Tá tús curtha ag an gCoimisiún Eorpach le fiosrúchán foirmiúil faoi Insurance Ireland féachaint an amhlaidh go bhfuil sé ag feidhmiú mar chairtéal agus srian á chur aige leis an rogha atá ag custaiméirí maidir le hárachas gluaisteáin.
Dúirt an Coimisinéir Margrethe Vestager, atá i gceannas ar phoalsaí iomaíochta an AE, go rabhthas ag fiosrú an raibh eolas á cheilt go mífhéaráilte ag Insurance Ireland ar chomhlachtaí eile san earnáil.
“Is gá do gach tiománaí cairr san Eoraip árachas a bheith aige. Táimid ag fiosrú an bhféadfadh gur cuireadh bac go mífhéaráilte ar chomhlachtaí, a bhí ag iarraidh a seirbhísí a dhíol ar mhargadh an árachais ghluaisteáin in Éirinn, teacht ar bhunachar eolais a bhí á bhainistiú ag Insurance Ireland do na comhlachtaí a bhí mar bhaill aige.
“D’fhéadfadh sin laghdú a dhéanamh ar líon na roghanna ag tiománaithe na hÉireann maidir le polasaithe árachas gluaisteáin ar phraghsanna iomaíocha,” arsa Margrethe Vestager.
Tá an Coimisiúin ag iarraidh fáil amach an bhfuil bac á chur ag Insurance Ireland ar chomhlachtaí bheith istigh a bheith acu i ngrúpa comhlachtaí a dhíolann árachas.
Cuireann Insurance Ireland bunachar eolais ar fáil do na comhlachtaí atá mar bhaill aige agus táthar ag fiosrú an sárú ar dhlí na hiomaíochta é srian a chur leis an rochtain atá ag comhlachtaí eile ar an mbunachar sin.
Cuireann Insurance Link, an bunachar atá á riaradh ag Insurance Ireland, eolas ar fáil do bhaill faoi na héilimh árachais atá déanta cheana ag daoine atá ag iarraidh polasaí nua a fháil ó chomhlacht eile.
Is iad na comhlachtaí atá ina mbaill a chuireann an t-eolas ar fáil don bhunachar.
Fág freagra ar 'Insurance Ireland á fhiosrú ag ag an gCoimisiún Eorpach'