Imeacht Leo Varadkar – deis téarnaimh d’Fhine Gael?

Ní haon iontas nach bhfuil rath ar Fhine Gael sna pobalbhreitheanna le tamall, ach an chun leas an pháirtí éirí as Leo Varadkar?

Imeacht Leo Varadkar –  deis téarnaimh d’Fhine Gael?

Tubaiste d’Fhine Gael? Nó téarnamh? An scriosfaidh cinneadh Leo Varadkar eirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael aon seans atá ag an bpáirtí sin filleadh ar bhord an rialtais sa gcéad Dáil eile? Nó an deis atá anseo anois don pháirtí athbhreithniú a dhéanamh ar an treo ina bhfuil siad ag dul agus iarracht a dhéanamh lucht leanúna an pháirtí a neartú arís agus beagán dul chun cinn a dhéanamh.

Ní haon iontas nach bhfuil rath ar Fhine Gael sna pobalbhreitheanna le tamall anois. Tá siad i rialtas leis na déaga de bhlianta agus beidh siad sa tóir ar an gceathrú téarma as a chéile sa gcéad olltoghchán eile. Níl i bhfad ó shin ba dhíol iontais Fine Gael a bheith tofa in athuair i rialtas, go háirithe d’uireasa a leathbhádóirí traidisiúnta ó Pháirtí an Lucht Oibre. Ní minic le haon pháirtí (fiú Fianna Fáil) ceithre thréimhse rialtais a fháil as a chéile, ní áirím nuair a bhí géarchéim airgeadais agus paindéim dhomhanda le sárú.

Cás eisceachtúil eile, ar ndóigh, ab ea an comhaontú muiníne agus soláthair a d’fhág Fianna Fáil ag staonadh an chéad uair go raibh Leo Varadkar ina Thaoiseach. Ansin bhí eisceacht eile againn le linn an dara téarma aige in Oifig an Taoisigh – comhrialtas oifigiúil idir Fianna Fáil agus Fine Gael den chéad uair riamh.

Ní haon iontas, mar sin, go bhfuil Fine Gael ag rá go bhfuil go leor bainte amach ag Leo Varadkar  mar fhear óg sa bpolaitíocht. Is cosúil, mar sin féin, go bhfuil cogarnaíl ar bun le beagnach dhá bhliain anois i measc bhaill an pháirtí chéanna. Léiríonn cúlbhinseoirí imní go minic ag cruinnithe seachtainiúla páirtithe parlaiminte. Tá sin amhlaidh i ngach páirtí.

Ach is cosúil gur shíl go leor i bhFine Gael nach raibh aon dhul chun cinn i ndán d’Fhine Gael faoina stiúir. Ar cuireadh sin in iúl dó? Dúirt leascheannaire an pháirtí, an tAire Fiontar Simon Coveney, nach mbeidh ag seasamh do thoghchán ceannaireachta Fhine Gael, nár cuireadh brú ar Varadkar imeacht ach is deacair a shamhlú nár cuireadh brú de shaghas éigin air. Go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil sé fógartha ag deichniúr Teachtaí Dála de chuid Fhine Gael nach mbeidh siad san iomaíocht sa gcéad olltoghchán eile. Gan trácht ar na torthaí sna reifrinn ag tús na míosa.

An cheist anois agus deireadh ag teacht le ré Varadkar, ná cé a bheidh sásta tabhairt faoi cheannaireacht Fhine Gael agus toghcháin áitiúla, toghcháin Eorpacha agus olltoghchán ag teannadh linn gan mhoill. Ba mhinic cheana le Fine Gael ceannaire a dhíbirt nuair nár éirigh go maith leo i dtoghcháin. An amhlaidh gur bheartaigh Varadkar imeacht sular díbríodh é?

Beidh Fine Gael gafa anois go ceann roinnt seachtainí le toghchán ceannaireachta ach cruthóidh an sceál deacrachtaí don rialtas go léir. Ina dhiaidh sin beidh an té a roghnófar mar cheannaire ar Fhine Gael sin le ceapadh mar Thaoiseach. Bainfidh an toghchán ceannaireachta aird ó obair an rialtais agus tarraingeoidh sé aird ar pháirtí amháin. Ní bheidh ceachtar den dá pháirtí eile ag iarraidh go ndéanfaí neamhaird dóibh féin dtréimhse toghchánaíochta. Cruthóidh sin éiginnteacht agus míshuaimhneas sa rialtas. An dtabharfar dáta an olltoghcháin chun cinn dá réir? Is deacair a shamhlú nach ndéanfadh, cé go ndeir an Tánaiste Micheál Martin gur mian leis féin go rachaidís go ceann scríbe.

Beidh obair mhór le déanamh ag ceannaire nua Fhine Gael má tá an páirtí le déanamh maith go leor i dtoghcháin an Mheithimh. Ansin beidh ar an gceannaire nua aghaidh a thabhairt ar fheachtas olltoghcháin. An mbeidh dóthain foighde ag an bpáirtí deis a thabhairt don chéad cheannaire eile bonn a chur in athuair faoin bpáirtí? Beidh le feiceáil.

Fág freagra ar 'Imeacht Leo Varadkar – deis téarnaimh d’Fhine Gael?'