In iompar coirp mo chomharsan a bhí an je ne sais quoi

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ní leor cur síos a dhéanamh ar thréithe fisiciúla carachtar ficseanúil ós i ngothaí an duine a bhíonn rún na háilleachta.

In iompar coirp mo chomharsan a bhí an je ne sais quoi

Tá comharsa ag mo mháthair a fhásann tiúilipí. Ní tiúilip nó dhó atá i gceist agam ach oiread ach na scórtha míle méadar cearnach acu, mar a bheifeá ag súil leis ó tháirgreoir tiúilipí san Ísiltír. Tá aithne agam ar an bhfear céanna ar feadh mo shaoil (níl sé ach trí bliana níos sine ná mé féin) agus b’fhéidir gurb é sin an fáth nár rith sé liom riamh breathnú air le súil an scríbhneora.

Níl rogha agam le cúpla seachtain anuas, áfach. Tá mé ag stopadh i dteach mo mháthar ar feadh tamaill agus cé a bhíonn os mo chomhair amach ó dhubh go dubh agus mé ag déanamh eagarthóireachta ar an úrscéal atá idir lámha agam ach é féin, ag teacht is ag imeacht ar a rothar, ag rith ó theach gloine go scioból, ag léimt thar sconsaí, ag tógáil botháin nua nó ag saothrú na talún ar a ghlúine mar a bheadh Dia á rá leis. Níl éalú ón bhfuadar a bhíonn faoi toisc gur ag leac na fuinneoige a bhím féin ag obair, an áit a bhfuil an solas is fearr i mo sheanseomra, agus áit a bhfuil radharc agam, ní hamháin ar thailte tiúlipí mo chomharsan ach ar na dumhcha gainimh a scarann mo bhaile dúchais ón Muir Thuaidh.

Pé scéal é, níor shamhlaigh mé riamh go sleamhnódh an fear céanna – a chuid gothaí, le bheith cruinn – isteach i mo chuid scríbhneoireachta go dtí gur rith sé liom go n-oirfeadh a iompar coirp do dhuine de na príomhcharachtair san úrscéal atá idir lámha agam.

Ceann de na deacrachtaí a bhaineann leis an gcur síos fisiciúil ar charachtair fhicseanúla ná nach n-oibríonn cur síos ar rud ar bith a bhíonn ina stad – sin é mo thuairimse pé scéal é, mar léitheoir agus mar scríbhneoir. Féadfaidh tú a insint dom go bhfuil gruaig fhionn ar charachtar ach ní fheicfidh mé tada. Ach cuir an carachtar á ceangal siar i gcocán, ag cogaint ar dhlaoi di nó á stróiceadh amach as a cheann, agus feicfidh mé an ghruaig sin! Ná hinis ach taispeáin, i bhfocail eile – ach measaim go bhfuil rud éigin sa bhreis i gceist i gcás cur síos ar charachtair fhicseanúla.

Scríobh mé ar na leathanaigh seo cheana go gcreidim gur i ngothaí an duine atá rún na háilleachta seachas i mbaill a choirp agus creidim gur amhlaidh a bhíonn i gcás na gcarachtar ficseanúil.

Agus mé ag breathnú ar fhuadar mo chomharsan rith sé liom gurbh é sin a bhí in easnamh ar mo phríomhcharachtar go fóill, iompar coirp a bheadh le haithint ar a chuid gluaiseachtaí go léir. Dála mo chomharsan, fear é mo phríomhcharachtar nach gcuireann obair mhaslach faitíos air, agus ba chóir go mbeadh an tréith sin dá phearsantacht le sonrú sa chur síos fisiciúil air.

Fág freagra ar 'In iompar coirp mo chomharsan a bhí an je ne sais quoi'