Tá cuireadh á thabhairt ag Údarás na Gaeltachta d’eagraíochtaí agus do ghrúpaí pobail chun pleananna teanga a ullmhú do chúig cheantar Gaeltachta.
Is iad na cúig Limistéar Pleanála Teanga atá fógartha inniu ná Oileáin Árann, Ráth Chairn agus Baile Ghib; Maigh Eo Thuaidh (Ceantar Iorrais); Tuaisceart Dhún na nGall (ceantar Fhánada, Ros Goill agus na Dúnaibh), agus Toraigh.
“Tá tús curtha ag 13 Ceanneagraíocht le hullmhú pleananna teanga i 13 Limistéar Pleanála Teanga faoi láthair. Tá cúig limistéar eile fógraithe anois agus tá an tÚdarás ag lorg iarratais ó eagraíochtaí nó coistí ar suim leo a bheith páirteach sa phróiseas pleanála teanga sna limistéir sin,” a dúirt Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis.
Is é an 20 Samhain 2015 an spriocdháta le hiarratais a chur faoi bhráid an Údaráis agus fógraíodh go mbeidh cruinnithe eolais á n-eagrú sna ceantair sin sna seachtainí amach romhainn.
Fág freagra ar 'Iarratais á lorg le haghaidh cúig Limistéar Pleanála Teanga nua'