh líon laethúil na marbh ó Covid-19 sa Bhrasaíl thar 600 den chéad uair, tháinig tocht orm. Bhí an líon sin chomh hard gur baineadh an chaint díom; chaith mé tamall fada ag stánadh amach sa bhfuinneog agus ní dúirt mé tada faoin nuacht le mo dheartháir óg Brasaíleach, a bhí i mbun na meáchan i mo sheomra oibre, a d’iompaigh mé ina ionad aclaíochta nuair a dúnadh na fíorionaid aclaíochta.

Anois agus idir 1,000 agus 1,300 duine in aghaidh an lae ag fáil bháis ó Covid-19 le dhá mhí go leith anuas, níl i líon laethúil na marbh, tá aiféala orm a rá, ach uimhir. Fágann síor-dhrochscéalta an duine sioctha.

Nuair a chuaigh líon iomlán na marbh thar 100,000 ag an deireadh seachtaine rinne na meáin mhóra sa Bhrasaíl a míle dícheall a chur i gcuimhne don phobal nár uimhir fhuar mhatamaiticiúil a bhí sa 100,000 sin. Tuismitheoirí, seantuismitheoirí, deartháireacha, deirfiúracha agus cairde a bhí iontu siúd a d’éag, a mheabhraigh na ceannlínte dúinn.

Ach níor stop na ceannlínte céanna mo chomharsana ó bheith ag lasadh tinte ealaíne nuair a bhuaigh foireann pheile Bahia comórtas craoibhe stát Bahia an lá céanna; níor stop siad mise ó chuairt a thabhairt ar cheann de na hionaid siopadóireachta (atá oscailte arís le coicís anuas) chun spéacláirí nua a thriail amach; níor chuir siad isteach ná amach ar thraenáil mo dhearthár óig.

Rinne na meáin a míle dícheall freisin an milleán faoi líon ard na marbh ó Covid-19 sa Bhrasaíl a chur ar uachtarán na tíre. Is cinnte nár chabhraigh meon Jair ‘níl ann ach slaghdán beag’ Bolsonaro leis an gcath i gcoinne an ghalair sa Bhrasaíl, ach tá dul amú ar an té a cheapfadh go dtiocfadh an tír slán ón ngalar dá mbeadh duine eile i gcumhacht. Níl an t-infreastruchtúr fisiciúil ag an mBrasaíl chun scoitheadh sóisialta a chur i bhfeidhm agus sin a bhfuil faoi.

Inniu, den chéad uair ó dheireadh mhí an Mhárta, tá bialanna, beáranna, foirgnimh reiligiúnda agus ionaid aclaíochta ag oscailt a ndoirse arís anseo i gcathair Salvador (tá siad oscailte le mí anuas i mórchathracha eile ar nós São Paulo agus Rio de Janeiro.) Tá fúm mo chuid traenála a dhéanamh san ionad aclaíochta tráthnóna seachas sa teach; ní hé trealamh an ionaid aclaíochta a mhothaím uaim dáiríre ach mo chuid méiteanna meáchain nach bhfaca mé le cúig mhí anuas.

Nuair a thiocfaidh mé ar ais ón traenáil sin fógrófar líon laethúil na marbh; is dóichí ná a mhalairt go mbeidh os cionn 1,000 duine eile ar shlí na fírinne.

‘Leanann an saol ar aghaidh’ an teachtaireacht a bhí ag Jair Bolsonaro do mhuintir na Brasaíle nuair a bhain líon iomlán na marbh an 100,000 amach. Cliché má bhí cliché riamh ann, ar ndóigh, ach is baolach go bhfuil an ceart aige. Leanfaidh an saol ar aghaidh fiú nuair nach mbeidh oiread agus duine amháin fágtha ar an bpláinéad seo – cuir ceist ar na trí ioguána a chonaic mé féin agus mo dheartháir óg Brasaíleach ag an deireadh seachtaine agus muid amuigh ag rothaíocht, ainmhithe nár tháinig athrú ar bith orthu, shílfeá, ó bhí an réamhstair ann agus a chuir na súile trínn amhail is go raibh rud éigin ar eolas acu nach raibh ar eolas againne.

Fág freagra ar 'Is baolach go bhfuil an ceart ag Jair Bolsonaro: leanann an saol ar aghaidh'