Bille do thoghcháin an Údaráis le foilsiú i dtús an Aibreáin – Aire na Gaeltachta

Agus í ag labhairt sa Dáil inniu, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh obair fós ar bun ar dhréachtú na reachtaíochta

Bille do thoghcháin an Údaráis le foilsiú i dtús an Aibreáin – Aire na Gaeltachta

Foilseofar an bille chun an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais i dtús mhí an Aibreáin, a deir Aire na Gaeltachta.

Agus í ag labhairt sa Dáil ar maidin, dúirt an tAire Catherine Martin go raibh obair fós ar bun ar dhréachtú na reachtaíochta ach gur cheap sí gur ag tús an Aibreáin a bheadh an bille réidh le foilsiú.

Dúirt sí go raibh sí fós ag obair ar an mbonn go mbeadh toghchán an Údaráis ar siúl ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha, an 7 Meitheamh.

Chun go dtarlódh sin bheadh brú mór ann an bille a chur trí Thithe an Oireachtais agus é a achtú. Chaithfí deis a thabhairt d’iarrthóirí iad féin a chur chun cinn do na toghcháin agus eolas a scaipeadh faoin gcóras nua chomh maith.

An Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, a lorg soiléiriú ón Aire Martin maidir le foilsiú na reachtaíochta.

Thug an tAire le fios go raibh plé á dhéanamh go fóill maidir le cén chaoi a gcinnteofaí go mbeadh comhionannas inscne i bhfeidhm ar Bhord an Údaráis agus toghchán le bheith ann. Dúirt sí go raibh moltaí a chuir Coiste Gaeilge an Oireachtais faoina bráid, coiste a bhfuil an Ó Snodaigh ina Chathaoirleach air, á mbreithniú ag oifigigh i Roinn na Gaeltachta agus go raibh “an obair a bhaineann leis an mBille fós ag dul ar aghaidh d’fhonn na toghcháin a reáchtáil i Meitheamh 2024”.

“Díreach mar gheall ar an gceist a chuir an Teachta Ó Snodaigh orm maidir le foilsiú an Bhille, sílim go mbeidh sé sin ag tarlú ag tús mhí Aibreáin,” a dúirt an tAire Martin.

Dúirt an Teachta Ó Snodaigh go gcuirfeadh foilsiú an bhille san Aibreán polaiteoirí i dTeach Laighean “faoi bhrú” lena chinntiú go mbeadh an reachtaíocht rite in am chun deis a thabhairt d’iarrthóirí agus an pobal tuiscint a fháil ar an gcóras nua.

Thagair sé freisin don “éadóchas” a bhí ag teacht ar dhaoine go mbeadh toghcháin Údarás na Gaeltachta ann an samhradh seo.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan ag tús na bliana nach bhféadfadh sé a dhearbhú go mbeadh an toghchán ann mí an Mheithimh mar a bhí beartaithe agus ní raibh bille an Údaráis i measc na bpíosaí reachtaíochta a raibh tús áite á thabhairt ag an Rialtas dóibh.

Tá ráite ag an mbeirt airí sa Roinn le seachtain anuas, áfach, go bhfuil súil acu go mbeidh an toghchán ann mí an Mheithimh.

Faoin struchtúr nua atá beartaithe do Bhord an Údaráis, 16 comhalta a bheidh i gceist, seachas 12 mar atá faoi láthair, agus déanfaidh an pobal deichniúr díobhsan a thoghadh. Roghnófar an seisear eile a bheidh ar an mbord trí chomórtas poiblí.

Fág freagra ar 'Bille do thoghcháin an Údaráis le foilsiú i dtús an Aibreáin – Aire na Gaeltachta'

  • cs

    Comórtas poiblí? Cén sórt comórtas agus cé hiad na moltóirí? Glacfaidh na hairí ról Simon Cowell is dócha agus roghnóidh siad daoine a chosnóidh mianta an Stát, ar eagla na heagla nach mbeadh na hionadaithe a thoghadh fabhrach dóibh