Imní go gceilfear ar dhaltaí an deis an Ghaeilge a fhoghlaim faoi chóras nua na ndíolúintí

Deir Conradh na Gaeilge gur deis amú ag an Aire Oideachais Joe McHugh an córas nua atá fógartha aige maidir le ceist dhíolúine na Gaeilge

Imní go gceilfear ar dhaltaí an deis an Ghaeilge a fhoghlaim faoi chóras nua na ndíolúintí

D’fhéadfadh faoin gcóras nua díolúine go gceilfí ar dhaltaí an deis an Ghaeilge a fhoghlaim.

Sin cuid dá raibh le rá ar maidin ag Conradh an Gaeilge faoi na hathruithe ar an gcóras díolúine atá fógartha inniu ag an Aire Joe McHugh.

Deir an eagraíocht teanga gur deis chaillte ag an Aire Oideachais an córas nua seo “a sheachnaíonn na heasnaimh” atá sa chóras mar atá “in ionad córas níos uileghabhálaí a chur ar bun.”

D’fhéadfadh, a deir siad, “impleachtaí tromchúiseacha” a bheith ag na hathruithe ar chás na teanga sa chóras oideachais, go háirithe an t-athrú a fhágann nach mbeidh aon ghá as seo amach le tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine ón nGaeilge. 

Tá sé ina imní gurbh amhlaidh go bhféadfadh an leasú sin ar an gcóras brú níos mó a chur ar scoileanna agus ar phríomhoidí díolúintí a cheadú.

Chomh maith leis sin, dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer gurb amhlaidh nach dtéann an córas nua i ngleic leis na cúiseanna a mbíonn díolúine ó staidéar na Gaeilge á lorg ag oiread sin daltaí. Dúirt Comer chomh maith go bhfuil an baol ann go mbeidh daoine le deacrachtaí foghlama “gearrtha amach” ón rang Gaeilge.

“Aontaíonn an Conradh leis an Aire Joe McHugh go dtugann an dátheangachas buntáistí breise don dalta, go háirithe i bhfoghlaim an tríú teanga agus foghlaim na Mata.

“Is bocht an scéal é, mar sin, nár bheartaigh an tAire córas a chur i bhfeidhm leis na fáthanna a lorgaíonn daltaí díolúine sa chéad áit a laghdú go suntasach tríd an gcóras a athrú go suntasach in ionad an córas nua atá beartaithe aige a chur i bhfeidhm ó thús mhí Meán Fómhair.

“Mar shampla, cén fáth nach féidir le dalta le fadhb foghlama, go háirithe ó thaobh scríobh de, an Ghaeilge a dhéanamh don Ardteist bunaithe ar an scrúdú béil amháin le cinntiú go mbeidh an dalta curtha san áireamh sa rang Gaeilge, in ionad a bheith gearrtha amach as, agus le deis a thabhairt dó nó di an Ghaeilge Ardteiste a dhéanamh bunaithe ar a chumais fhéin?” arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur léiriú eile an córas nua an géarghá le polasaí do mhúineadh na Gaeilge ón réamhscoil go dtí an ollscoil”.

“Níl aon iontas orainn faoi thoradh an chomhairliúcháin maidir le córas nua na ndíolúintí. Bhí sé breá soiléir ó leagan amach an tsuirbhé a líon thart ar 10,000 duine i mí Eanáir nach raibh an Roinn ag lorg moltaí nua maidir leis na cúiseanna go bhfuil gá le líon na ndíolúintí a laghdú go suntasach agus le cinntiú go mbíonn an méad is mó daltaí in ann a bheith páirteach i bhfoghlaim na Gaeilge, in ionad a bheith gearrtha amach.

“Cuirfear brú ar phríomhoidí, gan tuairisc shaineolach ó shíceolaí le cabhrú leo a thuilleadh, na cinntí a dhéanamh maidir le díolúintí amach anseo,” arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá díomá chomh maith ar Chonradh na Gaeilge nár tugadh socrú nua isteach do dhaltaí a thagann isteach déanach sa chóras oideachais.

“Mar shampla d’fhéadfaidís an Ghaeilge a fhoghlaim go leibhéal áirithe, faoin gCreat Eorpach d’Fhoghlaim Teangacha, mar shampla, agus marcanna Ardteiste a bheith curtha ar fáil bunaithe air sin. Seachnaíonn an córas nua na heasnaimh atá sa chóras in ionad córas níos uileghabhálaí a chur ar bun.”

Breis is 15 bliain ó thug an Roinn Oideachais le fios go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scrúdaithe, tá ciorcláin nua i dtaobh na díolúine le teacht i bhfeidhm i scoileanna na tíre an mhí seo chugainn.

Dúirt an tAire Joe McHugh gur fearr na critéir nua ná an seanchóras.

“Creidim go bhfuil na critéir nua cóir agus cothrom agus go bhfuil córas nua na ndíolúintí níos mó chun dáta le cleachtais theagaisc agus go dtacaíonn siad le samhlacha tacaíochta agus go gcuidíonn siad le deireadh a chur leis an débhríocht a bhain le díolúintí,” arsa McHugh.

Fág freagra ar 'Imní go gceilfear ar dhaltaí an deis an Ghaeilge a fhoghlaim faoi chóras nua na ndíolúintí'