Imní gur ‘Gaeilge roghnach’ tríd an ‘cúldoras’ an toradh a bheidh ar chóras nua na ndíolúintí

Gaeloideachas an eagraíocht is déanaí lena n-imní a chur in iúl faoi na hathruithe ar an gcóras díolúine atá fógartha inniu ag an Aire Joe McHugh

Imní gur ‘Gaeilge roghnach’ tríd an ‘cúldoras’ an toradh a bheidh ar chóras nua na ndíolúintí

Tá an baol ann gurbh ionann an córas nua díolúintí a fógraíodh inniu agus bealach leis an nGaeilge roghnach a thabhairt isteach an ‘cúldoras’.

Sin é breithiúnas na heagraíochta Gaeloideachas ar na hathruithe ar an gcóras díolúine atá fógartha inniu ag an Aire Joe McHugh.

Chomh maith leis sin, dúirt Gaeloideachas go mbaineann “teachtaireacht an-bhaolach” leis na hathruithe, is é sin “nach bhfuil oideachas lán-Ghaeilge oiriúnach do dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais”.

Dúradh, mar shampla, nach raibh “aon soiléiriú faighte” faoi chás tuismitheoirí daltaí in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta a mbeadh litir thacaíochta ó phríomhoide ag teastáil uathu dá n-iarratas ar dhíolúine ó staidéar na Gaeilge.

I ráiteas a chuir Gaeloideachas amach tráthnóna, dúradh gur ábhar díomá é nár tógadh na moltaí a rinne an eagraíocht féin san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar chóras na ndíolúintí.

Dúradh chomh maith gur cheart dianchúrsa sa Ghaeilge ar fáil do dhaltaí a bhfuair a gcuid oideachais lasmuigh den Stát.

In áit a bheith ag díriú ar dhíolúintí, ba chóir, a dúirt Gaeloideachas, díriú ar “ar rudaí dearfacha, cuiditheacha” amhail “breis tacaíochtaí” do dhaltaí, “breis oiliúna” do mhúinteoirí agus “breis acmhainní oiriúnacha”.

Ba chóir, a dúradh, “buntáiste breise na Gaeilge a chur ar fáil ar bhonn cothrom do chách”.

Breis is 15 bliain ó thug an Roinn Oideachais le fios go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scrúdaithe, tá ciorcláin nua i dtaobh na díolúine le teacht i bhfeidhm i scoileanna na tíre an mhí seo chugainn.

Rud “annamh” agus “eisceachtúil” a bheidh feasta i ndíolúine ó staidéar na Gaeilge a deir an Roinn Oideachais agus na hathruithe ar an gcóras díolúine á bhfógairt inniu ag an Aire Joe McHugh.

Ar cheann de na hathruithe, ní bheidh aon ghá as seo amach le tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine ón nGaeilge agus ní úsáidfear feasta tástálacha IQ mar bhonn le díolúine.

Níor ghlac Gaeloideachas le maíomh na Roinne gur annamh a cheadófaí díolúine faoin gcóras nua.

“Deir an Roinn gur rud ‘annamh agus eisceachtúil’ a bheidh sa díolúine, ach ní léir ón eolas a roinneadh inniu go bhfuil coinníollacha le cur i bhfeidhm leis sin a chinntiú. Tá baol ann, agus cinneadh maidir le díolúine le bunú ar thoradh scrúdaithe– scrúdú nach léiríonn fiú ach gné áirithe de chumas foghlama an dalta – go dtabharfar faoi i mbealach straitéiseach ar mhaithe leis an toradh inmhianaithe a bhaint amach.

“Agus bheadh baol ann go fadtréimhseach gur bealach ‘cúldorais’ a bheidh anseo leis an nGaeilge a bheith roghnach amach anseo.”

Údar mór imní é do Gaeloideachas freisin go ndeirtear sna ciorcláin leasaithe nach gá do scoláirí i scoileanna speisialta ná i ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha iarratas a dhéanamh ar dhíolúine.

“Tá baol ann agus díolúine uathoibríoch á gceadú i gcás daltaí i scoileanna speisialta nó ranganna speisialta gurb é an teachtaireacht a thabharfar ná nach bhfuil oideachas lán-Ghaeilge oiriúnach do dhaltaí le riachtanais speisialta oideachais, rud nach bhfuil fíor. Bheadh leatrom ollmhór á dhéanamh ar na daltaí seo dá gceilfear an deis seo orthu.

“Seachas glacadh leis nár cheart go mbeadh daltaí le riachtanas speisialta oideachais ag foghlaim na Gaeilge, b’fhearr tacaíochtaí chuí, timpeallacht agus múinteoirí tuisceanacha a chinntiú dóibh, chun go mbeidh na deiseanna céanna acu eispéireas dearfach a bheith acu leis an nGaeilge is atá ag dalta ar bith eile.”

Le scoileanna Béarla na tíre amháin a bhaineann na rialacha nua i dtaobh na díolúine ach dar le Gaeloideachas go bhfuil neamhaird déanta sna hathruithe ar chás na díolúine i scoileanna lán-Ghaeilge. Dúradh go dtarlaíonn sé go minic go mbíonn díolúine á lorg ag tuismitheoirí do dhaltaí iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge.

“Bíodh is nach bhfuil ciall ná réasún le hiarratas mar seo, ní mór treoir shoiléir a bheith ar fáil do phríomhoidí na mbunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i leith iarratais den chineál sin,” a dúradh.

Mhol Gaeloideachas go gcuirfí tús le feachtas poiblíochta le béim a chur “ar na buanna agus ar na buntáistí a bhaineann le sealbhú na Gaeilge” ionas gur lú an fonn a bheadh  ar thuismitheoirí “droim láimhe a thabhairt leis an teanga”.

Dúirt Conradh na Gaeilge gur deis chaillte ag an Aire Oideachais an córas nua “a sheachnaíonn na heasnaimh” atá sa chóras mar atá “in ionad córas níos uileghabhálaí a chur ar bun.”

Dúirt an tAire Joe McHugh gur fearr na critéir nua ná an seanchóras.

“Creidim go bhfuil na critéir nua cóir agus cothrom agus go bhfuil córas nua na ndíolúintí níos mó chun dáta le cleachtais theagaisc agus go dtacaíonn siad le samhlacha tacaíochta agus go gcuidíonn siad le deireadh a chur leis an débhríocht a bhain le díolúintí,” arsa McHugh.

Fág freagra ar 'Imní gur ‘Gaeilge roghnach’ tríd an ‘cúldoras’ an toradh a bheidh ar chóras nua na ndíolúintí'