Rud ‘annamh’ agus ‘eisceachtúil’ a bheidh i ndíolúine ó staidéar na Gaeilge feasta

Tá na leasuithe atá le déanamh ar chóras dhíolúine na Gaeilge fógartha inniu ag an Aire Oideachais agus i measc na n-athruithe ní bheidh aon ghá feasta le tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine

Rud ‘annamh’ agus ‘eisceachtúil’ a bheidh i ndíolúine ó staidéar na Gaeilge feasta

Rud “annamh” agus “eisceachtúil” a bheidh feasta i ndíolúine ó staidéar na Gaeilge a deir an Roinn Oideachais agus na hathruithe ar an gcóras díolúine fógartha inniu ag an Aire Joe McHugh.

Chomh maith leis sin ní bheidh aon ghá as seo amach le tuairisc shíceolaíochta a chur isteach mar thacú le hiarratas ar dhíolúine ón nGaeilge agus ní úsáidfear feasta tástálacha IQ mar bhonn le díolúine.

Breis is 15 bliain ó thug an Roinn Oideachais le fios go rabhthas chun tús a chur le hathbhreithniú ar dhíolúine na Gaeilge mar ábhar scrúdaithe, tá ciorcláin nua i dtaobh na díolúine le teacht i bhfeidhm i scoileanna na tíre an mhí seo chugainn.

Dúirt McHugh gur fearr na critéir nua ná an seanchóras.

“Creidim go bhfuil na critéir nua cóir agus cothrom agus go bhfuil córas nua na ndíolúintí níos mó chun dáta le cleachtais theagaisc agus go dtacaíonn siad le samhlacha tacaíochta agus go gcuidíonn siad le deireadh a chur leis an débhríocht a bhain le díolúintí,” arsa McHugh.

De réir an chiorcláin leasaithe a scaipfear ar scoileanna sna seachtainí amach romhainn beidh cead díolúine a thabhairt “i gcúinsí ina léirítear deacrachtaí foghlama suntasacha ag scoláirí agus iad leanúnach in ainneoin fáil a bheith acu ar chur chuige difreáilte don fhoghlaim agus don litearthacht thar thréimhse ama”. I gcás mar sin, beidh cead díolúine a thabhairt do dhalta ach é a bheith i rang a dó ar a laghad. Anuas air sin, ní bheadh cead díolúine ag dalta ach amháin sa chás go mbíonn scór caighdeánach ag an 10ú peircintíl nó faoina bhun aige ar thriail scoite i léamh focal nó i léamhthuiscint nó litriú.

Os cionn 11,000 freagra a fuair an Roinn Oideachais ón bpobal faoi cheist dhíolúine na Gaeilge mar chuid den athbhreithniú, an líon is mó freagraí a fuair an Roinn riamh i bpróiseas comhairliúcháin poiblí.

D’admhaigh an Roinn i dtús an phróisis go mbíonn 40% de na díolúintí ón nGaeilge a thugtar do dhaltaí “mícheart” .

Deir an Roinn nach ndéanfar díolúintí ó staidéar na Gaeilge a cheadú do scoláirí feasta “ach i gcúinsí a bhíonn annamh agus eisceachtúil”.

Maidir le deireadh a bheith á chur leis na tuairiscí síceolaíochta, tá sé ina imní gurbh amhlaidh go bhféadfadh an leasú sin ar an gcóras brú níos mó a chur ar scoileanna agus ar phríomhoidí díolúintí a cheadú.

Ar na hathruithe eile atá á ndéanamh, beidh cead díolúine a fháil ag daltaí a fuair a gcuid bunoideachais, go dtí 12 bliain d’aois, sa Tuaisceart nó thar lear agus ag daltaí Éireannacha a d’fhág a dtír dhúchais ar feadh tréimhse trí bliana nó níos faide ach a d’fhill ar an oideachas in Éirinn ina dhiaidh sin agus iad 12 bliain d’aois ar a laghad. Roimhe sin is 11 bliain d’aois a bhí i gceist sa dá chás sin.

De réir an chiorcláin nua a scaipfear ar scoileanna go luath leanfar leis an nós gurb é an príomhoide a dhéanann cinneadh díolúine a cheadú. Cuirfear in iúl do na scoileanna nár chóir glacadh le cinneadh nó go mbíonn “mionphlé le tuismitheoir nó caomhnóir an scoláire, leis na múinteoirí oideachas speisialta agus leis an scoláire”.

Leagtar amach sna ciorcláin leasaithe chomh maith an córas a bheidh ann maidir le hachomharc a dhéanamh ar chinneadh scoile díolúine ón nGaeilge a dhiúltú do dhalta. Bunóidh an tAire Bord um Phróiseas Achomhairc agus tionólfar cruinniú den Bhord um Phróiseas Achomhairc faoi dhó sa bhliain.

Déanfar athbhriethniú ar an gcóras achomhairc sin agus ar an gcóras nua trí chéile tar éis dhá bhliain. 

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh: 

“Ní cóir an cinneadh a dhéanamh go héadrom maidir le díolúine a dheonú ó staidéar na Gaeilge. Cinneadh tábhachtach atá i gceist a mbeidh tionchar aige ar fhoghlaim an fhoghlaimeora sa todhchaí. Tá tuiscint níos fearr á fáil ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas agus le teanga a staidéar ó aois óg agus léiríonn staidéir go gcuidíonn a leithéid le gastacht meabhrach, go mbíonn sé níos éasca dá réir an tríú teanga nó teangacha eile a fhoghlaim agus go gcuidíonn sí le gnóthachtáil acadúil linbh a thacú in ábháir eile, cosúil le Matamaitic.

Cuirfear na ciorcláin nua agus “na miontreoracha” a ghabhann leo ar fáil do scoileanna sna seachtainí amach romhainn agus foilseofar ar shuíomh idirlín na Roinne iad ag tús na scoilbhliana.

Údar buartha ar leith ab ea é do dhaoine atá ag plé leis an ngaeloideachas go raibh “imní” agus “strus” nach bhfuil aon bhonn cliniciúil leo á lua ag an Roinn Oideachais mar argóint i bhfabhar cur le líon na gcúiseanna a gceadaítear díolúine ó staidéar na Gaeilge.

Idir an 7 Meán Fómhair 2018 agus 18 Eanáir 2019, thug 11,109 duine freagra ar an suirbhé a rinne an Roinn mar chuid den phróiseas comhairliúcháin. 

Is i mBéarla a bhí 95% de na haighneachtaí. Tuismitheoirí ab ea  57% de na freagróirí, thug 41% le fios gur múinteoirí iad agus dúirt 17% gur scoláirí iad.

Chuir 24 eagraíocht agus 125 duine aonair aighneachtaí scríofa faoi bhráid na Roinne. Bhain na heagraíochtaí le tuismitheoirí, múinteoirí, bainistíocht scoileanna, ollscoileanna, eagraíochtaí Gaeilge agus eagraíochtaí míchumas agus riachtanas speisialta.

Rinne oifigigh na Roinne cruinnithe a thionól le dhá eagraíocht – Foras na Gaeilge agus Cumann Disléicse na hÉireann chun tuilleadh plé a dhéanamh ar na haighneachtaí.

Agus tús á chur ag an Roinn ag deireadh na bliana seo caite le próiseas comhairliúcháin poiblí faoina bhfuil i ndán do chóras díolúine na Gaeilge, thug siad le fios gur léirigh a gcuid taighde go mbíonn an díolúine a thugtar do bheirt as gach cúigear “mícheart” nó nach mbíonn “dóthain fianaise” ag tacú leis.

Léirigh an t-athbhreithniú a rinneadh ar an gcóras gur minic a bhaintear leas as cineálacha riachtanas oideachais speisialta chun díolúine a fháil nuair nach bhfuil na riachtanais sin aitheanta faoi na rialacha atá  faoi láthair ann.

Aithníodh san athbhreithniú chomh maith go ndéanann go leor scoláirí a bhfuil díolúine ó staidéar na Gaeilge acu staidéar ar theangacha eile agus go mbíonn deacrachtaí móra ag príomhoidí scoile leis an gcóras atá faoi láthair ann a chur i bhfeidhm.

An toradh a bhíonn air sin, ná go mbíonn “éiginnteacht agus easpa comhsheasmhachta” ag baint le ceadú na ndíolúintí agus “uaireanta” go dtugtar díolúintí do dhaltaí “ar bhonn mícheart”.

I scoileanna Béarla amháin a chuirfear na ciorcláin leasaithe i bhfeidhm. Deirtear sna ciorcláin leasaithe nach gá do scoláirí i scoileanna speisialta ná i ranganna speisialta i scoileanna príomhshrutha iarratas a dhéanamh ar dhíolúine.

Fág freagra ar 'Rud ‘annamh’ agus ‘eisceachtúil’ a bheidh i ndíolúine ó staidéar na Gaeilge feasta'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Ní léir liom cá mbeidh siad níos ‘annaimhe agus eisceachtúla’ agus an córas nua seo i bhfeidhm.