Impleachtaí tromchúiseacha do scoileanna Gaeilge ag reachtaíocht nua

Faoin mBille Oideachais nua ceadaítear don Aire Oideachais rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’

7/12/2010. Childrens Classrooms

Beidh impleachtaí tromchúiseacha ag reachtaíocht nua oideachais do pholasaithe teanga scoileanna a chuireann oideachas lán-Ghaeilge ar fáil.

An Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, a d’fhoilsigh an tAire Oideachais Richard Bruton ar maidin, á scrúdú faoi láthair ag lucht an ghaeloideachais agus imní orthu go gcuirfeadh an reachtaíocht cosc ar pholasaithe iontrála scoile a thugann tús áite do dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu.

Baineann an reachtaíocht nua le scoileanna a bhfuil ró-éileamh orthu, mar a tharlaíonn níos minice i gcás Gaelscoileanna ná scoileanna eile.

Cé nach bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, tá lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille beidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí bunaithe ar a gcumas teanga.

Má achtaítear an Bille beidh dualgas ar an Aire faoin alt céanna, Alt 64, rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna iachall a chur ar dhalta, nó a thuismitheoirí, teacht chun agallaimh, lá oscailte nó cruinniú de shaghas eile mar choinníoll iontrála.

Is minic leas á bhaint as agallaimh ag scoileanna a bhfuil polasaí Gaeilge acu chun measúnú a dhéanamh ar chumas teanga.

Tá sé i gceist ag an Aire Richard Bruton an bille nua a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus é a bheith achtaithe roimh Mheán Fómhair 2017, mar atá geallta i gclár an Rialtais.