Iarrtha ar an Rialtas an dáta do thoghchán Údarás na Gaeltachta a athrú

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige go ndéanfar neamhaird ar thoghchán an Údaráis sna meáin má dhéantar é a reáchtáil an lá céanna le toghcháin eile

Iarrtha ar an Rialtas an dáta do thoghchán Údarás na Gaeltachta a athrú

Tá iarrtha ag cumann forbartha Gaeltachta ar an Rialtas gan toghchán Údarás na Gaeltachta a reáchtáil ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha, mar atá beartaithe.

Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige le scríobh chuig Aire na Gaeltachta Catherine Martin agus chuig ceannairí na bpáirtithe sa rialtas ag iarraidh orthu an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta a reáchtáil ar lá as féin chun aird a tharraingt sna meáin ar na dúshláin atá ann do mhuintir na Gaeltachta, cúrsaí tithíochta mar shampla.

Tá sé beartaithe ag an Rialtas toghchán an Údaráis a reáchtáil ar an 7 Meitheamh, an lá céanna a bheidh toghcháin ar siúl do na húdaráis áitiúla agus do Pharlaimint na hEorpa.

Deir Cumann Forbartha Chois Fharraige go ndéanfar neamhaird ar thoghchán an Údaráis sna meáin náisiúnta má dhéantar é a reáchtáil an lá céanna leis na toghcháin eile agus go bhfuil baol ann go mbeidh sé fágtha “in áit na leathphingine” sna meáin áitiúla chomh maith.

“Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige go láidir den tuairim gur fearr go mbeadh toghcháin Údarás na Gaeltachta ar bun astu féin, le go mbeidh aird náisiúnta ar an ngéarchéim teanga agus tithíochta atá sa nGaeltacht le linn an fheachtais toghchánaíochta,” a deirtear i ráiteas.

“Creideann an Cumann Forbartha, má bhíonn toghchán an Údaráis ar an lá céanna leis na toghcháin eile gur beag seans a bheas ag na hiarrthóirí agus ag an bpobal ceisteanna a bhaineann go sonrach leis an nGaeltacht a phléigh ar Raidió na Gaeltachta, agus ní bheadh seans ar bith go bpléifí an Ghaeltacht sna meáin náisiúnta.”

Tá imní léirithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige freisin faoin tionchar a bheidh ag pobal na gceantar Gaeltachta i gcathair na Gaillimhe ar thorthaí an toghcháin má reáchtáiltear é an lá céanna leis na toghcháin eile.

Agus é ag labhairt ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Donncha Ó hÉallaithe, ball den chumann forbartha, go bhfuil an baol ann go gcuirfear an toghchán “as riocht” má bhíonn go leor daoine ó na ceantair laga Ghaeltachta ar imeall na cathrach ag caitheamh vóta i dtoghchán “nach mbaineann leo”.

Dúirt Ó hÉallaithe nach mbíonn an tÚdarás ag feidhmiú i gcathair na Gaillimhe agus go bhféadfadh go bhfágfaí muintir Chonamara agus Oileáin Árann gan ionadaíocht cheart ar bhord an Údaráis má thoghtar iarrthóirí ón gcathair.

Cé go bhfuil sé fógartha ag an Rialtas go bhfuil sé i gceist toghchán an Údaráis a reáchtáil in éineacht leis na toghcháin eile ar an 7 Meitheamh, tá amhras ann an mbainfear an sprioc sin amach agus an reachtaíocht a cheadódh filleadh an toghcháin fós le foilsiú.

Thug Aire na Gaeltachta, Catherine Martin, le fios an tseachtain seo caite gur cheap sí gur ag tús an Aibreáin a bheadh an bille réidh agus go raibh sí fós ag obair ar an mbonn go mbeadh toghchán an Údaráis ar siúl an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, go gcuirfeadh foilsiú an bhille san Aibreán polaiteoirí i dTeach Laighean “faoi bhrú” lena chinntiú go mbeadh an reachtaíocht rite in am chun deis a thabhairt d’iarrthóirí agus don phobal tuiscint a fháil ar an gcóras nua.

Faoin struchtúr nua atá beartaithe do Bhord an Údaráis, 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr díobhsan a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Fág freagra ar 'Iarrtha ar an Rialtas an dáta do thoghchán Údarás na Gaeltachta a athrú'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    Sin ag glacadh leis go mbeidh toghchán do bhord Údarás na Gaeltachta ann ar chor ar bith!